Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gaedhil ag Obair
Title
Gaedhil ag Obair
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Márta 19, 1904. Gaedhil ag Obair Tá sé ráidhte, & rádh fíor is eadh é leis, gur beag d'fhíor-náisiúntacht atá ar fagháil leath-smuigh de Chonnradh na Gaedhilge. Tá an obair seo i dtaobh Lae Fhéile Pádraig mar dheimhniughadh againn ar fhírinne an rádh so. Bhfuil éan-dream eile i nÉirinn taobh amuigh de Chonnradh na Gaedhilge a thógfadh ortha féin duadh na ceiste seo? Bhfuil éan-dream eile ann d'oibreóchadh chomh dícheallach 'n-a leith ó bhliadhain go bliadhain? Is uathbhásach é an duadh atá ag baint le gnóthughadh na ceiste seo, mar, ní hamháin i bpríomh-chathair na hÉireann nó ins na bailtibh móra go bhfuil d'fhiachaibh orainn an sgéal a réiteach, acht i ngach paróiste & i ngach sráid-bhaile ar fuid na tíre leis. Ní ag maoidheamh a gníomhartha Connartha na Gaedhilge atáimíd, acht is cóir moladh 'thabhairt do'n té thuilleann é. Nuair a thagann am an ghnó is aoibhinn bheith ag obair i bhfochair Gaedheal. Chíd an gnó leagtha amach rompa. Ní bhíd ag clamhsán ná ag cnáimhseáil. Luighid isteach go calma is go croidheamhail & gan féachaint soir ná siar go dtí go mbeidh deireadh leis. Sin é an cuma ceart. Sin é an cuma a chuirfidh rath ar ghnó, thabhar- faidh chun deagh-chríche é, & a bhuaidhfidh sochar nach fálta da bharr. Sin é an cuma 'n-a bhfuil muinntir Chonnartha na Gaedhilge ag obair ar feadh na seachtmhaine seo, & nuair a bheidh cóirimhthe ar an soláthar seadh chífear feabhas a slighe gnótha. “Tar a éis is eadh chítear gach beart.” Beidh mór-chuid de'n obair déanta sara mbeidh fágháil ar CHLAIDHEAMH na seachtmhaine seo. I dtúis na seacht- mhaine seadh badh chóir an chuid is tairbhighe de'n obair a dhéanamh, fág- tar na bóithríní go dtí go mbeidh na bóithre móra glan. Tá súil againn ná fuil paróiste i nÉirinn ná déan- far innti bailiughadh éigin, pé beag mór é. Níl éan-ait ar ár n-eólas-sa ná fuil daoine 'n-a gcomhnuidhe ann do thabharfadh uatha go fonnmhar do réir a ngustáil acht iarraidh ortha. Ní dócha go bhfuil gábhadh le muinntir Chonnartha na Gaedhilge a bhrostughadh a thuilleadh chun an ghnó so a dhéanamh. Tá fhios dá thaobh a sgéil aca go maith cheana féin, & is fearr a ghríosóghaidh soin iad na dá mbeifidhe ag tathant ortha go lá an Luain. Dá bhrígh sin, a mhuinntir na Gaedhilge & de bhrígh go bhfuil slighe achrannach do-shiubhalta romhainn, táimíd i ndóchas go ndéan- faidh gach einne a chion féin i rith na coda eile de'n tseachtmhain seo na Gaedhilge & go bhfuighidh an Connradh dá bharr an oiread lón cogaidh is do choimeádfaidh é ar siubhal go buacach ag déanamh maitheas dúinn féin is dár dtír dhúthchais go ceann bliadhna eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services