An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Márta 19, 1904.
Gaedhil ag Obair
Tá sé ráidhte, & rádh fíor is eadh é
leis, gur beag d'fhíor-náisiúntacht atá
ar fagháil leath-smuigh de Chonnradh na
Gaedhilge. Tá an obair seo i dtaobh
Lae Fhéile Pádraig mar dheimhniughadh
againn ar fhírinne an rádh so. Bhfuil
éan-dream eile i nÉirinn taobh amuigh
de Chonnradh na Gaedhilge a thógfadh
ortha féin duadh na ceiste seo?
Bhfuil éan-dream eile ann d'oibreóchadh
chomh dícheallach 'n-a leith ó bhliadhain
go bliadhain? Is uathbhásach é an duadh
atá ag baint le gnóthughadh na ceiste
seo, mar, ní hamháin i bpríomh-chathair
na hÉireann nó ins na bailtibh móra
go bhfuil d'fhiachaibh orainn an sgéal a
réiteach, acht i ngach paróiste & i ngach
sráid-bhaile ar fuid na tíre leis. Ní
ag maoidheamh a gníomhartha Connartha
na Gaedhilge atáimíd, acht is cóir
moladh 'thabhairt do'n té thuilleann é.
Nuair a thagann am an ghnó is
aoibhinn bheith ag obair i bhfochair
Gaedheal. Chíd an gnó leagtha amach
rompa. Ní bhíd ag clamhsán ná ag
cnáimhseáil. Luighid isteach go calma
is go croidheamhail & gan féachaint
soir ná siar go dtí go mbeidh deireadh
leis. Sin é an cuma ceart. Sin é
an cuma a chuirfidh rath ar ghnó, thabhar-
faidh chun deagh-chríche é, & a bhuaidhfidh
sochar nach fálta da bharr. Sin é an
cuma 'n-a bhfuil muinntir Chonnartha
na Gaedhilge ag obair ar feadh na
seachtmhaine seo, & nuair a bheidh
cóirimhthe ar an soláthar seadh chífear
feabhas a slighe gnótha. “Tar a éis is
eadh chítear gach beart.”
Beidh mór-chuid de'n obair déanta
sara mbeidh fágháil ar CHLAIDHEAMH na
seachtmhaine seo. I dtúis na seacht-
mhaine seadh badh chóir an chuid is
tairbhighe de'n obair a dhéanamh, fág-
tar na bóithríní go dtí go mbeidh na
bóithre móra glan. Tá súil againn
ná fuil paróiste i nÉirinn ná déan-
far innti bailiughadh éigin, pé beag
mór é. Níl éan-ait ar ár n-eólas-sa
ná fuil daoine 'n-a gcomhnuidhe ann
do thabharfadh uatha go fonnmhar do
réir a ngustáil acht iarraidh ortha. Ní
dócha go bhfuil gábhadh le muinntir
Chonnartha na Gaedhilge a bhrostughadh
a thuilleadh chun an ghnó so a dhéanamh.
Tá fhios dá thaobh a sgéil aca go maith
cheana féin, & is fearr a ghríosóghaidh
soin iad na dá mbeifidhe ag tathant
ortha go lá an Luain. Dá bhrígh sin, a
mhuinntir na Gaedhilge & de bhrígh go
bhfuil slighe achrannach do-shiubhalta
romhainn, táimíd i ndóchas go ndéan-
faidh gach einne a chion féin i rith na
coda eile de'n tseachtmhain seo na
Gaedhilge & go bhfuighidh an Connradh
dá bharr an oiread lón cogaidh is do
choimeádfaidh é ar siubhal go buacach
ag déanamh maitheas dúinn féin is dár
dtír dhúthchais go ceann bliadhna eile.