Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ár nDualgas
Title
Ár nDualgas
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Márta 12, 1904. Ár nDualgas Is í an tseachtmhain seo chughainn Seachtmhain na Gaedhilge. Is í an tseachtmhain atá leagtha amach ag Connradh na Gaedhilge i gcomhair lón cogaidh a bhailiughadh. Ní fhéadfadh an Connradh maireachtain gan an lón so d'fhágháil. Caidé an rud é an lón so? Airgead. Tá Connradh na Gaedhilge ag iarraidh éin-tseachtmhain amháin san mbliadhain ar a laighead a dhéanamh Gaedhealach ar fuid na hÉireann. Táid dhá iarraidh ar mhuinntir na hÉireann an oiread airgid a thabhairt dóibh i rith na seachtmhaine seo is do chothóchaidh go ceann bliadhna iad. Táid ag braith ar charthannacht Gaedheal na hÉireann. Ní dócha go meallfar iad. Acht caidé an teideal atá ag Conn- radh na Gaedhilge chun an t-airgead seo do lorg? Caidé an t-ughdarás atá aca chun cáin a leagadh ar mhuinntir na hÉireann? Tá teideal & ughdarás aca san obair atá déanta aca cheana féin, san obair atá ghá dhéanamh aca fá láthair, & san obair atá rómpa le déanamh. Is leór soin mar teideal agus mar ughdarás dóibh. Éinne adeir nach leór, deirimíd leis go ndearna sé bréag. Tá obair mhaith fóghanta déanta ag Connradh na Gaedhilge ar bheagán stóir. Dá bhfuighidís oiread is do theastóchadh uatha, b'fhuirist dóibh níos mó oibre & níos mó maitheasa a dhéanamh. Tá a fhios againn go dtabhar-
faidh muinntir na hÉireann an chaoth- amhlacht dóibh. Ní gábhadh dhúinn trácht ar na mór- mhaitheasaibh atá déanta ag Connradh na Gaedhilge i gcomhair teangan is náisiúntacht is déantúisí na hÉireann. Muna mbeadh an Connradh caidé an bhail a bheadh ar theangain na hÉireann? Caidé an trácht a bheadh uirthi? Cá bhfuighfidhe leabhair Ghaedhilge? Muna mbeadh Connradh na Gaedhilge caidé an meas a bheadh ar fhíor-náisiúntacht? Tá trácht mór ar dhéantúisíbh na hÉireann anois. Cia déarfaidh ná raibh baint ag Connradh na Gaedhilge leis sin go léir? Agus féach an congnamh atá dhá thabhairt ag muinntir Chonnartha na Gaedhilge do cheól & do chleasaibh lúith na hÉireann. Do thosnuigh an Connradh i n-uraidh ar iarracht a dhéanamh ar lá saoire i ndáríribh a dhéanamh de Lá Fhéile Pádraig. D'éirigh leó nach mór. Tá iarracht eile a thabhairt aca i mbliadhna, iarracht níosa láidre & níosa chumhach- taighe, & nuair a bheidh Lá Féile Pád- raig curtha dhínn againn 'seadh chífear toradh a shaothair. Tá gach éinne ar ár dtaobh, acht amháin eachtrannaigh & cuid de'n treibh seo do thuilleann a mbeatha de bharr “sughlach an ghráin- ne” a dhíol. Is beag orainn clis & goití na ndaoine seo. Beidh Lá Fhéile Aspuil na nGaedheal 'n-a lá saoire ceart againn dá n-indeóin. Bheirimíd slán fútha, mar tá an ceart ar ár dtaobh. Sin cuid de'n obair atá déanta is atá dá déanamh ag Connradh na Gaedhilge. Tá an Connradh i ndóchas go gcabhróchfar leis i rith Seachtmhaine na Gaedhilge ar chuma go bhféadfaidh sé breis maitheasa a dhéanamh i gcaith- eamh na bliadhna so chughainn. Ní baoghal go gcaillfear ar an dochas soin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services