Corpas Stairiúil na Gaeilge
1600 - 1926

Ár nDualgas

Teideal
Ár nDualgas
Údar
Ní fios,
Dáta cumtha
1904
Foilsitheoir
An Claidheamh Soluis

Cuardaigh Téacsanna

Prós/Filíocht
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Márta 12, 1904.



Ár nDualgas



Is í an tseachtmhain seo chughainn
Seachtmhain na Gaedhilge. Is í an
tseachtmhain atá leagtha amach ag
Connradh na Gaedhilge i gcomhair lón
cogaidh a bhailiughadh. Ní fhéadfadh an
Connradh maireachtain gan an lón so
d'fhágháil. Caidé an rud é an lón so?
Airgead. Tá Connradh na Gaedhilge
ag iarraidh éin-tseachtmhain amháin san
mbliadhain ar a laighead a dhéanamh
Gaedhealach ar fuid na hÉireann.
Táid dhá iarraidh ar mhuinntir na
hÉireann an oiread airgid a thabhairt
dóibh i rith na seachtmhaine seo is do
chothóchaidh go ceann bliadhna iad.
Táid ag braith ar charthannacht Gaedheal
na hÉireann. Ní dócha go meallfar
iad.



Acht caidé an teideal atá ag Conn-
radh na Gaedhilge chun an t-airgead seo
do lorg? Caidé an t-ughdarás atá
aca chun cáin a leagadh ar mhuinntir
na hÉireann? Tá teideal & ughdarás
aca san obair atá déanta aca cheana
féin, san obair atá ghá dhéanamh aca fá
láthair, & san obair atá rómpa le
déanamh. Is leór soin mar teideal
agus mar ughdarás dóibh. Éinne adeir
nach leór, deirimíd leis go ndearna
sé bréag. Tá obair mhaith fóghanta
déanta ag Connradh na Gaedhilge ar
bheagán stóir. Dá bhfuighidís oiread
is do theastóchadh uatha, b'fhuirist dóibh
níos mó oibre & níos mó maitheasa a
dhéanamh. Tá a fhios againn go dtabhar-


L. 7


faidh muinntir na hÉireann an chaoth-
amhlacht dóibh.



Ní gábhadh dhúinn trácht ar na mór-
mhaitheasaibh atá déanta ag Connradh
na Gaedhilge i gcomhair teangan is
náisiúntacht is déantúisí na hÉireann.
Muna mbeadh an Connradh caidé an
bhail a bheadh ar theangain na hÉireann?
Caidé an trácht a bheadh uirthi? Cá
bhfuighfidhe leabhair Ghaedhilge? Muna
mbeadh Connradh na Gaedhilge caidé
an meas a bheadh ar fhíor-náisiúntacht?
Tá trácht mór ar dhéantúisíbh na
hÉireann anois. Cia déarfaidh ná
raibh baint ag Connradh na Gaedhilge
leis sin go léir? Agus féach an
congnamh atá dhá thabhairt ag muinntir
Chonnartha na Gaedhilge do cheól & do
chleasaibh lúith na hÉireann.



Do thosnuigh an Connradh i n-uraidh
ar iarracht a dhéanamh ar lá saoire i
ndáríribh a dhéanamh de Lá Fhéile
Pádraig. D'éirigh leó nach mór. Tá
iarracht eile a thabhairt aca i mbliadhna,
iarracht níosa láidre & níosa chumhach-
taighe, & nuair a bheidh Lá Féile Pád-
raig curtha dhínn againn 'seadh chífear
toradh a shaothair. Tá gach éinne ar ár
dtaobh, acht amháin eachtrannaigh & cuid
de'n treibh seo do thuilleann a
mbeatha de bharr “sughlach an ghráin-
ne” a dhíol. Is beag orainn clis &
goití na ndaoine seo. Beidh Lá Fhéile
Aspuil na nGaedheal 'n-a lá saoire
ceart againn dá n-indeóin. Bheirimíd
slán fútha, mar tá an ceart ar ár
dtaobh.



Sin cuid de'n obair atá déanta
is atá dá déanamh ag Connradh na
Gaedhilge. Tá an Connradh i ndóchas
go gcabhróchfar leis i rith Seachtmhaine
na Gaedhilge ar chuma go bhféadfaidh
sé breis maitheasa a dhéanamh i gcaith-
eamh na bliadhna so chughainn. Ní
baoghal go gcaillfear ar an dochas
soin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Website developed by Niall O'Leary Services