Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Baramhail an tSeóinín
Title
Baramhail an tSeóinín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
<N CS1904_03_05_04> <L 04> <B 1904> <C Prós> <M 8> <T An Claidheamh Soluis> <U Ní fios> <F An Claidheamh Soluis> An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Márta 05, 1904. Baramhail an tSeóinín Sin bliadhain istigh againn an tseachtmhain seo ar an gCLAIDHEAMH. Tugadh buillí maithe ar aghaidh ar son na teangadh i rith na bliadhna, acht is fearr breathnughadh romhat ná dhá bhreathnughadh 'do dhiaidh, & dhá brígh sin, féach- aimís romhainn. Is forusta aithne ó'n comhrádh & ó'n gcais- mirt atá ar siubhal ó am go ham go bhfuil na neamh-Ghaedhil & na náimhde ag éirghe faitcheach. Tá siad ag tuilleachtáil i n-a gcloignibh anois, do réir a chéile gur connradh é, connradh so na teangadh a sguabfas gach uile nidh roimhe leis an aimsir. Briseann an binbh amach ionnta annsin nuair fheiceas siad chomh teann & tá an Gaedheal. Tá cuid eile aca so adeireas: — “Ná bac leó; níl uatha acht rinnce & damhsa & ceól & greann; nach bhfeicim cuid aca nach gcaitheadh uair a chluig ag foghluim Gaedhilge dá dtugtá póg dá gcois as 'ucht. Ní feicfidhe iad-san i gcraoibh muna mbeadh an greann & nuair a chasfar an rotha & thiocfas sé sa saoghail arís a bheith Gallda, béidh cuid de na connrathóiribh mugadh magadh so i n-a seóinínibh chomh Gallda liom-sa. Anois féin is úr-sgéalta Béarla atá siad a léigheamh & nuair a rachas siad isteach i rang Gaedhilge uair sa tseachtmhain, de ghrádh an chomhluadair nó ó thárla gurab é an faision é, níl fhios aca leis an dara focal Gaedhilge, 'chur i ndiaidh a chéile, ná suim ar bith aca innti.” Níl duine a ghreamuigheas go dlúth go craoibh nach ndéarfaidh go bhfuil cuid de'n fhírinne sa méid sin, & ní i n-áit é acht i n-a n-iomad áit. Tá daoine ann a bhíos ag sméaracht tré cupla focailín Gaedhilge & gan éan-tuigsint aca air acht an oiread le cúl do chinn; easacht dóibh uair nó leath-uair sa ló a chaitheamh leis, & fír a chur ionnta féin. Seinneadh uachtaráin & leas-uachtaráin na gcraobh an port soin go mion & go minic ar feadh na bliadhna so chugainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services