Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Baramhail an tSeóinín

Title
Baramhail an tSeóinín
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Márta 05, 1904.



Baramhail an tSeóinín



Sin bliadhain istigh againn an tseachtmhain
seo ar an gCLAIDHEAMH. Tugadh buillí maithe
ar aghaidh ar son na teangadh i rith na bliadhna,
acht is fearr breathnughadh romhat ná dhá
bhreathnughadh 'do dhiaidh, & dhá brígh sin, féach-
aimís romhainn.



Is forusta aithne ó'n comhrádh & ó'n gcais-
mirt atá ar siubhal ó am go ham go bhfuil na
neamh-Ghaedhil & na náimhde ag éirghe faitcheach.
Tá siad ag tuilleachtáil i n-a gcloignibh anois,
do réir a chéile gur connradh é, connradh so
na teangadh a sguabfas gach uile nidh roimhe
leis an aimsir. Briseann an binbh amach
ionnta annsin nuair fheiceas siad chomh teann
& tá an Gaedheal. Tá cuid eile aca so
adeireas: — “Ná bac leó; níl uatha acht
rinnce & damhsa & ceól & greann; nach bhfeicim
cuid aca nach gcaitheadh uair a chluig ag
foghluim Gaedhilge dá dtugtá póg dá gcois
as 'ucht. Ní feicfidhe iad-san i gcraoibh muna
mbeadh an greann & nuair a chasfar an rotha
& thiocfas sé sa saoghail arís a bheith Gallda,
béidh cuid de na connrathóiribh mugadh magadh
so i n-a seóinínibh chomh Gallda liom-sa.
Anois féin is úr-sgéalta Béarla atá siad a
léigheamh & nuair a rachas siad isteach i rang
Gaedhilge uair sa tseachtmhain, de ghrádh an
chomhluadair nó ó thárla gurab é an faision
é, níl fhios aca leis an dara focal Gaedhilge,
'chur i ndiaidh a chéile, ná suim ar bith aca
innti.”



Níl duine a ghreamuigheas go dlúth go craoibh
nach ndéarfaidh go bhfuil cuid de'n fhírinne sa
méid sin, & ní i n-áit é acht i n-a n-iomad áit.
Tá daoine ann a bhíos ag sméaracht tré cupla
focailín Gaedhilge & gan éan-tuigsint aca air
acht an oiread le cúl do chinn; easacht dóibh
uair nó leath-uair sa ló a chaitheamh leis, & fír
a chur ionnta féin.



Seinneadh uachtaráin & leas-uachtaráin na
gcraobh an port soin go mion & go minic ar
feadh na bliadhna so chugainn.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services