Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oibreacha na hÉireann
Title
Oibreacha na hÉireann
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Feabhra 27, 1904. Oibreacha na hÉireann Bhí oibreacha ag dul ar aghaidh go maith i nÉirinn, céad bliadhain ó shoin. Bhí tráchtáil mhór thart le cladachaibh na hÉireann & anonn go dtí an Fhrainnc. Chuir dlighthe Shasana na hoibreacha & an tráchtáil ar gcúl cidh gur shea- sadar cúrsa tamall maith i gan-fhios do'n dlighe. Ní raibh an dlighe éagcórach sin chomh dian ar shaothar ar bith is bhí sé ar oibreachaibh olna. Acht is maith an chosamhlacht ar an saoghal gurab iad na hoibreacha olna is fearr atá ag borradh suas anois arís ar fud na tíre. Is maith an chosamhlacht freisin go mbeadh trácht ar oibreachaibh a chur ar aghaidh i nÉirinn an tráth a bhfuil gach uile ghothadh go bhfuil saothar Shasana ag dul ar gcúl. Ní raibh na Gaedhil chomh dóchasach riamh & táid fá láthair go bhfuil rath & séan do'n tír seo dhá dtionnsgailt. Acht is léar do na Sasanachaibh anois go bhfuil seadh a dtíre tugtha, & go mbéidh sí ag meath feasta, & ag dul do léig. Sin cóir Dé, & níl amhras ar bith nach é “Comhar na gComharsan” é, acht chomh maith. Tá tosach chomh maith sin déanta ar oibreach- aibh a chur ar aghaidh i nÉirinn & go bhfuil cainnt ar theasbáineadh mór d'earraidhibh na hÉireann a bheith i mBaile Átha Cliath an bhliadhain seo chugainn. Níl amhras ar bith nach bhfoghnóchadh sé do'n tír lucht déanta earradh a chur ag iomaidheacht le chéile os comhair fear Fáil, ag féachaint cia aca is fearr a chuirfeadh snas & slacht ar an obair. Ní hobair fhánach, fhail- ligheach a dhéanfas éadáil do'n tír, acht obair a gcaithfear dlúthas & dúthracht léithí ag iar- raidh feabhas a chur uirri. Béidh misneach ag lucht déanta earradh dlúthas & dúthracht a chaitheamh le n-a gcuid oibre nuair a bhéas creideamhaint ag dul dóibh aisti, & luach- saothair le fagháil aca dhá barr. Béidh slighe aca siúntas an oireachtais a tharraing ortha féin, & fágfaidh sé sin trácht ar a gcuid oibre arís, & misneach aca le dhá dtrian feabhais a chur ar a gcuid saothair an chéad uair eile. Meabhróchar freisin do dhaoinibh a bhfuil airgead le caitheamh aca gur córa dhóibh cuidiughadh leis an muinntir atá ag tabhairt slighe tógtha do'n tír i bhfarras a bheith ag cur an airgid as an tír ag ceannach staifíní Gallda. Acht tá alpaírí eile ann, & ní léar dhóibh go bhfuil maith ar bith do'n tír sa taisbeáineadh acht gach a bhféadfaidh siad féin a bhailiughadh de phighinneachaibh as. B'fhearr le lucht ósdaí Bhaile Átha Cliath na coigcríghigh & a gcuid earradh a tharraing isteach ag an taisbeáin- eadh de ghrádh baileachtáil a bheith aca féin dá mbarr. Badh cuma leó céard a dhéanfadh an chuid eile de'n tír, acht amháin beagán a bheith aca dóibh fein. “Tugtar isteach earraidhe na cruinne,” ar siad-san, “& annsin béidh slighe ag muinntir na tíre seo le aithris a dhéanamh ortha.” Thosnuigheadar ag téisglim le tais- beáineadh d'earraidhibh coigcrigheacha a chur ar bun i mbaile Átha Cliath. Nuair a d'airigh Connradh na Gaedhilge ag téisglim iad, chuir- eadar suas de na hearraidhibh Gallda ar an bpoinnte boise. “Ní beag linn,” ar siad- san, “a bhfuil d'earraidhibh Gallda ag teacht isteach chum na tíre seo cheana, gan slighe a thabhairt do na coigcrigheachaibh tuilleadh a chur isteach. Bhí saothar na hÉireann ag dul d'éag gur thosuigh Connradh na Gaedhilge dhá aith- bheóchan. Is ar shaothar na hÉireann is mian linne aghaidh an tsluaigh a tharraing, & ní ar staifínibh Gallda as tíorthaibh eile.” 'Sé ár mbaramhail-ne gur ag Connradh na Gaedhilge atá an ceart, & nach ag an dream eile.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services