An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Feabhra 27, 1904.
Oibreacha na hÉireann
Bhí oibreacha ag dul ar aghaidh go maith i
nÉirinn, céad bliadhain ó shoin. Bhí tráchtáil
mhór thart le cladachaibh na hÉireann & anonn
go dtí an Fhrainnc. Chuir dlighthe Shasana na
hoibreacha & an tráchtáil ar gcúl cidh gur shea-
sadar cúrsa tamall maith i gan-fhios do'n
dlighe. Ní raibh an dlighe éagcórach sin chomh
dian ar shaothar ar bith is bhí sé ar oibreachaibh
olna. Acht is maith an chosamhlacht ar an saoghal
gurab iad na hoibreacha olna is fearr atá ag
borradh suas anois arís ar fud na tíre. Is
maith an chosamhlacht freisin go mbeadh trácht
ar oibreachaibh a chur ar aghaidh i nÉirinn an
tráth a bhfuil gach uile ghothadh go bhfuil saothar
Shasana ag dul ar gcúl. Ní raibh na Gaedhil
chomh dóchasach riamh & táid fá láthair go bhfuil
rath & séan do'n tír seo dhá dtionnsgailt.
Acht is léar do na Sasanachaibh anois go bhfuil
seadh a dtíre tugtha, & go mbéidh sí ag meath
feasta, & ag dul do léig. Sin cóir Dé, & níl
amhras ar bith nach é “Comhar na gComharsan”
é, acht chomh maith.
Tá tosach chomh maith sin déanta ar oibreach-
aibh a chur ar aghaidh i nÉirinn & go bhfuil cainnt
ar theasbáineadh mór d'earraidhibh na hÉireann
a bheith i mBaile Átha Cliath an bhliadhain seo
chugainn. Níl amhras ar bith nach bhfoghnóchadh
sé do'n tír lucht déanta earradh a chur ag
iomaidheacht le chéile os comhair fear Fáil, ag
féachaint cia aca is fearr a chuirfeadh snas &
slacht ar an obair. Ní hobair fhánach, fhail-
ligheach a dhéanfas éadáil do'n tír, acht obair
a gcaithfear dlúthas & dúthracht léithí ag iar-
raidh feabhas a chur uirri. Béidh misneach ag
lucht déanta earradh dlúthas & dúthracht a
chaitheamh le n-a gcuid oibre nuair a bhéas
creideamhaint ag dul dóibh aisti, & luach-
saothair le fagháil aca dhá barr. Béidh slighe
aca siúntas an oireachtais a tharraing ortha
féin, & fágfaidh sé sin trácht ar a gcuid
oibre arís, & misneach aca le dhá dtrian
feabhais a chur ar a gcuid saothair an chéad
uair eile. Meabhróchar freisin do dhaoinibh a
bhfuil airgead le caitheamh aca gur córa dhóibh
cuidiughadh leis an muinntir atá ag tabhairt
slighe tógtha do'n tír i bhfarras a bheith ag cur
an airgid as an tír ag ceannach staifíní
Gallda.
Acht tá alpaírí eile ann, & ní léar dhóibh go
bhfuil maith ar bith do'n tír sa taisbeáineadh
acht gach a bhféadfaidh siad féin a bhailiughadh
de phighinneachaibh as. B'fhearr le lucht ósdaí
Bhaile Átha Cliath na coigcríghigh & a gcuid
earradh a tharraing isteach ag an taisbeáin-
eadh de ghrádh baileachtáil a bheith aca féin dá
mbarr. Badh cuma leó céard a dhéanfadh an
chuid eile de'n tír, acht amháin beagán a bheith
aca dóibh fein. “Tugtar isteach earraidhe na
cruinne,” ar siad-san, “& annsin béidh slighe
ag muinntir na tíre seo le aithris a dhéanamh
ortha.” Thosnuigheadar ag téisglim le tais-
beáineadh d'earraidhibh coigcrigheacha a chur ar
bun i mbaile Átha Cliath. Nuair a d'airigh
Connradh na Gaedhilge ag téisglim iad, chuir-
eadar suas de na hearraidhibh Gallda ar an
bpoinnte boise. “Ní beag linn,” ar siad-
san, “a bhfuil d'earraidhibh Gallda ag teacht
isteach chum na tíre seo cheana, gan slighe a
thabhairt do na coigcrigheachaibh tuilleadh a chur
isteach. Bhí saothar na hÉireann ag dul d'éag
gur thosuigh Connradh na Gaedhilge dhá aith-
bheóchan. Is ar shaothar na hÉireann is mian
linne aghaidh an tsluaigh a tharraing, & ní ar
staifínibh Gallda as tíorthaibh eile.” 'Sé ár
mbaramhail-ne gur ag Connradh na Gaedhilge
atá an ceart, & nach ag an dream eile.