Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dá Theangaidh
Title
An Dá Theangaidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Feabhra 13, 1904. An Dá Theangaidh. Níor cheart go mbeadh an oiread dailleachta ann fá cheist oideachais an dá theangaidh anois & bhí roimhe seo. Acht mar sin féin, ní misde beagán beag a labhairt uirri. Nuair a labhras duine ar oideachas dhá theangaidh, ní hé suaghadh na dteangacha thrí n-a chéile atá i n-a cheann aige, acht gach aon teanga do thuigsint ionnus go mbeadh ceachtar aca aige le n-a ghnó a dhéanamh léi do réir mar bheadh sé ag teastáil uaidh. Caith- fear gach aon teanga a thuigsint ar a haghaidh féin, & is mór an rud é sin — nó b'fhéidir go mbadh chirte a rádh, sin é an sgéal ar fad. Níl éinneach ag pléidh leis an nGaedhilg, nach gcuala daoine ó am go ham, múinteóirí & mic léighinn mar a chéile, ag aistriughadh glan díreach ó theangaidh aca go dtí an ceann eile, & ag milleadh na Gaedhilge nó ag milleadh an Bhéarla. Cér chás sin féin, acht curtar an cineál so teangadh isteach i leabhar & sin é an donas ar fad ag an té léigheas an leabhar. Ní dhéanfaidh sé cúis go deó aistriughadh a dhéanamh ar aghaidh. Caithfear an Ghaedhilg a thuigsint, & caithfear an Béarla a thuigsint. Má mhaireann do'n aistriughadh marbhóchaidh sé croidhe ár gcuid saothair. Sna ceanntaraibh Gaedhealacha, mar a bhfuil sé d'oibliogaid an dá theangaidh bheith ar siubhal, ní fuláir do na múinteóiríbh a thuigsint go hiomlán & sár-fhios a bheith aca goidé an chiall atá leis an gceist seo. Is deas an obair í oideachais dhá theangaidh a mhúnadh, & ní hé gach aon duine — & tuigeadh sé an cheist freisin — a d'fhéadfadh í dhéanamh mar is ceart. Acht 'n-a dheidh sin & uile caithfear an t-oideachas a thabhairt san dá theangaidh. Is é an príomh-rud atá ag múinteóiríbh le coinneál os comhair a súl gurab é an riachtanas atá orra an Bhéarla a mhúnadh i n-a cheart féin do'n té tá ar a thóir, & an Ghaedhilg a mhúnadh go glan mar tá sí ag na Gaedhilgeóiríbh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services