An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Feabhra 13, 1904.
An Dá Theangaidh.
Níor cheart go mbeadh an oiread dailleachta
ann fá cheist oideachais an dá theangaidh
anois & bhí roimhe seo. Acht mar sin féin, ní
misde beagán beag a labhairt uirri.
Nuair a labhras duine ar oideachas dhá
theangaidh, ní hé suaghadh na dteangacha thrí n-a
chéile atá i n-a cheann aige, acht gach aon
teanga do thuigsint ionnus go mbeadh
ceachtar aca aige le n-a ghnó a dhéanamh léi do
réir mar bheadh sé ag teastáil uaidh. Caith-
fear gach aon teanga a thuigsint ar a haghaidh
féin, & is mór an rud é sin — nó b'fhéidir go
mbadh chirte a rádh, sin é an sgéal ar fad.
Níl éinneach ag pléidh leis an nGaedhilg, nach
gcuala daoine ó am go ham, múinteóirí &
mic léighinn mar a chéile, ag aistriughadh glan
díreach ó theangaidh aca go dtí an ceann eile,
& ag milleadh na Gaedhilge nó ag milleadh an
Bhéarla. Cér chás sin féin, acht curtar an
cineál so teangadh isteach i leabhar & sin é an
donas ar fad ag an té léigheas an leabhar.
Ní dhéanfaidh sé cúis go deó aistriughadh a
dhéanamh ar aghaidh. Caithfear an Ghaedhilg a
thuigsint, & caithfear an Béarla a thuigsint.
Má mhaireann do'n aistriughadh marbhóchaidh sé
croidhe ár gcuid saothair.
Sna ceanntaraibh Gaedhealacha, mar a bhfuil
sé d'oibliogaid an dá theangaidh bheith ar
siubhal, ní fuláir do na múinteóiríbh a thuigsint
go hiomlán & sár-fhios a bheith aca goidé an
chiall atá leis an gceist seo. Is deas an
obair í oideachais dhá theangaidh a mhúnadh, & ní
hé gach aon duine — & tuigeadh sé an cheist
freisin — a d'fhéadfadh í dhéanamh mar is ceart.
Acht 'n-a dheidh sin & uile caithfear an
t-oideachas a thabhairt san dá theangaidh. Is é
an príomh-rud atá ag múinteóiríbh le coinneál
os comhair a súl gurab é an riachtanas atá
orra an Bhéarla a mhúnadh i n-a cheart féin do'n
té tá ar a thóir, & an Ghaedhilg a mhúnadh go
glan mar tá sí ag na Gaedhilgeóiríbh.