Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Árd-Oideachas i nÉirinn
Title
Árd-Oideachas i nÉirinn
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Feabhra 06, 1904. Árd-Oideachas i nÉirinn Is mór an bailiughadh daoine bhí ag teach an Árd-Mhaoir i mBaile Átha Cliath, Dia hAoine seo d'imthigh tharainn, de dhaoinibh a chuir suim i nÁrd-oideachas i nÉirinn. Labhair an tÁrd-Easbog & cúigear nó seisear eile & chruthuigheadar eatorra nach bhfuil an Riaghaltas ag caitheamh comhthrom le muinntir na tíre seo an lá a bhfuil siad ag cliseadh gan slighe árd-oideachais de réir a dtola féin a thabhairt dóibh. Ní i bhfad a bhí le dhul aca nó go raibh an méid sin cruthuighthe aca, cé go bhfuil an t-árd-cheann atá ar an Riaghaltas toilteannach ar árd-oideachas fhágháil fá na daoinibh féin. Níl tír sa domhan a bhfuil rath léithi nach bhfuil neart & fuighleach oideachais le fágháil innti ag an té bhfuil spéis aige ann. Tá tús an oideachais, an oideachas meadhon & árd- oideachas dhá gcaitheamh le na daoinibh ann. Níl baile mór sa nGearmáine gan a oll- sgoil; tá oll-sgolanna sáthach fairsing sa bhFrainnc, san Eadáil & i dtíorthaibh eile ar Mhóir Roinn na hEorpa. Thall i nAeriocá, is beag leó a gcaithfidh siad ar oideachas. Tá a shliocht ar na tíorthaibh seo. Dá fhusa oideachas fhagháil sa tír is amhlaidh, is glioca & is beachtaighthe, is amhlaidh is aibidhe & is rathamhla atá na daoine. Dá mbeadh ciall ag lucht an Riaghaltais i Sasana, bhéarfaidís cead do dhaoinibh an t-oideachas is fearr & is áirde fá'n ngréin fhághail dóibh féin i nÉirinn dá mb'fheidir é. Ní fhágfaidís cúige againn gan oll-sgoil a chur ar bun ann, & nuair a bheadh sin déanta bhreathnóchaidís i n-a dtimcheall ag cuartughadh cathair i n-aon áit eile ar a mbeadh easbaidh oll-sgoile. Acht is cuma cé mhéad oll-sgoil ná cé mhéad fó-sgoil ná coláisde a chuirfeas siad ar bun ní fuláir dhóibh cuimhniughadh gur oideachas Gaedhealach atá uainn anois feasta. Ní oideachas gallda a dhéanfas cúis dúinn anois, & tá sé cruthuighthe ag Connradh na Gaedhilge, faoi seo, ní hé amháin gur fearrde an tír é oideachas & croidhe & teanga Ghaedhealach a bheith againn, acht nach mbéidh rath ná rathamhnas ná slacht orainn gan iad. Ní mór dhó é 'bheith i n-a cheann & i n-a chroidhe ag gach uile mhac léighinn dá bhfásaidh suas feasta gurab í seo tír na hÉireann. Ní mhór dhó iarracht a dhéanamh i gcomhnaidhe feasta ársaidheacht na hÉireann a bheith ar eólas aige, & fíor-spioraid na Gaedhealtachta bheith ag rith tre n-a shaoghal ar sgoil & ar oll-sgoil. Ná bíodh an t-oideachas coimhthightheach i gceist beag ná mór, acht bíodh gnása, & iomchur ar leith ag macaibh léighinn na hÉireann, & ná bídís-sean ag aithris ar an nGalldacht i n-a n-iomchur ar nós na ndaoine atá gan foghluim gan oideachas. Muna bhfuil siad i n-ann iom- chur úr a cheapadh dhóibh féin is beag an chabhair a bheith ag súil go dtiocfaidh aon tsaothar mór láidir eile uatha. Caithfidh siad slighe & uain, & cóir & ionba chuige sin fhágháil ó na daoinibh atá i gceannus an Riaghaltais. Muna bhfuighidh, béidh sé riachtanach ar Chonnradh na Gaedhilge a nglór 'árdughadh arís & a rádh leó: Nach mithid daoibh snas & slacht & spioraid na Gaedheala tá a chur ar an oideachas so atá sibh a thabhairt uaibh? Tá an tOideachas Gallda fada go leór ar siubhal anois againn & is beag dá bhárr tá ag muinntir na tíre. Déanaidh an t-árd-oideachas Gaedhealach, i n-ainm Dé, nó éirighidh as ar fad & gheobhthar fuireann eile sa tír a dhéanfas an gnó go ceart.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services