An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Feabhra 06, 1904.
Árd-Oideachas i nÉirinn
Is mór an bailiughadh daoine bhí ag teach
an Árd-Mhaoir i mBaile Átha Cliath, Dia
hAoine seo d'imthigh tharainn, de dhaoinibh
a chuir suim i nÁrd-oideachas i nÉirinn.
Labhair an tÁrd-Easbog & cúigear nó seisear
eile & chruthuigheadar eatorra nach bhfuil an
Riaghaltas ag caitheamh comhthrom le muinntir
na tíre seo an lá a bhfuil siad ag cliseadh
gan slighe árd-oideachais de réir a dtola
féin a thabhairt dóibh. Ní i bhfad a bhí le dhul
aca nó go raibh an méid sin cruthuighthe aca,
cé go bhfuil an t-árd-cheann atá ar an
Riaghaltas toilteannach ar árd-oideachas
fhágháil fá na daoinibh féin.
Níl tír sa domhan a bhfuil rath léithi nach
bhfuil neart & fuighleach oideachais le fágháil
innti ag an té bhfuil spéis aige ann. Tá tús
an oideachais, an oideachas meadhon & árd-
oideachas dhá gcaitheamh le na daoinibh ann.
Níl baile mór sa nGearmáine gan a oll-
sgoil; tá oll-sgolanna sáthach fairsing sa
bhFrainnc, san Eadáil & i dtíorthaibh eile ar
Mhóir Roinn na hEorpa. Thall i nAeriocá, is
beag leó a gcaithfidh siad ar oideachas. Tá a
shliocht ar na tíorthaibh seo. Dá fhusa oideachas
fhagháil sa tír is amhlaidh, is glioca & is
beachtaighthe, is amhlaidh is aibidhe & is rathamhla
atá na daoine.
Dá mbeadh ciall ag lucht an Riaghaltais i
Sasana, bhéarfaidís cead do dhaoinibh an
t-oideachas is fearr & is áirde fá'n ngréin
fhághail dóibh féin i nÉirinn dá mb'fheidir é.
Ní fhágfaidís cúige againn gan oll-sgoil a
chur ar bun ann, & nuair a bheadh sin déanta
bhreathnóchaidís i n-a dtimcheall ag cuartughadh
cathair i n-aon áit eile ar a mbeadh easbaidh
oll-sgoile.
Acht is cuma cé mhéad oll-sgoil ná cé
mhéad fó-sgoil ná coláisde a chuirfeas siad
ar bun ní fuláir dhóibh cuimhniughadh gur
oideachas Gaedhealach atá uainn anois feasta.
Ní oideachas gallda a dhéanfas cúis dúinn
anois, & tá sé cruthuighthe ag Connradh na
Gaedhilge, faoi seo, ní hé amháin gur fearrde
an tír é oideachas & croidhe & teanga
Ghaedhealach a bheith againn, acht nach mbéidh rath
ná rathamhnas ná slacht orainn gan iad. Ní
mór dhó é 'bheith i n-a cheann & i n-a chroidhe
ag gach uile mhac léighinn dá bhfásaidh suas
feasta gurab í seo tír na hÉireann. Ní mhór
dhó iarracht a dhéanamh i gcomhnaidhe feasta
ársaidheacht na hÉireann a bheith ar eólas aige,
& fíor-spioraid na Gaedhealtachta bheith ag
rith tre n-a shaoghal ar sgoil & ar oll-sgoil.
Ná bíodh an t-oideachas coimhthightheach i gceist
beag ná mór, acht bíodh gnása, & iomchur ar
leith ag macaibh léighinn na hÉireann, & ná
bídís-sean ag aithris ar an nGalldacht i n-a
n-iomchur ar nós na ndaoine atá gan foghluim
gan oideachas. Muna bhfuil siad i n-ann iom-
chur úr a cheapadh dhóibh féin is beag an chabhair
a bheith ag súil go dtiocfaidh aon tsaothar
mór láidir eile uatha.
Caithfidh siad slighe & uain, & cóir & ionba
chuige sin fhágháil ó na daoinibh atá i gceannus
an Riaghaltais. Muna bhfuighidh, béidh sé
riachtanach ar Chonnradh na Gaedhilge a nglór
'árdughadh arís & a rádh leó: Nach mithid daoibh
snas & slacht & spioraid na Gaedheala tá a
chur ar an oideachas so atá sibh a thabhairt
uaibh? Tá an tOideachas Gallda fada go
leór ar siubhal anois againn & is beag dá
bhárr tá ag muinntir na tíre. Déanaidh an
t-árd-oideachas Gaedhealach, i n-ainm Dé, nó
éirighidh as ar fad & gheobhthar fuireann eile
sa tír a dhéanfas an gnó go ceart.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11