Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Slighte Gnótha
Title
Slighte Gnótha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Eanair 30, 1904. Slighte Gnótha Is é dálta an tsaoghail anois i nÉirinn é, acht má theastuigheann uait rud a dhéanamh nó rud a chur ar bun, nach fuláir duit fothrom & gleó a dhéanamh ar dtúis mar gheall air. Ní chuireann éinne suim indiu ar an té fhanann sa gcúil, bíodh go mb'fhéidir gurab ag briseadh a chroidhe le neart saothair a bheadh sé ann. Ní bhíonn éin-mheas anois ar an bhfear gciúin: má tá rud fóghanta agat le déanamh nó le cur i gcrích muna gcuirfir i n-umhail do'n tsaoghal go bhfuil, níor bh'fhearra dhuit bheith id 'bheathaidh i n-éan-chor. Má's fear gnótha tú & go dteastuigheann uait do ghnó a chur chun cinn níor mhór dhuit tuairisg ar do ghnó a sgaipeadh ar na comhursanaibh. Muna ndéanfar soin beidh breall ort. Ní gábhadh dhúinn acht amháin innsint caidé an ceacht do b'fhéidir d'fhoghluim ó'n gcainnt sin. Caithfimíd-ne an rud céadna a dhéanamh. Bíonn atharrughadh ag teacht ar gach éin-nídh fiú amháin ar bhéasaibh & ar shlighthibh maireachtain daoine. Ní mar a chéile na slighthe do shásaimh ár n-aithreacha & na slighthe a dhéanfadh gnó dhúinne. Dream cuthal a b'eadh ár n-aithreacha. Dheineadar a ngnó — & gnó maith do b'eadh é leis — i ngan fhios do'n tsaoghal. Dá lean- aimís-ne ar an gcuma gcéadna, badh ghairid í ár ré sonais, i dtalamh dhúthchais ár sinnsear annso. Táimíd ag tabhairt na seanmóire seo uainn d'fhonn craobhacha an Chonnartha ar fuid na tíre a chomhairliughadh beagán ar shlighthibh gnótha na haimsire seo fá láthair. Tá obair mhór le déanamh ag gach craobh i n-a ceanntar & i n-a dhúthaigh féin. Obair fhóghanta is eadh í, mar sin í an obair a shlánóchaidh an tír i ndeireadh na tréise. Ní fuláir dúinn an “bhréid” a bhaint dínn, & ár ngnó a dhéanamh do réir nós na haimsire. Is é bun is barr an sgéil go gcaithfimíd tuairisg ar ár ngnó do sgaipeadh i measg na gcomhursan. Caith- fimíd an ciúineas & an cúthaileacht a thréigean & a chur i n-umhail do chách go bhfuil ár leithéidí ann, & go bhfuil so & súd le déanamh againn. Níor bh'iongnadh da ndéanfadh craobhacha Chonnartha na Gaedhilge úsáid de pháipéaraibh nuaidheachta a gceanntar féin. Sin é an t-aon chuma is fearr & is saoire chun eólas ortha féin & ar a ngnóthaibh a sgaipeadh. Cad iad na craobhacha go mbíonn tuairisg uatha ins na páipéaraibh, fiú amháin uair san tseacht- mhain? Má theastuigheann airgead nó congnamh eile ó chraoibh, deintear fothrom mar gheall air ins na páipéaraibh. Muna ndéanfaidh muinntir an pháipéir a gcion féin féadfar fiachaibh a chur ortha é dhéanamh, & ní baoghal go n-eiteóchaid siad an dara huair. Is é nós na haimsire fothrom a dhéanamh, acht ní fuláir éirim mhaith aigne do chur ag riarughadh an ghnótha. Annsoin is eadh déanfar gníomh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services