Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Slighte Gnótha

Title
Slighte Gnótha
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Eanair 30, 1904.



Slighte Gnótha



Is é dálta an tsaoghail anois i nÉirinn é,
acht má theastuigheann uait rud a dhéanamh nó
rud a chur ar bun, nach fuláir duit fothrom
& gleó a dhéanamh ar dtúis mar gheall air.
Ní chuireann éinne suim indiu ar an té
fhanann sa gcúil, bíodh go mb'fhéidir gurab
ag briseadh a chroidhe le neart saothair a bheadh
sé ann. Ní bhíonn éin-mheas anois ar an
bhfear gciúin: má tá rud fóghanta agat le
déanamh nó le cur i gcrích muna gcuirfir i
n-umhail do'n tsaoghal go bhfuil, níor bh'fhearra
dhuit bheith id 'bheathaidh i n-éan-chor. Má's
fear gnótha tú & go dteastuigheann uait do
ghnó a chur chun cinn níor mhór dhuit tuairisg
ar do ghnó a sgaipeadh ar na comhursanaibh.
Muna ndéanfar soin beidh breall ort.



Ní gábhadh dhúinn acht amháin innsint caidé
an ceacht do b'fhéidir d'fhoghluim ó'n gcainnt
sin. Caithfimíd-ne an rud céadna a dhéanamh.
Bíonn atharrughadh ag teacht ar gach éin-nídh
fiú amháin ar bhéasaibh & ar shlighthibh maireachtain
daoine. Ní mar a chéile na slighthe do shásaimh
ár n-aithreacha & na slighthe a dhéanfadh gnó
dhúinne. Dream cuthal a b'eadh ár n-aithreacha.
Dheineadar a ngnó — & gnó maith do b'eadh é
leis — i ngan fhios do'n tsaoghal. Dá lean-
aimís-ne ar an gcuma gcéadna, badh ghairid í
ár ré sonais, i dtalamh dhúthchais ár sinnsear
annso.



Táimíd ag tabhairt na seanmóire seo uainn
d'fhonn craobhacha an Chonnartha ar fuid na
tíre a chomhairliughadh beagán ar shlighthibh
gnótha na haimsire seo fá láthair. Tá obair
mhór le déanamh ag gach craobh i n-a ceanntar
& i n-a dhúthaigh féin. Obair fhóghanta is eadh í,
mar sin í an obair a shlánóchaidh an tír i
ndeireadh na tréise. Ní fuláir dúinn an
“bhréid” a bhaint dínn, & ár ngnó a dhéanamh
do réir nós na haimsire. Is é bun is barr
an sgéil go gcaithfimíd tuairisg ar ár ngnó
do sgaipeadh i measg na gcomhursan. Caith-
fimíd an ciúineas & an cúthaileacht a thréigean
& a chur i n-umhail do chách go bhfuil ár leithéidí
ann, & go bhfuil so & súd le déanamh againn.



Níor bh'iongnadh da ndéanfadh craobhacha
Chonnartha na Gaedhilge úsáid de pháipéaraibh
nuaidheachta a gceanntar féin. Sin é an
t-aon chuma is fearr & is saoire chun eólas
ortha féin & ar a ngnóthaibh a sgaipeadh. Cad
iad na craobhacha go mbíonn tuairisg uatha ins
na páipéaraibh, fiú amháin uair san tseacht-
mhain? Má theastuigheann airgead nó
congnamh eile ó chraoibh, deintear fothrom
mar gheall air ins na páipéaraibh. Muna
ndéanfaidh muinntir an pháipéir a gcion féin
féadfar fiachaibh a chur ortha é dhéanamh, & ní
baoghal go n-eiteóchaid siad an dara huair.
Is é nós na haimsire fothrom a dhéanamh, acht
ní fuláir éirim mhaith aigne do chur ag riarughadh
an ghnótha. Annsoin is eadh déanfar gníomh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services