Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Labhairt na Gaedhilge
Title
Labhairt na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth Cliath, Eanair 16, 1904. Labhairt na Gaedhilge Chuireamar síos ar an gceist seo go dian, go mion & go minic. 'Sé bun & bárr & lár an sgéil é. Téidheann teanga i n-éag amhail daoinnaidhe muna labhartar í. Tá anam i ngach teangain & nuair a sgaoiltear chum fáin í i measg leabhar & páipéar Agadamh an Árd-léighinn imthigheann an bhrígh aisti. Ó's an aon aonta dhúinn sa méid sin ní misde dhúinn é d'imirt ar lucht na Gaedhilge. Is feas dúinn go bhfuil roinnt de bhallaibh an Chonnartha & ní thuigid fáth a churtha ar bun. Ceanglaid iad féin i dtús leis, téidhid go dtí rang, beirid leabhairín leó agus cromaid ar an teanga 'fhoghluim. Nuair casaid a bhaile ní dhéanaid iarracht ar ar fhoglumadar do labhairt. Dhá dtuigidís rúin an Chonnartha labharfaidís a bhfuil aca de'n teangain chuirfidís leis, & i n-áit a chéile thabharfaidís a gcúil as an mBéarla. Cuir i gcás nach bhfuil aca acht “cia chaoi bhfuil tú?” Tuigidís gur ceart dóibh é sin do rádh i leabaidh an ghnáth-ráidh Ghallda. Agus mar sin de le gach nua-fhocal dá bhfoghlumóchaid — cuirtear i n-áit an fhocail Bhéarla é. Is minic faitchíos ortha an Ghaedhilg labhairt ar eagla go ndéanfaidís botúin agus go mbeadh na cainnteóirí ag magadh fútha. Acht is léir nach dtiocfaidh leó í labhairt muna gcuirfid chuige. Tá dream eile ann go bhfuil sé ar a gcumas mórán maitheasa a dhéanamh. 'Siad soin na cainnteóirí. Badh cheart doibh sin í labhairt de shíor le chéile, & níl leith-sgéal ar bith aca muna ndéanaid. Acht is ró-mhinic cuid aca so ag siubhal na sráide & an Béarla dhá stealladh aca le fonn. Caithfear an Ghaedhilg do LABHAIRT má's mian linn go mairfidh sí 'n-a teanga in labhartha & níl aon fhágháil ar dul as. Is mór an obair atá idir lámhaibh againn, is glórmhar an obair í, is naomhtha an obair í, & is tír-ghrádhach an obair í. Tá sean-nósa na nGaedheal ag dul ar ceal & níl aon tslighe le n-a dtabhairt ar ais acht tríd an nGaedhilg. Níl fagháil ortha so do choinneál má théidheann an teanga i n-éag, mar tuigtear ná hoireann teanga Ghallda agus nósa Gaedhealacha. Imtheóchaidh a bhfuil de rath agus de shéan agus de bhrígh ionainn leis an teanga. Éirighmís go sgiopaidh agus tosnuigheam le fonn chum cosg do chur leis an ndroch- obair seo. A cháirde, tá an Ghaedhilg AG FAGHÁIL BHÁIS, & badh cheart go bpreabfadh gach tréan-sgafaire Gaedhil d'easgar as caise d'fhuil uasail chum í 'thabhairt ó bhruinnibh an bháis. Iarrann Éire congnamh ó ghach duine dá ngrádhann í, & ní bheidh sé ag obair gan luach- saothar, mar tabharfaidh sí í féin mar dual- gus dó.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services