Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Labhairt na Gaedhilge

Title
Labhairt na Gaedhilge
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth Cliath, Eanair 16, 1904.



Labhairt na Gaedhilge



Chuireamar síos ar an gceist seo go dian,
go mion & go minic. 'Sé bun & bárr &
lár an sgéil é. Téidheann teanga i n-éag
amhail daoinnaidhe muna labhartar í. Tá anam
i ngach teangain & nuair a sgaoiltear chum
fáin í i measg leabhar & páipéar Agadamh an
Árd-léighinn imthigheann an bhrígh aisti.



Ó's an aon aonta dhúinn sa méid sin ní
misde dhúinn é d'imirt ar lucht na Gaedhilge.
Is feas dúinn go bhfuil roinnt de bhallaibh an
Chonnartha & ní thuigid fáth a churtha ar bun.
Ceanglaid iad féin i dtús leis, téidhid go
dtí rang, beirid leabhairín leó agus
cromaid ar an teanga 'fhoghluim. Nuair
casaid a bhaile ní dhéanaid iarracht
ar ar fhoglumadar do labhairt. Dhá
dtuigidís rúin an Chonnartha labharfaidís a
bhfuil aca de'n teangain chuirfidís leis, & i
n-áit a chéile thabharfaidís a gcúil as an
mBéarla. Cuir i gcás nach bhfuil aca acht
“cia chaoi bhfuil tú?” Tuigidís gur ceart
dóibh é sin do rádh i leabaidh an ghnáth-ráidh
Ghallda. Agus mar sin de le gach nua-fhocal
dá bhfoghlumóchaid — cuirtear i n-áit an fhocail
Bhéarla é. Is minic faitchíos ortha an
Ghaedhilg labhairt ar eagla go ndéanfaidís
botúin agus go mbeadh na cainnteóirí
ag magadh fútha. Acht is léir nach
dtiocfaidh leó í labhairt muna gcuirfid
chuige. Tá dream eile ann go bhfuil sé ar a
gcumas mórán maitheasa a dhéanamh. 'Siad
soin na cainnteóirí. Badh cheart doibh sin í
labhairt de shíor le chéile, & níl leith-sgéal ar
bith aca muna ndéanaid. Acht is ró-mhinic
cuid aca so ag siubhal na sráide & an Béarla
dhá stealladh aca le fonn. Caithfear an
Ghaedhilg do LABHAIRT má's mian linn go
mairfidh sí 'n-a teanga in labhartha & níl aon
fhágháil ar dul as.



Is mór an obair atá idir lámhaibh againn, is
glórmhar an obair í, is naomhtha an obair í,
& is tír-ghrádhach an obair í. Tá sean-nósa na
nGaedheal ag dul ar ceal & níl aon tslighe
le n-a dtabhairt ar ais acht tríd an nGaedhilg.
Níl fagháil ortha so do choinneál má théidheann
an teanga i n-éag, mar tuigtear ná hoireann
teanga Ghallda agus nósa Gaedhealacha.
Imtheóchaidh a bhfuil de rath agus de shéan
agus de bhrígh ionainn leis an teanga.
Éirighmís go sgiopaidh agus tosnuigheam
le fonn chum cosg do chur leis an ndroch-
obair seo. A cháirde, tá an Ghaedhilg AG
FAGHÁIL BHÁIS, & badh cheart go bpreabfadh
gach tréan-sgafaire Gaedhil d'easgar as caise
d'fhuil uasail chum í 'thabhairt ó bhruinnibh an
bháis. Iarrann Éire congnamh ó ghach duine dá
ngrádhann í, & ní bheidh sé ag obair gan luach-
saothar, mar tabharfaidh sí í féin mar dual-
gus dó.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services