Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cruinnighthe Móra
Title
Cruinnighthe Móra
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 19, 1903. Cruinnighthe Móra Is maith an sórt ruda é an ciúineas, & ní déarfaimís aon fhocal 'n-a choinne. Gan amhras is maith an rud é 'n-a áit féin. Acht má tá aon nídh ar dhruim talmhan ná fuil baint ar bith aige le gnó an Chonnartha so againn-ne 'sé an ciúineas an nídh sin. Ní féidir gluais- eacht mhór phuiblidhe do choimeád ar siubhal gan fothrom agus glór agus caismirt. Ní féidir muinntir na dúithche seo do choimeád bros- duighthe & ar faobhar ar aon cheist gan síor- chorruighe & síor-ghríosughadh do bheith gá dhéanamh fútha. Éinne a dhéarfadh gur féidir é, comhair- leóchaimís dó aithne do chur ar mhuinntir na hÉireann. Ní aithnigheann sé fós iad. Mar sin de, caithfear gríosughadh mór, & tréan- chorruighthe do chur ar bun, caithfear na daoine do dhúiseacht. Caithfear soisgéal na Gaedhilge do sgaoileadh chucha ó Thír-Chonaill go Dúithche Déise. Cionnus is féidir é sin do dhéanamh? Níl, ámhthach, acht éin-tslighe amháin, & nach greannmhar an sgéal é go bhfuil fhios an tslighe sin ag gach cumann & cuideachta eile sa dúithche acht ag Connradh na Gaedhilge amháin? 'Sé an tslighe é ná cruinnighthe ádhbhal-mhóra do chur ar bun i ngach ceanntair ar fuaid na tíre, óráideacha bríoghmhara beódha i mbriath- raibh boga daingeana gá stealladh ar na daoinibh & na sluaighte gá ndúiseacht le “fuaim & fothrom & réabadh-seárum.” Caith- fear é seo a dhéanamh. Deirtear gur cor- ruighe ar son teangan an corruighe so againn-ne, acht ar m'anam 'sé an corruighe teangan gan chainnt é. Anois caithfear an chainnt do dhéanamh. Ní féidir d'aon chuideachta gnótha maireacht- ain gan fógraí do chur sna páipéir, & an chuid- eachta is mó a dheineann fógairt 'sé is fearr a théidheann chum cinn. Is iad na cruinnighthe móra & na hóráideacha Fógraí an Chumainn phublidhe. Beatha ár ngnótha-sa é d'fhógairt. Acht b'fhéidir go bhfuil daoine ann a dhéanfaidh dranna-mhagadh fá'n bhfógairt gá rádh ná fuil ann acht ráiméis is gaoth. Bíodh aca; níl dream beó indiu is lughra linn ná lucht an chlioth-mhagaidh, & bíodh fhios aca dá mbadh “gaoth” féin é gur tréan an rás é an ghaoth chun teine d'adhaint. Anois tá súil againn go gcuirfear coimhthonól dé'n tsórt so ar bun fá cheann míosa i ngach uile áit is féidir é ar fuaid na tíre & má sgríobhfaidh muinntir na háite chugainn-ne cuirfimíd chuca na cainnteóirí is treise tá againn chum labhairt leis an sluaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services