Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cruinnighthe Móra

Title
Cruinnighthe Móra
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 19, 1903.



Cruinnighthe Móra



Is maith an sórt ruda é an ciúineas, & ní
déarfaimís aon fhocal 'n-a choinne. Gan
amhras is maith an rud é 'n-a áit féin. Acht
má tá aon nídh ar dhruim talmhan ná fuil baint
ar bith aige le gnó an Chonnartha so againn-ne
'sé an ciúineas an nídh sin. Ní féidir gluais-
eacht mhór phuiblidhe do choimeád ar siubhal gan
fothrom agus glór agus caismirt. Ní féidir
muinntir na dúithche seo do choimeád bros-
duighthe & ar faobhar ar aon cheist gan síor-
chorruighe & síor-ghríosughadh do bheith gá dhéanamh
fútha. Éinne a dhéarfadh gur féidir é, comhair-
leóchaimís dó aithne do chur ar mhuinntir na
hÉireann. Ní aithnigheann sé fós iad. Mar
sin de, caithfear gríosughadh mór, & tréan-
chorruighthe do chur ar bun, caithfear na daoine
do dhúiseacht. Caithfear soisgéal na Gaedhilge
do sgaoileadh chucha ó Thír-Chonaill go Dúithche
Déise. Cionnus is féidir é sin do dhéanamh?
Níl, ámhthach, acht éin-tslighe amháin, & nach
greannmhar an sgéal é go bhfuil fhios an tslighe
sin ag gach cumann & cuideachta eile sa
dúithche acht ag Connradh na Gaedhilge amháin?
'Sé an tslighe é ná cruinnighthe ádhbhal-mhóra
do chur ar bun i ngach ceanntair ar fuaid na
tíre, óráideacha bríoghmhara beódha i mbriath-
raibh boga daingeana gá stealladh ar na
daoinibh & na sluaighte gá ndúiseacht le
“fuaim & fothrom & réabadh-seárum.” Caith-
fear é seo a dhéanamh. Deirtear gur cor-
ruighe ar son teangan an corruighe so
againn-ne, acht ar m'anam 'sé an corruighe
teangan gan chainnt é. Anois caithfear an
chainnt do dhéanamh.



Ní féidir d'aon chuideachta gnótha maireacht-
ain gan fógraí do chur sna páipéir, & an chuid-
eachta is mó a dheineann fógairt 'sé is fearr
a théidheann chum cinn. Is iad na cruinnighthe
móra & na hóráideacha Fógraí an Chumainn
phublidhe. Beatha ár ngnótha-sa é d'fhógairt.
Acht b'fhéidir go bhfuil daoine ann a dhéanfaidh
dranna-mhagadh fá'n bhfógairt gá rádh ná fuil
ann acht ráiméis is gaoth. Bíodh aca; níl
dream beó indiu is lughra linn ná lucht an
chlioth-mhagaidh, & bíodh fhios aca dá mbadh
“gaoth” féin é gur tréan an rás é an ghaoth
chun teine d'adhaint. Anois tá súil againn
go gcuirfear coimhthonól dé'n tsórt so ar
bun fá cheann míosa i ngach uile áit is féidir
é ar fuaid na tíre & má sgríobhfaidh muinntir
na háite chugainn-ne cuirfimíd chuca na
cainnteóirí is treise tá againn chum labhairt
leis an sluaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services