Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Buidhne Léighte
Title
Buidhne Léighte
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 12, 1903. Buidhne Léighte Seo chum na ceiste arís sinn, & fuadar fúinn. Tá áite ann fós & ní heól do na daoine áitigheas iad go bhfuiltar ag cur chum an Ghaedhilg d'aithbheódhughadh. Níor dhochar an-mhór ar fad é sin, meireach gur ins na háite seo atá an Ghaedhilg bhríoghmhar. 'Sé an feall ar fad nach bhfuil na daoine ag a bhfuil an Ghaedhilg chomh bríoghmhar tapa misneamhail is badh dhual sinnsir dóibh a bheith. An té chuir- feadh “Buidhean Léighte” ar bun i mbaile de'n tsaghas soin, is mór an maitheas thiocfadh leis a dheánamh. Is maith leis na sean- Gheadhilgeóirí Gaedhilg chloisint dá léigh- eadh. Cuirtar “buidhne léighte” ar bun ins na háite seo. Acht cogar. Caithfar breith go bog ar na Gaedhilgeóirí. Ceapann cuid aca go bhfuil a bhfuil aca féin gan bhéim gan locht. Má chloiseann siad canamhaint chúige eile is gnáthach leó a rádh gur aisteach an chainnt í sin. Má cuirtear buidhne léighte ar bun, caith- fear Gaedhilg a gcúige féin a léigheadh. I gcionn tamaill gheobhaidhe a gcuid fuatha ar chainnt cháich eile a laigheadughadh & d'réir a chéile thiocfadh briseadh maide ionnta, & bheidís géilleamhnach do na stróinséirí & dá gcainnt. Bíonn an-chaitheamh i ndiaidh nuaidheachta ag na sean-daoine, & is iad a chuireas an chluas le héisteacht orra féin nuair airighid siolla nó dhó dá dteangaidh féin. Tá Gaedhilgeóirí eile ann, & creidid go daingean nach gcuirtear rud ar domhan ins na leabhara acht an rud atá i gceart, & nach bhfuil aca féin acht dríodar. Easbhaidh léighinn fá ndearr é seo, & dá mbeadh na daoine seo i n-ann an teanga léigheadh bheadh a mhalairt de thuairim & de mhuinighin aca asta féin; ní dheineann éinne rud ar bith gan muinghin bheith aige as féin. Seadh, & bheadh an t-aos óg timcheall an teinnteáin, & faid do radhairce de chluais le héisteacht orra á phiocadh suas. Ní theastuigheann ó na Gaedhilgeóirí acht eólas — eólas na leabhar. Tá tabhairt suas mhaith aca, & tá meamhair iongantach aca. Tá an léigheann de dhíth orra; 'sé an feall é. Is mairg a bhíos gan léigheann; caithfeam an sgéal soin a leigheas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services