Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Buidhne Léighte

Title
Buidhne Léighte
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 12, 1903.



Buidhne Léighte



Seo chum na ceiste arís sinn, & fuadar
fúinn. Tá áite ann fós & ní heól do na
daoine áitigheas iad go bhfuiltar ag cur
chum an Ghaedhilg d'aithbheódhughadh. Níor dhochar
an-mhór ar fad é sin, meireach gur ins na
háite seo atá an Ghaedhilg bhríoghmhar. 'Sé an
feall ar fad nach bhfuil na daoine ag a bhfuil
an Ghaedhilg chomh bríoghmhar tapa misneamhail
is badh dhual sinnsir dóibh a bheith. An té chuir-
feadh “Buidhean Léighte” ar bun i mbaile de'n
tsaghas soin, is mór an maitheas thiocfadh leis
a dheánamh. Is maith leis na sean-
Gheadhilgeóirí Gaedhilg chloisint dá léigh-
eadh. Cuirtar “buidhne léighte” ar
bun ins na háite seo. Acht cogar. Caithfar
breith go bog ar na Gaedhilgeóirí. Ceapann
cuid aca go bhfuil a bhfuil aca féin gan bhéim gan
locht. Má chloiseann siad canamhaint chúige eile
is gnáthach leó a rádh gur aisteach an chainnt í
sin. Má cuirtear buidhne léighte ar bun, caith-
fear Gaedhilg a gcúige féin a léigheadh. I
gcionn tamaill gheobhaidhe a gcuid fuatha ar
chainnt cháich eile a laigheadughadh & d'réir a
chéile thiocfadh briseadh maide ionnta, & bheidís
géilleamhnach do na stróinséirí & dá gcainnt.
Bíonn an-chaitheamh i ndiaidh nuaidheachta ag na
sean-daoine, & is iad a chuireas an chluas le
héisteacht orra féin nuair airighid siolla nó
dhó dá dteangaidh féin.



Tá Gaedhilgeóirí eile ann, & creidid go
daingean nach gcuirtear rud ar domhan ins
na leabhara acht an rud atá i gceart, & nach
bhfuil aca féin acht dríodar. Easbhaidh léighinn
fá ndearr é seo, & dá mbeadh na daoine seo
i n-ann an teanga léigheadh bheadh a mhalairt
de thuairim & de mhuinighin aca asta féin; ní
dheineann éinne rud ar bith gan muinghin bheith
aige as féin. Seadh, & bheadh an t-aos óg
timcheall an teinnteáin, & faid do radhairce
de chluais le héisteacht orra á phiocadh suas.



Ní theastuigheann ó na Gaedhilgeóirí acht
eólas — eólas na leabhar. Tá tabhairt suas
mhaith aca, & tá meamhair iongantach aca. Tá
an léigheann de dhíth orra; 'sé an feall é. Is
mairg a bhíos gan léigheann; caithfeam an
sgéal soin a leigheas.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services