Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Muca Ciúine
Title
Na Muca Ciúine
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Mí na Nodlag 05, 1903. Na Muca Ciúine. Tá sean-fhocal ann adeir gurab iad na muca ciúine d'itheann an triosg. Ní bheadh an sean-fhocal so chomh coitchiannta i mbéalaibh daoine agus atá muna mbeadh go bhféadfaidhe a chiall a chur i leith rudaí eile seoch muca. Pé duine adubhairt ar dtúis é ní baoghal ná gur fear cliste bhí ann, & fear a bhí géar ar rudaí a thabhairt fá ndeara. Acht is cuma 'n-a thaobh soin; tá's againn go bhfuil a lán rudaí ar an saoghal so go dtagann ciall an tsean-fhocail dóibh. Fiafruighmís dínn féin an bhféadfaidhe ciall an tsean-fhocail seo a chur i leith na Gaedhilge, nó go sonnradhach i leith mhuinntir Chonnartha na Gaedhilge. Cuireadh gach éinne againn an cheist seo chuige féin. Caidé an freagra a thiocfaidh chuige? Féachadh sé timcheall air. Deineadh sé infhiúchadh ar na daoine a bhuailfidh uime. Ghabhaimíd orainn go bhféadfaidh sé dhá bhuidhin a dhéanamh dhíobh, buidhean an ghlóir agus buidhean an chiúinis. Is ar éigin a gheobhaidh sé duine as an daréag gur b'fhéidir leis é áireamh ar bhuidhin an chiúinis. Iompuigheadh sé ar an dtaobh eile de'n cheist annsoin. Sgrúduigheadh sé gníomhartha gach buidhne díobh fá leith. Cad do thabharfaidh sé fá ndeara? Táimíd-ne meallta nó tuigfidh sé gurab iad na muca ciúine d'itheann an triosg. Is fada atá sé amuigh ar mhuinntir na hÉireann bheith tugtha do chainnt. Ní déar- faimís ná go bhfuil mór-chuid de'n fhírinne ag an treibh seo a chuir amach orainn é, bíodh gur deimhin linn nach cáirde dhúinn iad. Tá breis tar ár ndóthain glóir á dhéanamh againn, & nuair chuimhnighmid ar an mhór-shaothar atá romhainn & an spadán atá á dhéanamh de ag lucht an árd-ghlóir seo níor bh'éin-iongnadh dá lagóchadh ár misneach. Acht tá sé ráidhte nach tré dhroch-chroidhe a dheintar an chainnt seo, go bhfuil aigne mhaith léi, agus a leithéidí. Acht tá díoghbháil á dhéanamh aici leis. I n-ainm Dé smaoinimís i gceart ar an obair atá romhainn, ar mhéid an duaidh a gheobham de bharr a dhéanta, & caithimís uainn gach éin-bhéas a chuirfeadh bac ar dhéanamh na hoibre sin. Machtnuighmís i gcomhnuidhe ar na muca ciúine.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services