Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Muca Ciúine

Title
Na Muca Ciúine
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Mí na Nodlag 05, 1903.



Na Muca Ciúine.



Tá sean-fhocal ann adeir gurab iad na muca
ciúine d'itheann an triosg. Ní bheadh an
sean-fhocal so chomh coitchiannta i mbéalaibh
daoine agus atá muna mbeadh go bhféadfaidhe
a chiall a chur i leith rudaí eile seoch muca.
Pé duine adubhairt ar dtúis é ní baoghal ná
gur fear cliste bhí ann, & fear a bhí géar ar
rudaí a thabhairt fá ndeara. Acht is cuma
'n-a thaobh soin; tá's againn go bhfuil a lán
rudaí ar an saoghal so go dtagann ciall an
tsean-fhocail dóibh.



Fiafruighmís dínn féin an bhféadfaidhe ciall
an tsean-fhocail seo a chur i leith na Gaedhilge,
nó go sonnradhach i leith mhuinntir Chonnartha na
Gaedhilge. Cuireadh gach éinne againn an
cheist seo chuige féin. Caidé an freagra a
thiocfaidh chuige? Féachadh sé timcheall air.
Deineadh sé infhiúchadh ar na daoine a bhuailfidh
uime. Ghabhaimíd orainn go bhféadfaidh sé dhá
bhuidhin a dhéanamh dhíobh, buidhean an ghlóir agus
buidhean an chiúinis. Is ar éigin a gheobhaidh sé
duine as an daréag gur b'fhéidir leis é
áireamh ar bhuidhin an chiúinis. Iompuigheadh sé
ar an dtaobh eile de'n cheist annsoin.
Sgrúduigheadh sé gníomhartha gach buidhne díobh
fá leith. Cad do thabharfaidh sé fá ndeara?
Táimíd-ne meallta nó tuigfidh sé gurab iad
na muca ciúine d'itheann an triosg.



Is fada atá sé amuigh ar mhuinntir na
hÉireann bheith tugtha do chainnt. Ní déar-
faimís ná go bhfuil mór-chuid de'n fhírinne ag
an treibh seo a chuir amach orainn é, bíodh
gur deimhin linn nach cáirde dhúinn iad.
Tá breis tar ár ndóthain glóir á dhéanamh
againn, & nuair chuimhnighmid ar an mhór-shaothar
atá romhainn & an spadán atá á dhéanamh de
ag lucht an árd-ghlóir seo níor bh'éin-iongnadh
dá lagóchadh ár misneach.



Acht tá sé ráidhte nach tré dhroch-chroidhe
a dheintar an chainnt seo, go bhfuil aigne mhaith
léi, agus a leithéidí. Acht tá díoghbháil á
dhéanamh aici leis. I n-ainm Dé smaoinimís
i gceart ar an obair atá romhainn, ar mhéid
an duaidh a gheobham de bharr a dhéanta, &
caithimís uainn gach éin-bhéas a chuirfeadh bac
ar dhéanamh na hoibre sin. Machtnuighmís i
gcomhnuidhe ar na muca ciúine.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services