Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dráma na nGaedheal
Title
Dráma na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 14, 1903. Dráma na nGaedheal. Is maith an mhaise orainn é, má thig linn, deagh-dhrámanna a léiriughadh. Taisbeáin- eann sé go bhfuil uaisleacht ár sinnsear gan bheith imthighthe asainn fós, cé go mb'fhéidir go bhfuil sí ag dul i léig ó lá go lá. Acht, adéarfar, céard é dráma? Níl ann acht go samhaluightear an gníomh; acht, má dhéantar go maith é, is beag nach gcorróghadh sé thú chomh mór is da ndéantaoi an gníomh. Bíonn duine fá'n gcumhacht atá 'n-a thimcheall — má tá droch-dhaoine timcheall air is baoghalach go rachaidh sé chum uilc tráth éigin, acht má's daoine árd-aigeanta, meanmnach iad, ní baoghal ná go mbeadh seisean mar an gcéadna. Sin é dála an árdáin — má léirigh- thear drámanna 'n-a ndéantar gníomhartha laochais, árdóghaidh sé sin meanma na ndaoine agus cuirfidh sé árd-smaointe 'na- gcinn. Ní hamhlaidh é go ró-mhinic annso i mBaile Átha Cliath againn nó bheadh a mhalairt de dhaoinibh óga ag fás suas 'ná mar atá. Tá a fhios ag an saoghal nach mar a chéile saoghal na nÉireannach & saoghal na Sasanach, &, dá bhrígh sin, gur éigean do dhrámanna an dá thír bheith gan cosamhlacht ar bith aca le chéile. Foillsighthear saoghal na Sasanach ar an árdán annso i nÉirinn, acht is annamh a fhoillsighthear saoghal na nÉireannach. Dá ndéantaoi aithgheineamhaint ar an árdán ann- so i nÉirinn, is mór an maitheas a dhéanfadh sé dhúinn. Is minic a léirighthear drámanna annso & deirtear linn go bhfoillsighid beatha & caitheamh-aimsire na nGaedheal, acht is gnáth- aighe a leithéidí seo ag tarraingt ar phótair- eacht agus ar bhillí dealuighthe na gcúirte dlighe. Bíd a d'iarraidh a chuir 'n-a luighe orainn, dá mbadh i mbáireach é, go dtuiteann na rudaí seo amach i nÉirinn gach aon lá. Támuid chomh dall soin nach dtig linn a fheicsint gurab ag nochtadh saoghail na n-all- mhurach a bhíd. Tá feabhas mór ag teacht orainn le bliadhain nó dhó, agus támuid tar éis beagán de shoblach na nGall a chur amach le fuinneamh. Ba bhreágh ar fad mar léirigh muinntir Chraoibhe an Chéitinnigh “Tadhg Saor,” ag Cuirm Cheóil na Samhna. Ní rabhadar ag déanamh aithris ar na cleasaidhthe Gallda i n-aon chor, acht dhein- eadar é fé mar dhéanfadh Gaedhil é — go nádúrdha. An oidhche fé dheireadh bhí “Pleasgadh na Bulgóide” againn sa Molesworth Hall, agus go deimhin ní misde a rádh go ndearna an fhuireann a ngnó go maith. Tabharfaidh an t-árdán congnamh mór dúinn le hÉire a dhéanamh Gaedhealach, acht amháin é d'oibriughadh. Ní sos fós dóibh. Seo chugainn “An Dochtúir” arís as Tamhan. Ní bheadh breall ar an té dhéarfadh go gcurifidh “An Dochtúir” muinntir Bhaile Átha Cliath i riocht a sgoilte le gáire. Samhail de shaoghal i nÉirinn is eadh é seo, gan gó. Chífar atharrughadh mór fé chionn i bhfad.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services