Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dráma na nGaedheal

Title
Dráma na nGaedheal
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 14, 1903.



Dráma na nGaedheal.



Is maith an mhaise orainn é, má thig linn,
deagh-dhrámanna a léiriughadh. Taisbeáin-
eann sé go bhfuil uaisleacht ár sinnsear gan
bheith imthighthe asainn fós, cé go mb'fhéidir go
bhfuil sí ag dul i léig ó lá go lá. Acht,
adéarfar, céard é dráma? Níl ann acht go
samhaluightear an gníomh; acht, má dhéantar
go maith é, is beag nach gcorróghadh sé thú chomh
mór is da ndéantaoi an gníomh. Bíonn
duine fá'n gcumhacht atá 'n-a thimcheall — má tá
droch-dhaoine timcheall air is baoghalach go
rachaidh sé chum uilc tráth éigin, acht má's
daoine árd-aigeanta, meanmnach iad, ní
baoghal ná go mbeadh seisean mar an
gcéadna. Sin é dála an árdáin — má léirigh-
thear drámanna 'n-a ndéantar gníomhartha
laochais, árdóghaidh sé sin meanma na
ndaoine agus cuirfidh sé árd-smaointe 'na-
gcinn. Ní hamhlaidh é go ró-mhinic annso i
mBaile Átha Cliath againn nó bheadh a mhalairt
de dhaoinibh óga ag fás suas 'ná mar atá.
Tá a fhios ag an saoghal nach mar a chéile
saoghal na nÉireannach & saoghal na Sasanach,
&, dá bhrígh sin, gur éigean do dhrámanna an
dá thír bheith gan cosamhlacht ar bith aca le
chéile. Foillsighthear saoghal na Sasanach ar
an árdán annso i nÉirinn, acht is annamh a
fhoillsighthear saoghal na nÉireannach. Dá
ndéantaoi aithgheineamhaint ar an árdán ann-
so i nÉirinn, is mór an maitheas a dhéanfadh
sé dhúinn. Is minic a léirighthear drámanna
annso & deirtear linn go bhfoillsighid beatha &
caitheamh-aimsire na nGaedheal, acht is gnáth-
aighe a leithéidí seo ag tarraingt ar phótair-
eacht agus ar bhillí dealuighthe na gcúirte
dlighe. Bíd a d'iarraidh a chuir 'n-a luighe
orainn, dá mbadh i mbáireach é, go dtuiteann
na rudaí seo amach i nÉirinn gach aon lá.
Támuid chomh dall soin nach dtig linn a
fheicsint gurab ag nochtadh saoghail na n-all-
mhurach a bhíd.



Tá feabhas mór ag teacht orainn le bliadhain
nó dhó, agus támuid tar éis beagán de
shoblach na nGall a chur amach le fuinneamh. Ba
bhreágh ar fad mar léirigh muinntir Chraoibhe
an Chéitinnigh “Tadhg Saor,” ag Cuirm Cheóil
na Samhna. Ní rabhadar ag déanamh aithris ar na
cleasaidhthe Gallda i n-aon chor, acht dhein-
eadar é fé mar dhéanfadh Gaedhil é — go
nádúrdha. An oidhche fé dheireadh bhí “Pleasgadh
na Bulgóide” againn sa Molesworth Hall,
agus go deimhin ní misde a rádh go ndearna
an fhuireann a ngnó go maith. Tabharfaidh an
t-árdán congnamh mór dúinn le hÉire a
dhéanamh Gaedhealach, acht amháin é d'oibriughadh.
Ní sos fós dóibh. Seo chugainn “An Dochtúir”
arís as Tamhan. Ní bheadh breall ar an té
dhéarfadh go gcurifidh “An Dochtúir” muinntir
Bhaile Átha Cliath i riocht a sgoilte le gáire.
Samhail de shaoghal i nÉirinn is eadh é seo, gan
gó. Chífar atharrughadh mór fé chionn i bhfad.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services