Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ró-roighin, Ró-réidh
Title
Ró-roighin, Ró-réidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Samhain 07, 1903. Ró-roighin, Ró-réidh. Ní hé fearacht Pilib de Barrun againn é fá láthair, támuid ag tabhairt corr-amóg chun cinn leis an teangaidh; acht, má tá & go bhfuil, tá sé air againn, indiu féin, brost- ughadh orainn, & aire thabhairt do'n teangaidh thar mar tá sí fhágháil. Is cumasach an congnamh fuair an Barrunach croidhe, .i. an congnamh [bhi]{bhí} sa mbriathar béil, & san bhfocal Béarla; & dá gcothughadh an earradh céadna sinn-ne, ní bréag go mbeimís ramhar beatha- dhaigh agus teanga na hÉireann go neamh- spleadhach. Acht ná leigtear an beart soin imirt an dar huair ar an nGaedhilg. Ní hé go bhfuil aon duine ann a rachadh ag déanamh ceap magaidh dhe féin anois, ag tabhairt dubhshlán Chonnartha na Gaedhilge. Ní hé, ná chor ar bith, acht tá daoine ann a dhéanfadh fothrom mór, ionnus go leigfidís orra féin go bhfuil siad díleas & go gcuirfidhe i n-uachtair a gcuid maitheasa fheiceal. Má's fíor an t-iomrádh tá amuigh i dtaoibh na sgoileanna san nGaedhealtacht is mór atá de chúram fós ar chraobhachaibh anonn is anall. Níl sé tada le leith-bhliadhain ó bhí le rádh go raibh sgoileanna san nGaedhealtacht, agus gan focal de'n Ghaedhilg dhá múnadh ionnta. Cá bhfuil an tsomhaoin do'n teangaidh coisde ceanntair a bheith i n-ionad craoibhe, má tá sin mar sin? Ní mór nach cuma craobh ann ná as má's fíor go bhfuil a leithéid sin de sgéal i n-a gcomhursanacht. Tháinig sgéala ó Mheiriocá uair go ndearna lucht stiúrtha Tighe na mBocht éigin a ngnó, lá, i nGaedhilg, acht is deamhanta dochamhlach linn féin gan aithris a dhéanamh ar an muinntir a mhaoidh leis an mBarrunach fad ó, ag tabhairt an Bhéarla isteach nuair nach bhfuil aon chall leis; agus muna ndéanamuid féin an rud ceart tá sé mór againn locht fhágháil ar an bhfear thall, nuair nach ndéanfaidh sé féin é. Tá muinn- tir na bpáipéar nuaidheacht mar gach uile mhuinntir eile, cuid aca measamhail go maith ar a dteangaidh — an fíor-bheagán — cuid aca measamhail uirri, ó thárla nach bhfuil neart aca air, agus ní fiú trácht ar an gcuid eile. Nach náireach an scéal é le n-aithris anois é, go bhfuil glincín de pháipéar nuaidheacht annso, agus glincín de cheann annsúd nach féidir cur fá ndeara dhóibh a dteanga féin a shaoth- rughadh? Tá na connrathóirí láidir, agus tá athrughadh aidhbhéil curtha ar an saoghal aca, acht cuimhnigh tusa nach bhfuil i ndán seasamh dhúinn. Caithfear a dhul ar aghaidh, agus muna dtéidhfear, tiocfar ar gcúl. Caithfear an teanga chur sa bhfaision, agus muna ndéan- tar le ciall is le tuigsint é, ní mór a dhéanamh le dánacht, le troid, agus le siúte. Acht cé go bhfuil siúte riachtanach amannta, is fearr go mór dhúinn fios a bheith againn gurab é maith na hÉireann é a teanga bheith aici. Is maith an rud é na daoine bheith rath- amhail, tíoghbhasach, greannmhar, má's é an t-iasacht féin atá aca isna neithibh seo, acht ní ó airgead a thigeas an suaimhneas, & ní féidir le neach an chinidh é féin fhoillsiughadh acht sa teangadh atá ag na daoinibh ó Dhia is ó nádúr. Tuigeadh na Gaedhilgeóirí gurab aca atá an deis is fearr ar mhaith a dhéanamh, agus nach fuláir do mhuinntir na tíre bheith i n-a Ghaedh- ilgeóiribh sul bhéas aon bhail orra. Aon duine bhfuil neart aige air & atá ag leigean do pháisdíbh éirghe suas gan an Ghaedhilg bheith aca, ná tá ag leigean do pháisdíbh éirghe suas agus iad ar sgoil san nGaedheal- tacht gan a dteanga fhoghluim, bíodh a fhios ag an té sin gur mó tá sé mhilleadh 'ná leasughadh. Bíodh a fhios aige gur cosmhail le lóchan é a sgaoilfidhe le gaoith lá a mbeitheá ag cáthadh, nó le cipín a fuadó- faidhe síos le fána strotha lá báisdighe móire. Is cosmhail spioraid na Gaedhilge le neart an tsrotha soin. Tá sé ag réabadh na tíre, ag cartadh tuláin & mútaí, sgeacha & driseacha na Galldachda as an mbealach. Déanfaidh sé talamh glan nua i nÉirinn, & bíodh sé le rádh againn ar fad, lá fad nó gairid, nach díomhaoineach a bhíomar nuair a bhí ár dteanga i gcruth an bháis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services