Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ró-roighin, Ró-réidh

Title
Ró-roighin, Ró-réidh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Samhain 07, 1903.



Ró-roighin, Ró-réidh.



Ní hé fearacht Pilib de Barrun againn é fá
láthair, támuid ag tabhairt corr-amóg
chun cinn leis an teangaidh; acht, má tá & go
bhfuil, tá sé air againn, indiu féin, brost-
ughadh orainn, & aire thabhairt do'n teangaidh
thar mar tá sí fhágháil. Is cumasach an
congnamh fuair an Barrunach croidhe, .i. an
congnamh [bhi]{bhí} sa mbriathar béil, & san bhfocal
Béarla; & dá gcothughadh an earradh céadna
sinn-ne, ní bréag go mbeimís ramhar beatha-
dhaigh agus teanga na hÉireann go neamh-
spleadhach.



Acht ná leigtear an beart soin imirt an
dar huair ar an nGaedhilg. Ní hé go bhfuil
aon duine ann a rachadh ag déanamh ceap
magaidh dhe féin anois, ag tabhairt dubhshlán
Chonnartha na Gaedhilge. Ní hé, ná chor ar bith,
acht tá daoine ann a dhéanfadh fothrom mór,
ionnus go leigfidís orra féin go bhfuil siad
díleas & go gcuirfidhe i n-uachtair a gcuid
maitheasa fheiceal.



Má's fíor an t-iomrádh tá amuigh i dtaoibh
na sgoileanna san nGaedhealtacht is mór
atá de chúram fós ar chraobhachaibh anonn is
anall. Níl sé tada le leith-bhliadhain ó bhí le
rádh go raibh sgoileanna san nGaedhealtacht,
agus gan focal de'n Ghaedhilg dhá múnadh
ionnta. Cá bhfuil an tsomhaoin do'n teangaidh
coisde ceanntair a bheith i n-ionad craoibhe,
má tá sin mar sin? Ní mór nach cuma craobh
ann ná as má's fíor go bhfuil a leithéid sin
de sgéal i n-a gcomhursanacht. Tháinig sgéala
ó Mheiriocá uair go ndearna lucht stiúrtha
Tighe na mBocht éigin a ngnó, lá, i nGaedhilg,
acht is deamhanta dochamhlach linn féin gan
aithris a dhéanamh ar an muinntir a mhaoidh leis
an mBarrunach fad ó, ag tabhairt an Bhéarla
isteach nuair nach bhfuil aon chall leis; agus
muna ndéanamuid féin an rud ceart tá sé
mór againn locht fhágháil ar an bhfear thall,
nuair nach ndéanfaidh sé féin é. Tá muinn-
tir na bpáipéar nuaidheacht mar gach uile
mhuinntir eile, cuid aca measamhail go maith
ar a dteangaidh — an fíor-bheagán — cuid aca
measamhail uirri, ó thárla nach bhfuil neart
aca air, agus ní fiú trácht ar an gcuid eile.
Nach náireach an scéal é le n-aithris anois é, go
bhfuil glincín de pháipéar nuaidheacht annso,
agus glincín de cheann annsúd nach féidir
cur fá ndeara dhóibh a dteanga féin a shaoth-
rughadh? Tá na connrathóirí láidir, agus tá
athrughadh aidhbhéil curtha ar an saoghal aca,
acht cuimhnigh tusa nach bhfuil i ndán seasamh
dhúinn. Caithfear a dhul ar aghaidh, agus muna
dtéidhfear, tiocfar ar gcúl. Caithfear an
teanga chur sa bhfaision, agus muna ndéan-
tar le ciall is le tuigsint é, ní mór a dhéanamh
le dánacht, le troid, agus le siúte.



Acht cé go bhfuil siúte riachtanach amannta,
is fearr go mór dhúinn fios a bheith againn
gurab é maith na hÉireann é a teanga bheith
aici. Is maith an rud é na daoine bheith rath-
amhail, tíoghbhasach, greannmhar, má's é an
t-iasacht féin atá aca isna neithibh seo, acht ní
ó airgead a thigeas an suaimhneas, & ní féidir
le neach an chinidh é féin fhoillsiughadh acht sa
teangadh atá ag na daoinibh ó Dhia is ó nádúr.
Tuigeadh na Gaedhilgeóirí gurab aca atá an
deis is fearr ar mhaith a dhéanamh, agus nach
fuláir do mhuinntir na tíre bheith i n-a Ghaedh-
ilgeóiribh sul bhéas aon bhail orra. Aon duine
bhfuil neart aige air & atá ag leigean do
pháisdíbh éirghe suas gan an Ghaedhilg bheith
aca, ná tá ag leigean do pháisdíbh éirghe
suas agus iad ar sgoil san nGaedheal-
tacht gan a dteanga fhoghluim, bíodh a fhios
ag an té sin gur mó tá sé mhilleadh
'ná leasughadh. Bíodh a fhios aige gur
cosmhail le lóchan é a sgaoilfidhe le gaoith lá
a mbeitheá ag cáthadh, nó le cipín a fuadó-
faidhe síos le fána strotha lá báisdighe móire.
Is cosmhail spioraid na Gaedhilge le neart an
tsrotha soin. Tá sé ag réabadh na tíre, ag
cartadh tuláin & mútaí, sgeacha & driseacha
na Galldachda as an mbealach. Déanfaidh sé
talamh glan nua i nÉirinn, & bíodh sé le rádh
againn ar fad, lá fad nó gairid, nach
díomhaoineach a bhíomar nuair a bhí ár dteanga
i gcruth an bháis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services