Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do Ghnó Féin
Title
Do Ghnó Féin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 31, 1903. Do Ghnó Féin Tá an oiread gleó á dhéanamh fé láthair i dtaobh déantúisí go mb'fheidir go mbeifidhe anuas orainn-ne dá ndéanfaimís trácht ortha annso. Is cuma linn-ne. Má theastuigheann uainn rud a chur ar bun anois, caithfam fothrom éigin a dhéanamh ar dtúis mar gheall air, & níl leath ár ndóthain fothruim á dhéanamh againn-ne i nGaedhilge ar an gceist seo déantúisí na hÉireann. Tá ana-chuid trácht á dhéanamh i mBéarla ar gach éan-taobh de'n cheist, acht táthar ag déanamh dearmhad ar mhuinntir na Gaedhilge, & i gcead díbh, a uaisle, ní haon pháirt bheag shuarach de'n náisiún so na hÉireann muinntir na Gaedhilge. Féachaidh chughainn anois & arís, a uaisle, má's é bhur dtoil é. Támuid ullamh chun ár gcion féin a dhéanamh. D'oirfeadh dhúinn fear nó buidhean d'fhearaibh a theaspeánfadh dhúinn cionnus an gnó a dhéanamh 'n-a cheart, cionnus rudaí a chur ar bun, cionnus rudaí a choimeád ar siubhal. Ní cainnt dhíomhaoin ná bolgán gaoithe atá uainn. B'fhearr linn gníomhartha d'fheiscint. Mar sin atá muinntir na Gaedhilge ag labhairt. Táid siad toilteannach chun gnó a dhéanamh. Táid siad ullamh chun déantúisí nuadha a chur ar bun 'n-a measg acht nár mhór dóibh duine éigint a thaispeánfadh dhóibh cionnus badh cheart dóibh tosnughadh ortha. An mhuinntir go raibh sé de mhisneach aca an Ghaedhilg a choimeád go dtí seo, ní baoghal ná go mbeidh misneach ionnta chun déantúisí nuadha a chur ar bun eatortha fhéin, go háirithe nuair a chuir- far 'n-a luighe ortha gurab é a leas a leithéid do dhéanamh. Níl éinne mhachtnuigheann ar cheist na Gaedhilge ná tuigeann go maith an cuma 'n-a bhfuil sí féin & ceist na ndéantúisí seo measgtha le chéile. Téidhid siad i gcomhnuidhe le cois a chéile; má théidheann ceann aca chun cinn i ndúthaigh níl baoghal ar an gceann eile. Ní hiongnadh dá bhrígh sin an fonn so atá ar mhuinntir na Gaedhilge chun deantúisí a sholáthar 'n-a measg féin. Acht ná bímís 'ár mealladh féin ag iarraidh chongnamh iasachta. Bíodh rud agat féin nó bí 'n-a éagmuis. Is minic a mheall an congnamh iasachta so sinn féin & ár sinnsir. Do b'fhearr luach frighde de rud do dhéanfá as do ghustal féin ná dá bhfuightheá an saoghal ar iasacht. Ar an ádhbhar soin, do chomhairleógh- aimís do mhuinntir na Gaedhilge a gcinn & a gcomhairle féin a chur le chéile; rud éigin a chur ar bun uatha féin; & dá dtuitfeadh sé amach go mbeadh congnamh iasachta ag teastáil uatha, é tharraing chúcha & díol as go macánta. Ar an gcuma so féadfaid é chaitheamh uatha nuair beidh réidh leis; ní bheidh sé mar ualach ortha, ná ní leomhaidh sé máighistreacht a dhéanamh ortha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services