Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do Ghnó Féin

Title
Do Ghnó Féin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 31, 1903.



Do Ghnó Féin



Tá an oiread gleó á dhéanamh fé láthair i
dtaobh déantúisí go mb'fheidir go
mbeifidhe anuas orainn-ne dá ndéanfaimís
trácht ortha annso. Is cuma linn-ne. Má
theastuigheann uainn rud a chur ar bun anois,
caithfam fothrom éigin a dhéanamh ar dtúis
mar gheall air, & níl leath ár ndóthain fothruim
á dhéanamh againn-ne i nGaedhilge ar an gceist
seo déantúisí na hÉireann. Tá ana-chuid
trácht á dhéanamh i mBéarla ar gach éan-taobh
de'n cheist, acht táthar ag déanamh dearmhad
ar mhuinntir na Gaedhilge, & i gcead díbh, a
uaisle, ní haon pháirt bheag shuarach de'n
náisiún so na hÉireann muinntir na Gaedhilge.
Féachaidh chughainn anois & arís, a uaisle, má's
é bhur dtoil é. Támuid ullamh chun ár gcion
féin a dhéanamh. D'oirfeadh dhúinn fear nó
buidhean d'fhearaibh a theaspeánfadh dhúinn
cionnus an gnó a dhéanamh 'n-a cheart, cionnus
rudaí a chur ar bun, cionnus rudaí a choimeád
ar siubhal. Ní cainnt dhíomhaoin ná bolgán
gaoithe atá uainn. B'fhearr linn gníomhartha
d'fheiscint.



Mar sin atá muinntir na Gaedhilge ag
labhairt. Táid siad toilteannach chun gnó a
dhéanamh. Táid siad ullamh chun déantúisí
nuadha a chur ar bun 'n-a measg acht nár mhór
dóibh duine éigint a thaispeánfadh dhóibh cionnus
badh cheart dóibh tosnughadh ortha. An mhuinntir
go raibh sé de mhisneach aca an Ghaedhilg a
choimeád go dtí seo, ní baoghal ná go mbeidh
misneach ionnta chun déantúisí nuadha a chur
ar bun eatortha fhéin, go háirithe nuair a chuir-
far 'n-a luighe ortha gurab é a leas a leithéid
do dhéanamh.



Níl éinne mhachtnuigheann ar cheist na
Gaedhilge ná tuigeann go maith an cuma 'n-a
bhfuil sí féin & ceist na ndéantúisí seo
measgtha le chéile. Téidhid siad i gcomhnuidhe
le cois a chéile; má théidheann ceann aca chun
cinn i ndúthaigh níl baoghal ar an gceann eile.
Ní hiongnadh dá bhrígh sin an fonn so atá ar
mhuinntir na Gaedhilge chun deantúisí a
sholáthar 'n-a measg féin.



Acht ná bímís 'ár mealladh féin ag iarraidh
chongnamh iasachta. Bíodh rud agat féin nó
bí 'n-a éagmuis. Is minic a mheall
an congnamh iasachta so sinn féin & ár sinnsir.
Do b'fhearr luach frighde de rud do dhéanfá as
do ghustal féin ná dá bhfuightheá an saoghal ar
iasacht. Ar an ádhbhar soin, do chomhairleógh-
aimís do mhuinntir na Gaedhilge a gcinn & a
gcomhairle féin a chur le chéile; rud éigin a
chur ar bun uatha féin; & dá dtuitfeadh sé
amach go mbeadh congnamh iasachta ag teastáil
uatha, é tharraing chúcha & díol as go macánta.
Ar an gcuma so féadfaid é chaitheamh uatha
nuair beidh réidh leis; ní bheidh sé mar ualach
ortha, ná ní leomhaidh sé máighistreacht a
dhéanamh ortha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services