Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Grian os cionn Duibheacáin
Title
Grian os cionn Duibheacáin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 24, 1903. “Grian os cionn Duibheacáin.” Tá an solus lasta ag Connradh na Gaedhilge le deich mbliadhna anois, acht níl sa solus sin go fóill acht mar bheadh an ghrian ag eirghe os cionn duibheacáin phortaigh. Tá an t-uisge i n-a sheasamh sa duibheacán leis na céadtaibh bliadhain, agus tá súghlach & salachair na Gall- dachta ag silt isteach ann ar feadh an achair sin. Tá seóidí & ionmhus na hÉireann ar fad báidhte thíos sa duibheacán, & tá uill-phéistí & easgainní-nimhe & feithidí fíor-ghránna de'n dream Ghallda i seilbh an ionmhuis ar fad. Tá an súghlach ag cothughadh na bhfeithidí sin, & tá salachar an uisge dá gclúdach. Tá na céadta de Chlannaibh Gaedheal dá mbáthadh sa duibh- eacán, & cuid aca ag iontódh 'n-a bpéistíbh thíos ann, agus ag cruinniughadh thart ar na seóidibh. Tá tuilleadh de Chlannaibh Gaedheal ag fanacht go fuar faiteach ar an mbruach ag tnúth leis na seóidíbh atá thíos sa bpoll, & ag cur spéacláirí atá smeartha leis an nGall- dacht ar a súilibh ag féachaint an bhfeicfidís tada tríd an uisge. Tá tuilleadh fós de na Gaedhil caithte i mullach a chéile mar bheidís ar meisge, & iad ag greodhadh & ag lobhadh & ag tuitim isteach & ag cothughadh na bpéistí atá sa bpoll. Acht tá daoine eile — cidh nach í an uimhir is mó iad — ag caitheamh na spéac- láirí smeartha gallda díobh, & ag dearcadh na slighe mar is cóir. Tá siad ag glanadh díog- an ó'n duibheacán, & ag leigean srutha d'uisge ghlan isteach ann. Níl dúil againn an sompla a leanamhaint i bhfad, cidh gur féidir linn é a leanamhaint tuilleadh, acht amháin gur maith linn a chur i n-umhail go bhfuil furmhór na hÉireann báidhte i ndorchadas go fóill, & ní léar dóibh go bhfuil solus Connartha na Gaedhilge ag éirghe idir iad & léas. Níl aimhreas ar bith nach bhfuil an solus ann, & níl aimhreas ar bith nach bhfuil sé ag neartughadh & ag éirghe. Acht ná mealltar sinn. Níl sa solus go fóill acht mar bheadh “grian os cionn duibheacán.” & níl éan léar- gus fáighte ag furmhór na tíre dá bhárr. Má tá éan duine i n-aimhreas nach bhfuil sinn ag innseacht na fírinne, freagruigheadh sé an cheist seo: Cé mhéad daoine ar fud na tíre — sagairt, bráithre, maighistirí sgoile, feilméaraidhthe, ceannaidhthe siopa — atá ag obair mar badh cheart dóibh leis an teangaidh a choinneál beó? Cé mhéad daoine a bhfuil sé ag déanamh imnidhe dhóibh, mar badh chóir, ríogh- acht ghlan-Ghaedhealach a dhéanamh d'Éirinn? Is furusda iad a chomhaireamh is gach éan phar- áisde. Tá furmhór na tíre go fóill, agus dá mbeidís íochtha ó mhuinntir Shasana le Éirinn a dhéanamh Gallda ní fhéadfaidís a dhul i n-éadan na hoibre blas níos dúthrachtaighe 'ná mar tá siad. Tá furmhór na tíre go fóill go díreach mar bhí an tír uilig tuairim 's deich mbliadhna ó shoin. Is sean-fhocal é “go gceil- eann an tsúil an rud nach bhfeiceann sí,” & cia'n t-iongnadh é go mbeadh furmhór na tíre ag imteacht ar Ghalldacht, nuair nach bhfuil blas tuigseana aca ar chúis na Gaedhilge acht oiread leis an té nár rugadh? Táthar dá rádh nach féidir a chur i n-umhail do'n Ghaedhilgeóir gur ceart dó teanga a thíre agus a shinnsir a chosaint nó oibriughadh ar a son. “Ní dhéan- faidh sé tada,” ar siad-san, “acht imtheacht leis an sruth nuair atá an sruth ró-láidir aige le snámh i n-a aghaidh.” Anois, 'sé ár mbaramhail féin go bhfuil dá dhualgas ar Chonnradh na Gaedhilge. 'Sé an chéad dualgas an teanga a shábháil gan bhuidheachas do'n tsaoghal. 'Sé an dara dualgas smior agus smeádadh a chur ins na daoinibh — idir Ghaedhil- geóirí agus Béarlóirí — le go leanfaidh siad do'n cheart le ómós dóibh féin agus dá dtír. Caithfear an tseóinínteach a ghlanadh as a gcreatachaibh, acht, mura bhfuil dúil aca sgaradh leis an tseóinínteacht, fanaidís amach uainn. 'Sé bun & barr & lár an sgéil: tugtar eólas do na daoinibh. Cuirtear comhairle ortha, agus “an té nach nglacfaidh comhairle glacfaidh sé comhrac,” mar deir an sean- fhocal. Níl aimhreas ar bith nach bhfuil mianach na troda ins na Gaedhil, &, má fheiceann siad daltaí Connartha na Gaedhilge ag labhairt amach go dána urranta, os a gcomhair, béidh meas aca ortha. Bhíodh sé i gceist ag na sgéalaidhthibh “go dtiocfaidh fear ó íochtar an domhain go huachtar an domhain ag feitheamh catha & cruadh-chomhraic,” acht, má fheiceann muinntir na hÉireann nach bhfuil mianach na troda ionnainn, ní bhéidh éan bharamhail aca asainn — tuitfidh siad 'n-a dtoirchim suain arís mar bhí siad cheana. Iarracht ar bith dhá dtiubhrfar, tugtar go cruaidh láidir í. “Níl urchar ar bith is measa 'ná an t-urchar nach gcuirtear i gcionn.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services