Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Grian os cionn Duibheacáin

Title
Grian os cionn Duibheacáin
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 24, 1903.



“Grian os cionn Duibheacáin.”



Tá an solus lasta ag Connradh na Gaedhilge
le deich mbliadhna anois, acht níl sa solus
sin go fóill acht mar bheadh an ghrian ag eirghe
os cionn duibheacáin phortaigh. Tá an t-uisge
i n-a sheasamh sa duibheacán leis na céadtaibh
bliadhain, agus tá súghlach & salachair na Gall-
dachta ag silt isteach ann ar feadh an achair
sin. Tá seóidí & ionmhus na hÉireann ar fad
báidhte thíos sa duibheacán, & tá uill-phéistí &
easgainní-nimhe & feithidí fíor-ghránna de'n
dream Ghallda i seilbh an ionmhuis ar fad. Tá
an súghlach ag cothughadh na bhfeithidí sin, & tá
salachar an uisge dá gclúdach. Tá na céadta
de Chlannaibh Gaedheal dá mbáthadh sa duibh-
eacán, & cuid aca ag iontódh 'n-a bpéistíbh
thíos ann, agus ag cruinniughadh thart ar na
seóidibh. Tá tuilleadh de Chlannaibh Gaedheal
ag fanacht go fuar faiteach ar an mbruach ag
tnúth leis na seóidíbh atá thíos sa bpoll, & ag
cur spéacláirí atá smeartha leis an nGall-
dacht ar a súilibh ag féachaint an bhfeicfidís
tada tríd an uisge. Tá tuilleadh fós de na
Gaedhil caithte i mullach a chéile mar bheidís
ar meisge, & iad ag greodhadh & ag lobhadh &
ag tuitim isteach & ag cothughadh na bpéistí
atá sa bpoll. Acht tá daoine eile — cidh nach
í an uimhir is mó iad — ag caitheamh na spéac-
láirí smeartha gallda díobh, & ag dearcadh na
slighe mar is cóir. Tá siad ag glanadh díog-
an ó'n duibheacán, & ag leigean srutha d'uisge
ghlan isteach ann.



Níl dúil againn an sompla a leanamhaint
i bhfad, cidh gur féidir linn é a leanamhaint
tuilleadh, acht amháin gur maith linn a chur i
n-umhail go bhfuil furmhór na hÉireann báidhte
i ndorchadas go fóill, & ní léar dóibh go bhfuil
solus Connartha na Gaedhilge ag éirghe idir
iad & léas. Níl aimhreas ar bith nach bhfuil an
solus ann, & níl aimhreas ar bith nach bhfuil sé
ag neartughadh & ag éirghe. Acht ná mealltar
sinn. Níl sa solus go fóill acht mar bheadh
“grian os cionn duibheacán.” & níl éan léar-
gus fáighte ag furmhór na tíre dá bhárr.



Má tá éan duine i n-aimhreas nach bhfuil
sinn ag innseacht na fírinne, freagruigheadh
sé an cheist seo: Cé mhéad daoine ar fud na
tíre — sagairt, bráithre, maighistirí sgoile,
feilméaraidhthe, ceannaidhthe siopa — atá ag
obair mar badh cheart dóibh leis an teangaidh
a choinneál beó? Cé mhéad daoine a bhfuil sé
ag déanamh imnidhe dhóibh, mar badh chóir, ríogh-
acht ghlan-Ghaedhealach a dhéanamh d'Éirinn? Is
furusda iad a chomhaireamh is gach éan phar-
áisde. Tá furmhór na tíre go fóill, agus dá
mbeidís íochtha ó mhuinntir Shasana le Éirinn a
dhéanamh Gallda ní fhéadfaidís a dhul i
n-éadan na hoibre blas níos dúthrachtaighe 'ná
mar tá siad. Tá furmhór na tíre go fóill go
díreach mar bhí an tír uilig tuairim 's deich
mbliadhna ó shoin. Is sean-fhocal é “go gceil-
eann an tsúil an rud nach bhfeiceann sí,” &
cia'n t-iongnadh é go mbeadh furmhór na tíre
ag imteacht ar Ghalldacht, nuair nach bhfuil
blas tuigseana aca ar chúis na Gaedhilge acht
oiread leis an té nár rugadh? Táthar dá rádh
nach féidir a chur i n-umhail do'n Ghaedhilgeóir
gur ceart dó teanga a thíre agus a shinnsir a
chosaint nó oibriughadh ar a son. “Ní dhéan-
faidh sé tada,” ar siad-san, “acht imtheacht
leis an sruth nuair atá an sruth ró-láidir
aige le snámh i n-a aghaidh.” Anois, 'sé ár
mbaramhail féin go bhfuil dá dhualgas ar
Chonnradh na Gaedhilge. 'Sé an chéad dualgas
an teanga a shábháil gan bhuidheachas do'n
tsaoghal. 'Sé an dara dualgas smior agus
smeádadh a chur ins na daoinibh — idir Ghaedhil-
geóirí agus Béarlóirí — le go leanfaidh siad
do'n cheart le ómós dóibh féin agus dá dtír.
Caithfear an tseóinínteach a ghlanadh as a
gcreatachaibh, acht, mura bhfuil dúil aca
sgaradh leis an tseóinínteacht, fanaidís amach
uainn.



'Sé bun & barr & lár an sgéil: tugtar
eólas do na daoinibh. Cuirtear comhairle
ortha, agus “an té nach nglacfaidh comhairle
glacfaidh sé comhrac,” mar deir an sean-
fhocal. Níl aimhreas ar bith nach bhfuil mianach
na troda ins na Gaedhil, &, má fheiceann siad
daltaí Connartha na Gaedhilge ag labhairt
amach go dána urranta, os a gcomhair, béidh
meas aca ortha. Bhíodh sé i gceist ag na
sgéalaidhthibh “go dtiocfaidh fear ó íochtar an
domhain go huachtar an domhain ag feitheamh
catha & cruadh-chomhraic,” acht, má fheiceann
muinntir na hÉireann nach bhfuil mianach na
troda ionnainn, ní bhéidh éan bharamhail aca
asainn — tuitfidh siad 'n-a dtoirchim suain
arís mar bhí siad cheana. Iarracht ar bith dhá
dtiubhrfar, tugtar go cruaidh láidir í. “Níl
urchar ar bith is measa 'ná an t-urchar nach
gcuirtear i gcionn.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services