Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Idir Shugradh is Dá Ríre
Title
Idir Shugradh is Dá Ríre
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 10, 1903. IDIR SHUGRADH IS DÁ RÍRE Is searbh an mhaise dhuit gearán a dhéanamh le do charaid, acht is ag ceartughadh a chéile a chaitheas daoine a saoghal, & mairfidh an fhírinne taréis gach pusaireacht. Bhí daoine ann agus mharbhuigheadar iad féin ar son na teangadh; tá daoine fós ann a ghníos flith- mhagadh fút má labhrann tú focal Gaedhilge leó; atá dream eile idir eatorra, déanann siad beagán éicint ar son a dtíre .i. a dteangadh, & is mór leó a dhul níos fuide. Suidheann siad síos ar a ngugaide annsin, ar an gclaidhe, tamall eile ag faire an chatha, & ní lugha ná cith méarógaí a chuireadh as iad. Ní dhéanfaidh sé cúis do dhuine dhá lá na seacht- mhain ná mí na ráithe a chaitheamh leis an teangaidh agus tuirse a leigeann air féin fá dheireadh. Má theastuigh sé an Ghaedhilg a shaothrughadh Dia hAoine & Dia Sathairn, theastuigh sé Dia Domhnaigh freisin, & Dia Luain & Dia Máirt & an dá lá eile de'n tseachtmhain; agus má's cóir í shaothrughadh fá Bhealtaine, tá an córtas céadna í shaothrughadh fá Shamhain, fá Nodlaig, fá Fhéil Phádraig, fá Cháisg & fá gach uile am eile de'n bhliadhain dá bhfuil ann. Nach bhfuil an t-anam chomh riacht- anach am de'n bhliadhain & tá sé am eile? Má's céillidhe an rud dúinn teannadh leis chor ar bith, is dí-chéillidhe an rud dúinn gan teannadh leis i gcomhnuidhe. Ní neamh-chosmhail an duine leis an bpurtán — mara dtéighe sé ar aghaidh rachaidh sé an tslighe eile, níl sé i n-ann dó seasamh. Má théigheann duine seacht gcéim ar aghaidh agus éirghe as annsin, siar leis trí chéim ar gcúl, i n-áit go gceapann sé féin nach dtéigheann sé ar gcúl ná ar aghaidh. Dhá bhrígh sin caithfear staidéar a ghlacadh, ciall a ghlacadh, agus gan brí thruslóg a thabhairt aimsir feise, ná féile de'n tsórt sin. Is olc iad na truslóga obanna sin, fágann siad na heasnacha tinn ar feadh i bhfad. Acht glactar an staidéar, & cuirtear an Ghaedhilg i náit onórach i mbaramhail na ndaoine (mar deir an Béarla). Síleann daoine fós gur beag is fiú obair mar tá ar siubhal ag an gConnradh mara mbéidh ridire nó tighearna nó diúic nó ainmhidhe éigin mar sin agus a láimh aige ann. Is breagh an greann leó focal Gaedhilge a labhairt, & annsin sgairt gáirid a leigeann asta féin faoi rádh is go gcloisidís iad féin ag labhairt mar na daoine bochta suaracha sin nach dtuigeann an Béarla, go bhfóiridh Dia orainn. Dá gcuir- feá suas maide dubh san oidhche, cumaraidh- eacht duine a chur air fá chomhair na maidne, é ghleásadh suas i n-a chulaidh bhreagh ghaisge, & annsin a rádh ar maidin gurab é sin Tighearna Bun Croinn, & gur dhubhairt sé go mba cheart doirteál a chur ar chois lachan agus í chasadh romhat i gcomhnuidhe, gheabhthá daoine ag cuartughadh lachain lá ar na bháireach. Acht is dóigh nach ceart a thógáil orra. Sin é an tabhairt suas a fuaireadar. Ní thuigeann siad goidé an nidh duine bheith dá ríre, ná duine bheith díograsach, ná bheith tórtha ar rud a bhéas gan tsomhaoin dó féin. Déanann siad gáiridh, go minic, san áit a ndéanfadh duine eile gol. Bíodh a fhios aca “An té bhíos ag gáiridh bíonn a leath faoi féin.” Má tá craobhacha dhá ríre, an bhfuil aon sgoil páisdí i n-a gcomhursanacht gan iarracht a dhéanamh fós an teanga fhoghluim? Má tá siad dhá ríre, an bhfuil coisdí poiblidhe i n-a gcomhursanacht ag leathadh an Bhéarla fós gan call ar bith aca leis? — bhfuil páipéir nuaidh- eacht thar timcheall orra & a súile dúinte aca ar an nGaedhilg? An bhfuil siad dhá ríre an lá a bhfuil airgead i n-a bpóca aca agus Príomh-Choisde an Chonnartha ar lorg greim a mbéil? — agus an bhfuil siad dhá ríre an lá ar chuir siad airgead a bailigheadh le haghaidh úsáid an Phríomh-Choisde ina bpóca dhóibh féin? — agus, má's dhá ríre tá siad ar an gcunntar deireadh seo, i n-a náimhdibh dhá ríre atá siad? B'éidir dhóibh a bheith dhá ríre ar a son féin, a n-ainmneacha a chur san bpáipéar nuaidheacht. Má chuireann tú a n-ainm san bpáipéar agus focal molta a rádh leó, beidh drad gáiridh orra tamall; acht má chuireann tú móisiam orra arís beidh pusaireacht ann. Tá siad-san dhá ríre! I n-ainm Dé, éirightear as an nglugaireacht & as an nglagaireacht & bídhtear dílis díreach fearamhail do'n Ghaedhilg, & annsin tuillfimíd onóir dár dtír & dúinn féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services