An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 10, 1903.
IDIR SHUGRADH IS DÁ RÍRE
Is searbh an mhaise dhuit gearán a dhéanamh
le do charaid, acht is ag ceartughadh a
chéile a chaitheas daoine a saoghal, & mairfidh
an fhírinne taréis gach pusaireacht. Bhí daoine
ann agus mharbhuigheadar iad féin ar son na
teangadh; tá daoine fós ann a ghníos flith-
mhagadh fút má labhrann tú focal Gaedhilge
leó; atá dream eile idir eatorra, déanann
siad beagán éicint ar son a dtíre .i. a
dteangadh, & is mór leó a dhul níos fuide.
Suidheann siad síos ar a ngugaide annsin,
ar an gclaidhe, tamall eile ag faire an chatha,
& ní lugha ná cith méarógaí a chuireadh as iad.
Ní dhéanfaidh sé cúis do dhuine dhá lá na seacht-
mhain ná mí na ráithe a chaitheamh leis an
teangaidh agus tuirse a leigeann air féin
fá dheireadh. Má theastuigh sé an Ghaedhilg a
shaothrughadh Dia hAoine & Dia Sathairn,
theastuigh sé Dia Domhnaigh freisin, & Dia
Luain & Dia Máirt & an dá lá eile de'n
tseachtmhain; agus má's cóir í shaothrughadh fá
Bhealtaine, tá an córtas céadna í shaothrughadh
fá Shamhain, fá Nodlaig, fá Fhéil Phádraig, fá
Cháisg & fá gach uile am eile de'n bhliadhain dá
bhfuil ann. Nach bhfuil an t-anam chomh riacht-
anach am de'n bhliadhain & tá sé am eile?
Má's céillidhe an rud dúinn teannadh leis chor
ar bith, is dí-chéillidhe an rud dúinn gan
teannadh leis i gcomhnuidhe. Ní
neamh-chosmhail an duine leis an bpurtán —
mara dtéighe sé ar aghaidh rachaidh sé an tslighe
eile, níl sé i n-ann dó seasamh. Má théigheann
duine seacht gcéim ar aghaidh agus éirghe as
annsin, siar leis trí chéim ar gcúl, i n-áit go
gceapann sé féin nach dtéigheann sé ar gcúl
ná ar aghaidh.
Dhá bhrígh sin caithfear staidéar a ghlacadh,
ciall a ghlacadh, agus gan brí thruslóg a
thabhairt aimsir feise, ná féile de'n tsórt sin.
Is olc iad na truslóga obanna sin, fágann
siad na heasnacha tinn ar feadh i bhfad. Acht
glactar an staidéar, & cuirtear an Ghaedhilg
i náit onórach i mbaramhail na ndaoine (mar
deir an Béarla).
Síleann daoine fós gur beag is fiú obair
mar tá ar siubhal ag an gConnradh mara mbéidh
ridire nó tighearna nó diúic nó ainmhidhe éigin
mar sin agus a láimh aige ann. Is breagh an
greann leó focal Gaedhilge a labhairt, &
annsin sgairt gáirid a leigeann
asta féin faoi rádh is go gcloisidís
iad féin ag labhairt mar na daoine
bochta suaracha sin nach dtuigeann an
Béarla, go bhfóiridh Dia orainn. Dá gcuir-
feá suas maide dubh san oidhche, cumaraidh-
eacht duine a chur air fá chomhair na maidne, é
ghleásadh suas i n-a chulaidh bhreagh ghaisge, &
annsin a rádh ar maidin gurab é sin Tighearna
Bun Croinn, & gur dhubhairt sé go mba cheart
doirteál a chur ar chois lachan agus í chasadh
romhat i gcomhnuidhe, gheabhthá daoine ag
cuartughadh lachain lá ar na bháireach. Acht is
dóigh nach ceart a thógáil orra. Sin é an
tabhairt suas a fuaireadar. Ní thuigeann
siad goidé an nidh duine bheith dá ríre, ná
duine bheith díograsach, ná bheith tórtha ar rud
a bhéas gan tsomhaoin dó féin. Déanann
siad gáiridh, go minic, san áit a ndéanfadh
duine eile gol. Bíodh a fhios aca “An té
bhíos ag gáiridh bíonn a leath faoi féin.”
Má tá craobhacha dhá ríre, an bhfuil aon
sgoil páisdí i n-a gcomhursanacht gan iarracht
a dhéanamh fós an teanga fhoghluim? Má tá
siad dhá ríre, an bhfuil coisdí poiblidhe i n-a
gcomhursanacht ag leathadh an Bhéarla fós gan
call ar bith aca leis? — bhfuil páipéir nuaidh-
eacht thar timcheall orra & a súile dúinte aca
ar an nGaedhilg? An bhfuil siad dhá ríre
an lá a bhfuil airgead i n-a bpóca aca agus
Príomh-Choisde an Chonnartha ar lorg greim a
mbéil? — agus an bhfuil siad dhá ríre an lá ar
chuir siad airgead a bailigheadh le haghaidh
úsáid an Phríomh-Choisde ina bpóca dhóibh féin?
— agus, má's dhá ríre tá siad ar an gcunntar
deireadh seo, i n-a náimhdibh dhá ríre atá
siad? B'éidir dhóibh a bheith dhá ríre ar a son
féin, a n-ainmneacha a chur san bpáipéar
nuaidheacht. Má chuireann tú a n-ainm san
bpáipéar agus focal molta a rádh leó, beidh
drad gáiridh orra tamall; acht má chuireann
tú móisiam orra arís beidh pusaireacht ann.
Tá siad-san dhá ríre!
I n-ainm Dé, éirightear as an nglugaireacht
& as an nglagaireacht & bídhtear dílis díreach
fearamhail do'n Ghaedhilg, & annsin tuillfimíd
onóir dár dtír & dúinn féin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11