Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tSochraid
Title
An tSochraid
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Deireadh Foghmhair 03, 1903. An tSochraid Is uasal an rud é do thír, a daoine bheith ag tabhairt onóra d'uaisleacht, mar a tugadh do chorp an Athar Eoghain Uí Ghramhnaigh Dia Domhnaigh. Is fada an lá ó nach raibh sochraid mar í i sráideannaibh phríomh-chathrach na hÉireann. Maidir leis na daoinibh bhí ann, bhí brón agus dólás croidhe agus buaidh na cúise ag corughadh ina n-aigneadh. Bhí brón orra fa an laoch láidir a chuir teanga na nGaedheal ar a bhonnaibh arís a bheith é féin leagtha ar lár, an fear a fuair Gaedheal na hÉireann sa lathaigh agus a thug an chéad iarr- aidh faoi 'n-a chur ina ionad féin arís a bheith os cionn cláir mo léan is dúbhach, dúbhach, dól- ásach, is cráidhte an sgéal é fear mar eisean — an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh bheith ar lár. Acht ní gan bhláth atá sé indiu. Tá buaidhte ag an gcúis a chuir sé ar bun, agus b'fhorus d'aithne ar lucht na sochraide, Dia Domhnaigh, go raibh buaidhte ag an bhfear a bhí ag dul san uaigh uatha. Bhí misneach ina n-aghaidhthibh agus coráisde, dílseacht agus díogras ina gcroidh- thibh agus ní hé a chosamhlacht go gcuirfear síos arís go luath iad tar éis a n-éirghe an turais so. I bhfad sul bhí an tAifreann thart bhí na sluaighte cruinnighthe ina rangaibh 'sna sráid- eannaibh atá ag síneadh amach ar gach taoibh do Phríomh Eaglais na cathrach. D'fhan siad mar sin, gach aon chúigear aca treasna an bhóthair go socair ciúin nó go dtáinig an t-am le n-imtheacht. Bhí a gcuid bratacha clúdaighthe dubh aca go léir, ribíní dubha ioldathacha meas- gaighthe le dubh ar a mbrollaighibh aca. Bhog- adar amach chun siubhail fa dheireadh, nuair a bhí an tAifreann thart, agus gach uile fhear ar a dhícheall agá iomchur féin ar modh go ndéan- fadh sé onóir do'n té thug onóir ar na teang- aidh. Chuadar suas Sráid na Breatainne Móire, anuas Sráid Uí Chonaill agus thar Choláisde na Trionóide, suas nó gur chasadar an coirnéal arís ag Halla na Cathrach. Shiubhl- adar ar aghaidh annsin thar an Life thart go dtí Sráid na Breatainne Móire arís agus Cearnóg Rutlaind nó gur shroicheadar an stad ag an Liag Leathan. As sin síos go Muigh Nuadhad leó, an áit a raibh na maca léighinn agus lucht an Choláisde ar an mbóthar ag an stad rompa. Ag an gColáisde is eadh do thug an tAthair Seaghán Ó Raghallaigh an oráid uaidh ar an sagart uasal an tAthair Eoghan Ua Gramhnaigh. Tar éis na horáide cuireadh an corp san séipéal go maidin, agus Dia Luain tugadh ina cille é. Ba bhreagh agus b'iongantaighe an tsochraid í sochraid an Domhnaigh, agus is fada fada ó mhairfeas sé i gcroidhe na nGaedheal gur ar son na fírinne atá i gcúis an teangadh a chaith an tAthair Eoghan é féin, agus má's linne an onóir a thabhairt do, mar a cheapfadh sé féin amach í (ní cheapfadh sé amach dhó féin í, acht dá mbeadh gan aon roghain eile bheith aige cheapfadh sé dhúinn ár míle dícheall a dhéanamh i gcomhnuidhe agus go síorraidhe do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services