Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Ua Gramhnaigh
Title
An tAthair Ua Gramhnaigh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 26, 1903. An tAthair Ua Gramhnaigh Nuair bhí an Ghaedhilge gan meas uirri nuair nach raibh acht cor-dhuine ag cur suime innti (agus go n-abruightí go mbeadh a leithéid sin ar bheagán céille), nuair ba chuma le furmhór muinntire na hÉireann a bheith ann nó as, nuair nár cuimhnigheadh ar iarracht a thabhairt fé 'n-a haith-bheó- chaint agus a cur ar a cosaibh arís, bhí aon fhear amháin i nÉirinn, pé ar domhan é, a cheap 'na aigne go mbeadh sí aige féin & na caillfidhe í gur fé'n gréafóig dá chorp, & fós a chuir roimhe daoine neamh- shuimeamhla na tíre seo a ghríosughadh — b'é sin an tAthair Eoghan Ua Gramhna. Is fuiris dúinn-ne indiu, nuair atá sluagh mór againn le chéile, obair a dhéanamh; tagann sí go héadtrom orainn nuair nach mbíonn acht beagán dí ar ghualainn gach n-aon againn, & ceapaimíd nach bhfuil aon bhrígh innti. Acht nuair nach raibh acht duine nó dhó chum na hoibre dhéanamh — agus bíodh a fhios agaibh gur dhéine faoi dho, & gur thruime í an tráth sin 'ná mar atá sí anois — ní fuláir nó go dtagadh sí cruaidh go leór orra. Ní rabhadh acht ag tosnughadh ar muinntir na hÉireann a mhúscailt as an dtoirchim-suain 'na rabhadar nuair phreab an leomhan sin isteach bpáirc an bhuailte, agus thuit amach gur maith an comhraicidhe a dhein sé ar son teangan agus tíre. Throid sé go calma cródha i n-aghaidh namhad a thíre a bhí chomh líonmhar le beacha 'na thimcheall & munar rug sé buaidh féin ní deacair a thuisgint cé an fáth. Thuit sé sa' deireadh i lár an chatha. Dá mairfeadh sé ní fhios cad a dhéanfadh sé & ní misde dúinn a rádh ná gur cailleadh ceann de leomhain na Gaedhilge nuair d'éag an deagh- fhear ealadhnta léigheanta sin. Is mór an creach é; chaith sé a shaoghal & a shláinte ag obair ar son a thíre & an fhaid is bheidh uisge ag rith nó féar ag fás ar thalamh glas na hÉireann beidh díl-chuimhne i gcroidhthibh Gaedheal do'n Athair Eoghan Ua Gramhna. Is buaine bláth ná saoghal. Go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam! An Gaedheal as féin Is beag nidh a d'fhéadfadh duine a dhéanamh má fuair sé lúdh na mball dhó féin, níos tútaighe ná bheith ag súil le daba fhagháil ó'n gcomhursain, air a mairfeadh sé. Má fuair sé lúdh na mball, ba chóir dhó beatha baint asta, agus má bhíonn sé gan fóir-éiginteacht ar bith a theacht treasna air, is ceart dó bheith sásta leis an gcothughadh a gheobhas sé dhó féin. Tá daoine tíre ar an mbealach céadna. Siad na daoine a ghníos an tír. Chomh fada & tá clann na nGaedheal ag saothrughadh an Bhéarla tá siad réidh le aon leas a dhéanamh dhóibh féin; & rud eile dhe, tá siad “ar a dtár sa gcaonach agus dallán an mhadradh alla ina mbéal aca,” ag iarraidh an tseód a fuaireadar féin a leigean chun báis, & beatha bhaint as sochair an allmhúraigh .i. an mhadraidh alla. Caithfear a admhughadh go dtáinig treas- naidheacht agus amhgar anuas ar chlainn na nGaedheal, agus go bhfuil cuid, ar chuma ar bith, dá leithsgéal le gabháil. Cuireadh rith agus ruaig orra as a bhfearann dhúthchais, dalladh iad le heasbaidh oideachais, cuireadh srian lena gcreideamh, agus cuireadh an iomad an-chaoi eile mar sin orra. Caithfear admhughadh nár bh'fhorusda dhóibh an t-anam a thabhairt slán leó agus a liachtaighe buille a tugadh faoi, agus a mhinicidhe agus féachadh le smeach a thabhairt dóibh a chuirfeadh as iad mar chuirfeá coinneal as idir do mhéarachaibh. Bhí an teacht aniar san gcineadh agus mura mbeadh go raibh bhéidís ar iarraidh indiu & gan fios a ndath. Acht bíodh sin mar sin. Ní hé amháin gur tútach an rud a bheith ag faire ar theangaidh an allmhúraigh acht is córtha ná sin dúinn cuimhniughadh nach bhfuil aon dul ar aghaidh i ndán dúinn gan an teanga agus an croidhe bheith Gaedhealach. Tá sé fánach againn a bheith súil leis. Cuir i gcás go ndéanann fear as Éirinn gníomh mór éifeachtach éigin, cé dhó dtiocfaidh sé chun tairbhe agus cé air a mbeidh a cháil — ar an nGaedheal nó ar an nGall do'n Gall. I gcruthamhnas nach bhfuil neart ag an Éire- ananch gníomh iongantach ná obair mhaith a dhéanamh nach hé an fear thall agus a thír atá chun tosaigh leis. Curtar an Gaedheal i n-íochtar le gach uile chor. Cé an leigheas atá againn air? Tá, an Gaedheal ag neartughadh. Gan smaointe na nGall, do réir mar nochnuighthear iad sna páipéir nuaidheacht Gallda, a léigheamh. Gan an Ghalldacht a shughadh isteach agus bealaigh na nGaedheal a sgaoileadh le fán. Gan sean- imtheachta ná stair na tíre a chaitheamh uainn, acht a saothrughadh, a léigheamh, a sgrúdughadh, a leasughadh agus a n-aith-leasughadh. Smaointe na nGaedheal a bheith againn, agus a gcur os comhair gach uile dhuine, an beag is an mór, an sean is an t-óg, an t-íseal san t-uasal, an suairc san duairc. Iad a bhrughadh go sleamhain ar an té nach mbéidh aon ghlacadh aige leó ar chaoi eile, & tuilleadh daoine doicheallacha a mhaslughadh leo. Chuidigh na sgoileanna náisiúnta (slán an tsamhail ag náisiúnta é!) leis an bpáipéar nuaidheacht, acht ní'l siad-san chomh dona anois agus bhíodar cé go bhfuil cuid aca fós ann a dtastóchadh sáith de'n bhior uatha. Tá na coisdí puiblidhe ag sgaipeadh an Ghalldachais fós chomh teann agus bhíodar ariamh, agus is láidir nó is treise leó i ndeireadh na dála ná le na Gallaibh féin nuair a chinn orra an Ghaedhealtacht a mharbhughadh. Tá na feisirí féin ag déanamh leasa agus agá mhilleadh arís ag sgaipeadh smaointe na nGaedheal ar imtheachtaibh & ar dhomhan an tSasanaigh. Go dtí go gcuiridh craobhacha de Chonnradh na Gaedhilge athrughadh éigin ar an bhfaillighe atá na coisdí puiblidhe, cuid de na sgoilean- naibh, na feisirí, sagairt, easboig, ceanna tighthe, agus daoine puiblidhe eile a dhéanamh ar theangaidh agus ar smaointibh na hÉireann ní bheidh siad acht fa chois, san lathaigh. Dá mbeadh an Ghaedhilg ag muinntir na hÉireann go léir, bheadh a n-oll-sgoil féin aca, no leath- doiséinne díobh, dá mbeidís ag teastáil uatha; bheadh a loingeas féin ar muir aca; bheadh siad féin n-árd-cheannus na tíre, leabaidh bheith ag iarraidh seo ná siúd ar son Dé ó'n nGall: bheadh ealadha, agus dán, gaois agus eagna as an nGaedhilg aca; agus beidís fá mheas mar ba dligheathach dóibh. Sin í an obair atá roimh an gConnradh agus roimhe gach ball de, gubán a chur i mbéal na druinge atá ag craobh-sgaoileadh smaointe na nGall, agus smaointe na nGaedheal a chur sna n-ionad. Mara ndéantar sin, mara ndéantar go díochasach é, agus go díleas dúrachtach, d'acht is d'áithrid ní tharraingeófar go bráth sinn as an bpruchóg báidhte 'nar chuir an Bhéarla muid.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services