An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 26, 1903.
An tAthair Ua Gramhnaigh
Nuair bhí an Ghaedhilge gan meas uirri
nuair nach raibh acht cor-dhuine ag cur
suime innti (agus go n-abruightí go mbeadh
a leithéid sin ar bheagán céille), nuair ba
chuma le furmhór muinntire na hÉireann a
bheith ann nó as, nuair nár cuimhnigheadh
ar iarracht a thabhairt fé 'n-a haith-bheó-
chaint agus a cur ar a cosaibh arís,
bhí aon fhear amháin i nÉirinn, pé ar
domhan é, a cheap 'na aigne go mbeadh sí aige
féin & na caillfidhe í gur fé'n gréafóig dá
chorp, & fós a chuir roimhe daoine neamh-
shuimeamhla na tíre seo a ghríosughadh — b'é sin
an tAthair Eoghan Ua Gramhna.
Is fuiris dúinn-ne indiu, nuair atá sluagh
mór againn le chéile, obair a dhéanamh; tagann
sí go héadtrom orainn nuair nach mbíonn acht
beagán dí ar ghualainn gach n-aon againn, &
ceapaimíd nach bhfuil aon bhrígh innti. Acht
nuair nach raibh acht duine nó dhó chum na
hoibre dhéanamh — agus bíodh a fhios agaibh gur
dhéine faoi dho, & gur thruime í an tráth sin 'ná
mar atá sí anois — ní fuláir nó go dtagadh sí
cruaidh go leór orra. Ní rabhadh acht ag
tosnughadh ar muinntir na hÉireann a mhúscailt
as an dtoirchim-suain 'na rabhadar nuair
phreab an leomhan sin isteach bpáirc
an bhuailte, agus thuit amach gur maith
an comhraicidhe a dhein sé ar son
teangan agus tíre. Throid sé go calma
cródha i n-aghaidh namhad a thíre a bhí chomh
líonmhar le beacha 'na thimcheall & munar rug
sé buaidh féin ní deacair a thuisgint cé an
fáth.
Thuit sé sa' deireadh i lár an chatha. Dá
mairfeadh sé ní fhios cad a dhéanfadh sé & ní
misde dúinn a rádh ná gur cailleadh ceann de
leomhain na Gaedhilge nuair d'éag an deagh-
fhear ealadhnta léigheanta sin. Is mór an creach
é; chaith sé a shaoghal & a shláinte ag obair ar
son a thíre & an fhaid is bheidh uisge ag rith nó
féar ag fás ar thalamh glas na hÉireann beidh
díl-chuimhne i gcroidhthibh Gaedheal do'n Athair
Eoghan Ua Gramhna. Is buaine bláth ná saoghal.
Go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam!
An Gaedheal as féin
Is beag nidh a d'fhéadfadh duine a dhéanamh
má fuair sé lúdh na mball dhó féin, níos
tútaighe ná bheith ag súil le daba fhagháil ó'n
gcomhursain, air a mairfeadh sé. Má fuair
sé lúdh na mball, ba chóir dhó beatha baint asta,
agus má bhíonn sé gan fóir-éiginteacht ar
bith a theacht treasna air, is ceart dó bheith
sásta leis an gcothughadh a gheobhas sé dhó féin.
Tá daoine tíre ar an mbealach céadna.
Siad na daoine a ghníos an tír. Chomh fada &
tá clann na nGaedheal ag saothrughadh an
Bhéarla tá siad réidh le aon leas a dhéanamh
dhóibh féin; & rud eile dhe, tá siad “ar a
dtár sa gcaonach agus dallán an mhadradh
alla ina mbéal aca,” ag iarraidh an tseód a
fuaireadar féin a leigean chun báis, & beatha
bhaint as sochair an allmhúraigh .i. an mhadraidh
alla.
Caithfear a admhughadh go dtáinig treas-
naidheacht agus amhgar anuas ar chlainn na
nGaedheal, agus go bhfuil cuid, ar chuma ar
bith, dá leithsgéal le gabháil. Cuireadh rith
agus ruaig orra as a bhfearann dhúthchais,
dalladh iad le heasbaidh oideachais, cuireadh
srian lena gcreideamh, agus cuireadh an
iomad an-chaoi eile mar sin orra. Caithfear
admhughadh nár bh'fhorusda dhóibh an t-anam a
thabhairt slán leó agus a liachtaighe buille a
tugadh faoi, agus a mhinicidhe agus féachadh le
smeach a thabhairt dóibh a chuirfeadh as iad mar
chuirfeá coinneal as idir do mhéarachaibh. Bhí
an teacht aniar san gcineadh agus mura
mbeadh go raibh bhéidís ar iarraidh indiu & gan
fios a ndath.
Acht bíodh sin mar sin. Ní hé amháin gur
tútach an rud a bheith ag faire ar theangaidh an
allmhúraigh acht is córtha ná sin dúinn
cuimhniughadh nach bhfuil aon dul ar aghaidh i
ndán dúinn gan an teanga agus an croidhe bheith
Gaedhealach. Tá sé fánach againn a bheith súil
leis. Cuir i gcás go ndéanann fear as
Éirinn gníomh mór éifeachtach éigin, cé dhó
dtiocfaidh sé chun tairbhe agus cé air a mbeidh
a cháil — ar an nGaedheal nó ar an nGall do'n
Gall. I gcruthamhnas nach bhfuil neart ag an Éire-
ananch gníomh iongantach ná obair mhaith a
dhéanamh nach hé an fear thall agus a thír atá chun
tosaigh leis. Curtar an Gaedheal i n-íochtar
le gach uile chor.
Cé an leigheas atá againn air? Tá, an
Gaedheal ag neartughadh. Gan smaointe na
nGall, do réir mar nochnuighthear iad sna
páipéir nuaidheacht Gallda, a léigheamh. Gan
an Ghalldacht a shughadh isteach agus bealaigh
na nGaedheal a sgaoileadh le fán. Gan sean-
imtheachta ná stair na tíre a chaitheamh uainn,
acht a saothrughadh, a léigheamh, a sgrúdughadh, a
leasughadh agus a n-aith-leasughadh. Smaointe
na nGaedheal a bheith againn, agus a gcur os
comhair gach uile dhuine, an beag is an mór, an
sean is an t-óg, an t-íseal san t-uasal, an
suairc san duairc. Iad a bhrughadh go
sleamhain ar an té nach mbéidh aon ghlacadh
aige leó ar chaoi eile, & tuilleadh daoine
doicheallacha a mhaslughadh leo.
Chuidigh na sgoileanna náisiúnta (slán an
tsamhail ag náisiúnta é!) leis an
bpáipéar nuaidheacht, acht ní'l siad-san chomh
dona anois agus bhíodar cé go bhfuil cuid
aca fós ann a dtastóchadh sáith de'n bhior uatha.
Tá na coisdí puiblidhe ag sgaipeadh an
Ghalldachais fós chomh teann agus bhíodar ariamh,
agus is láidir nó is treise leó i ndeireadh
na dála ná le na Gallaibh féin nuair a chinn
orra an Ghaedhealtacht a mharbhughadh. Tá na
feisirí féin ag déanamh leasa agus agá
mhilleadh arís ag sgaipeadh smaointe na
nGaedheal ar imtheachtaibh & ar dhomhan an
tSasanaigh.
Go dtí go gcuiridh craobhacha de Chonnradh
na Gaedhilge athrughadh éigin ar an bhfaillighe
atá na coisdí puiblidhe, cuid de na sgoilean-
naibh, na feisirí, sagairt, easboig, ceanna
tighthe, agus daoine puiblidhe eile a dhéanamh
ar theangaidh agus ar smaointibh na hÉireann
ní bheidh siad acht fa chois, san lathaigh. Dá
mbeadh an Ghaedhilg ag muinntir na hÉireann
go léir, bheadh a n-oll-sgoil féin aca, no leath-
doiséinne díobh, dá mbeidís ag teastáil
uatha; bheadh a loingeas féin ar muir aca;
bheadh siad féin n-árd-cheannus na tíre, leabaidh
bheith ag iarraidh seo ná siúd ar son Dé ó'n
nGall: bheadh ealadha, agus dán, gaois agus
eagna as an nGaedhilg aca; agus beidís fá
mheas mar ba dligheathach dóibh.
Sin í an obair atá roimh an gConnradh agus
roimhe gach ball de, gubán a chur i mbéal na
druinge atá ag craobh-sgaoileadh smaointe
na nGall, agus smaointe na nGaedheal a chur
sna n-ionad. Mara ndéantar sin, mara
ndéantar go díochasach é, agus go díleas
dúrachtach, d'acht is d'áithrid ní tharraingeófar
go bráth sinn as an bpruchóg báidhte 'nar chuir
an Bhéarla muid.