Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceist
Title
Ceist
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 19, 1903. Ceist Bhfuil fonn ar mhuinntir na hÉireann an Ghaedhilg do leigint chum báis? Bhfuil fonn ar na craobhachaibh féin an cleas céadna do dhéanamh? Tar éis a ndeárnadh d'obair chruaidh rith na deich mbliadhan so caithte againn, agus tar éis cúrsaí na ceiste agus brígh an sgéil go hiomlán do chur ós cómhair na ndaoine, tá eagla orainn go bhfuil mórán díobh bog leo leór ar an nGaedhilg fós, agus gur cuma leó beó nó marbh í. Tá fothrom go leor dhá dhéanamh, tá gach éinne gá rádh gur maith an rud í an Ghaedhilg, agus gur ceart í a choimeád beó againn. Tá an chainnt seo go han-mhaith, ní'l aon díoghbháil i n-a leithéid, pé ar domhan de. Acht fan! Bhfuil lucht na cainnte seo dáríribh? Bhfuil aon rud i n-a gcuid cainnte go léir acht gaoth? Sin í an cheist. 'Sí leis, agus is ceist í nach deacair freagra thabhairt uirri. Ní sgéal rúin é go bhfuil mórán costais ag baint le h-obair na Gaedhilge do choiméad ar siubhail anois. Tá naonbhar timthirí ag an gConnradh ar fuaid na Gaedhealtachta ag brostughadh lucht na Gaedhilge. Ní gan costas an obair seo ar fad, & obair eile nach é. Deineadh bailiughadh airgid tá leath-bhliadhain ó shoin ann. Cuireadh postaerí, billí, duillea- cháin, agus gach aon tsaghas páipéar & cóir bailighthe eile go dtí gach uile bhall & ciúnne i nÉirinn, & dtí sna dúithchíbh thar lear leis. Níor fágadh aon rud gan déanamh, acht is oith linn a rádh nó d'admháil go puiblighe ná raibh an Bailiughchán soin leath chomh maith is ba cheart dó a bheith. Bhí daoine ann, gan dabht, d'oibrigh go calma, dian, dúthrachtach i rith Seachtmhain na Gaedhilge. Tá craobhacha ann a dhein an cleas céadna, acht tá craobhacha eile ann nár dhein aon rud ar aon chor. Agus tá sé ráidhte fós go bhfuil craobhacha ann do dhein bailiughadh & do choiméad an t-airgead dóibh féin. Nílmíd cinnte 'na thaobh so acht ní minic deatach gan teine. As an méid seo is so-fheicighthe go bhféadfadh cuid mhaith de sna Craobhachaibh i bhfad níos mó do dhéanamh ar feadh Seachtmhain na nGaedhilge ná mar do dheineadar & dá bhárr soin ní raibh toradh na Seachtmhaine chomh maith is dob' fhéidir é bheith. Anois an bhfuil muinntear na hÉireann daríribh mar gheall ar an Ghaedhilg? Nó an dóigh leo go bhféadfaidh Connradh na Gaedhilge í choimeád suas gan aon chonghnamh uatha soin, nó an dóigh leo gur le Connradh na Gaedhilge ar fad í & nach gabhadh dóibh féin aon chúram do thabhairt orra féin 'na thaoibh. Ní le Connradh na Gaedhilge í; leótha féin í, agus má bhaineann aon rud di orra soin do bheidh. Nach fuil fhios ag an saoghal go bhfuil ár namhaid go h-iomadamhail & gach aon mhac máthar aca ceangailte go dlúth ar thaobh a chéile i n-ár gcoinne agus na milliúin púnt i dtaoibh thiar díobh. Ní'l againn fós acht tosach na hoibre. Tá obair mhór romhainn amach & ní gan airgead is féidir í do dhéanamh. Tá an t-airgead ag tasdáil go géar anois, chomh géar soin is gur comhairligheadh ag an gCoisde Gnótha Bailiu- ghadh eile airgid do chur ar bun. Beidh an Bhailiughadh soin ar siubhal go luath, agus gheóbhthar freagra an uair sin ar an gceist, an dáiríribh tá muinntear na hÉireann i dtaoibh na Gaedhilge nó nach headh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services