Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ceist

Title
Ceist
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 19, 1903.



Ceist



Bhfuil fonn ar mhuinntir na hÉireann an
Ghaedhilg do leigint chum báis? Bhfuil
fonn ar na craobhachaibh féin an cleas céadna
do dhéanamh? Tar éis a ndeárnadh d'obair
chruaidh rith na deich mbliadhan so caithte againn,
agus tar éis cúrsaí na ceiste agus brígh an
sgéil go hiomlán do chur ós cómhair na
ndaoine, tá eagla orainn go bhfuil mórán
díobh bog leo leór ar an nGaedhilg fós, agus
gur cuma leó beó nó marbh í. Tá fothrom go
leor dhá dhéanamh, tá gach éinne gá rádh gur
maith an rud í an Ghaedhilg, agus gur ceart í
a choimeád beó againn. Tá an chainnt seo go
han-mhaith, ní'l aon díoghbháil i n-a leithéid, pé
ar domhan de. Acht fan! Bhfuil lucht na
cainnte seo dáríribh? Bhfuil aon rud i n-a
gcuid cainnte go léir acht gaoth? Sin í an
cheist. 'Sí leis, agus is ceist í nach deacair
freagra thabhairt uirri. Ní sgéal rúin é
go bhfuil mórán costais ag baint le
h-obair na Gaedhilge do choiméad ar
siubhail anois. Tá naonbhar timthirí ag an
gConnradh ar fuaid na Gaedhealtachta ag
brostughadh lucht na Gaedhilge. Ní gan costas
an obair seo ar fad, & obair eile nach é.
Deineadh bailiughadh airgid tá leath-bhliadhain
ó shoin ann. Cuireadh postaerí, billí, duillea-
cháin, agus gach aon tsaghas páipéar & cóir
bailighthe eile go dtí gach uile bhall & ciúnne i
nÉirinn, & dtí sna dúithchíbh thar lear leis.
Níor fágadh aon rud gan déanamh, acht is oith
linn a rádh nó d'admháil go puiblighe ná raibh an
Bailiughchán soin leath chomh maith is ba cheart dó
a bheith. Bhí daoine ann, gan dabht, d'oibrigh go
calma, dian, dúthrachtach i rith Seachtmhain na
Gaedhilge. Tá craobhacha ann a dhein an cleas
céadna, acht tá craobhacha eile ann nár dhein
aon rud ar aon chor. Agus tá sé ráidhte fós
go bhfuil craobhacha ann do dhein bailiughadh
& do choiméad an t-airgead dóibh féin.
Nílmíd cinnte 'na thaobh so acht ní
minic deatach gan teine. As an méid
seo is so-fheicighthe go bhféadfadh cuid mhaith
de sna Craobhachaibh i bhfad níos mó do dhéanamh
ar feadh Seachtmhain na nGaedhilge ná mar do
dheineadar & dá bhárr soin ní raibh toradh na
Seachtmhaine chomh maith is dob' fhéidir é bheith.
Anois an bhfuil muinntear na hÉireann
daríribh mar gheall ar an Ghaedhilg? Nó an
dóigh leo go bhféadfaidh Connradh na Gaedhilge
í choimeád suas gan aon chonghnamh uatha soin,
nó an dóigh leo gur le Connradh na Gaedhilge
ar fad í & nach gabhadh dóibh féin aon chúram
do thabhairt orra féin 'na thaoibh. Ní le Connradh
na Gaedhilge í; leótha féin í, agus má
bhaineann aon rud di orra soin do bheidh.
Nach fuil fhios ag an saoghal go bhfuil ár
namhaid go h-iomadamhail & gach aon mhac
máthar aca ceangailte go dlúth ar thaobh a
chéile i n-ár gcoinne agus na milliúin
púnt i dtaoibh thiar díobh. Ní'l againn
fós acht tosach na hoibre. Tá obair
mhór romhainn amach & ní gan airgead is
féidir í do dhéanamh. Tá an t-airgead ag
tasdáil go géar anois, chomh géar soin is gur
comhairligheadh ag an gCoisde Gnótha Bailiu-
ghadh eile airgid do chur ar bun. Beidh an
Bhailiughadh soin ar siubhal go luath, agus
gheóbhthar freagra an uair sin ar an gceist,
an dáiríribh tá muinntear na hÉireann i dtaoibh
na Gaedhilge nó nach headh?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services