Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Céad Fáilte A Bhaile
Title
Céad Fáilte A Bhaile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 12, 1903. CÉAD FÁILTE A BHAILE! Gach uile choisméig dá dtiubhraidh duine ó'n teangaidh tá sé ag imtheacht ó'n anam, & an té nach bhfuil ag cothugadh an anama, ní mórán bríghe eile atá i n-a ráidhtibh. Mar sin féin, agus cé gur mór a lán adeirtear fá chultach- aibh Gaedhealacha & fá neithibh eile de'n tsórt sin, (chomh maith & dá mbéadh baoghal orra acht an teanga bheith slán!) tá sgéal iongantach anois againn fá dtaoibh de na tunóntaíbh a cuireadh amach as a gcuid taltaí le fiche bliadhain, & le chúig bliadhna fichead, & a chuaidh anonn go Meiriceá ionnus nach bhfuighidís bás leis an ocras. Chuir na Gaedhil thall a gcomh- airle i gcionn a chéile, agus tá siad ag ceap- adh go bhfuighidh na tunóntaí a cuireadh amach, nó a bhfurmhór ar nós ar bith, a gcuid gabhal- tais ar ais anois, fá Bhille nua na Talmhan acht cur isteach air mar is ceart, & cruthughadh bheith aca gurab iad na tunóntaí cearta iad. Sé Seaghan Ó Ceallacháin an rúnaire tá aca thall ar Chonnradh na nGaedheal nAontuighthe agus is eisean a chuir an cunntas go dtí na páipéir nuaidheachta. Deir sé san gcunntas so go bhfuil na céadta tunóntaí a mbéidh sé dlisdeanach aca, fá'n dlighe nua, a dhul ar ais go dtí a n-a bhfeilmneacha. Tá na feisirí i nÉirinn, adeir sé, ag cur seo is siúd le chéile, agus ag iarraidh eólais iomláin agus eolas cuimseara a chur i bhfoirm sho-thuisgean- ach sho-láimhsighthe le go mbéidh sé iontuigthe gan timheall gan mura mbeadh ag fearaibh Fáil, cé aige mbéidh fágháil aige dhul ar ais. Agus rud eile d'iarr sé, .i. na daoine gur mian leó a dhul ar ais cuiridís tuairisg iomlán isteach go dtí na craobhacha i Meiriceá cá raibh a gcuid talmhan i nÉirinn, cé na tóir- inneacha bhí orra, cé an cíos & cabhlach a bhí ar a bhfeilm, cé'n fad is leithead a bhí innti agus tuairisgí de'n tsórt soin. Rinne cuid mhaith daoine cheana é sin, acht badh mhaith an rud an obair a bheith déanta go riaghalta & go baileach agus an cruthughadh bheith i gcruth is nár bh'fhéidir brabach fhágháil air. Is sásamhail an obair í sin. Is maith an obair í; is iongantach ar fad an obair í. Muirighíní a d'imthigh le fuacht & le fán an tsaoghail, agus a chaith, b'fhéidir, cuid dá saoghal fá ghabhatar & fá spídeamhlacht, (ní raibh ag dul thairis ag á n-a bhfurmhór), mar gheall ar gan a bheith i n-am cíos a bhaint as talamh gan bhuidheachas dó, nó mar gheall ar éagcóir éigin eile, iad-san a chur ar ais go teólaidhe arís 'n-a gcuid féin — b'fhiú d'fhile nó do dhruadh duan a chumadh air! Agus na tunóntaí sin a theacht ar ais arís ó thír bhoicht, i n-áit go bhfuil daoine ann a shíleas go bhfuil ór le fágháil ar shráideannaibh na gcathrach ann, (nó ar chuma an donais de, airgead), chomh fairsing le spré-mhóin ar phortach! Tagaidís anall i n-ainm Dé is Mhuire; tagaidís, & curtar isteach go socamhlach iad. Dá mbéadh cúpla céad muirighín nó trí soc- ruighthe isteach annso is annsúd, níor bh'fhada go mbeadh cáil na tíre thall & an sglábhaidheacht atá innti leathnuighthe go fírinneach imeasg na n-amadán atá ag cur rómpa imtheacht ó bhoch- thanas & follántas go dtí bochtanas & mí- fhollántas. Is maith an rud é an teagasg, acht is seacht bhfearr é an sompla. Éinneach a thiocfas ar ais ar an gcunntas soin, agus a chuirfeas faoi, is maith an sompla é, is maith an Gaedheal a dhéanfas sé, agus taréis a bhfuil déanta ag Connradh na Talmhan ní dhearna siad aon leas ó chuir siad cos i mbróig is fearr do Chlanna Gaedheal ná dlúthas a chur leis an obair seo agus cúpla céad tunónta a thabhairt ó Mheiriceá & a gcur i bhfeilmneachaibh a bhí aca bliadhanta ó shoin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services