Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Céad Fáilte A Bhaile

Title
Céad Fáilte A Bhaile
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 12, 1903.



CÉAD FÁILTE A BHAILE!



Gach uile choisméig dá dtiubhraidh duine ó'n
teangaidh tá sé ag imtheacht ó'n anam, & an
té nach bhfuil ag cothugadh an anama, ní mórán
bríghe eile atá i n-a ráidhtibh. Mar sin féin,
agus cé gur mór a lán adeirtear fá chultach-
aibh Gaedhealacha & fá neithibh eile de'n tsórt
sin, (chomh maith & dá mbéadh baoghal orra acht
an teanga bheith slán!) tá sgéal iongantach
anois againn fá dtaoibh de na tunóntaíbh a
cuireadh amach as a gcuid taltaí le fiche
bliadhain, & le chúig bliadhna fichead, & a chuaidh
anonn go Meiriceá ionnus nach bhfuighidís bás
leis an ocras. Chuir na Gaedhil thall a gcomh-
airle i gcionn a chéile, agus tá siad ag ceap-
adh go bhfuighidh na tunóntaí a cuireadh amach,
nó a bhfurmhór ar nós ar bith, a gcuid gabhal-
tais ar ais anois, fá Bhille nua na Talmhan
acht cur isteach air mar is ceart, & cruthughadh
bheith aca gurab iad na tunóntaí cearta iad.



Sé Seaghan Ó Ceallacháin an rúnaire tá
aca thall ar Chonnradh na nGaedheal nAontuighthe
agus is eisean a chuir an cunntas go dtí na
páipéir nuaidheachta. Deir sé san gcunntas
so go bhfuil na céadta tunóntaí a mbéidh sé
dlisdeanach aca, fá'n dlighe nua, a dhul ar ais
go dtí a n-a bhfeilmneacha. Tá na feisirí
i nÉirinn, adeir sé, ag cur seo is siúd le
chéile, agus ag iarraidh eólais iomláin agus
eolas cuimseara a chur i bhfoirm sho-thuisgean-
ach sho-láimhsighthe le go mbéidh sé iontuigthe gan
timheall gan mura mbeadh ag fearaibh Fáil, cé
aige mbéidh fágháil aige dhul ar ais. Agus
rud eile d'iarr sé, .i. na daoine gur mian
leó a dhul ar ais cuiridís tuairisg iomlán
isteach go dtí na craobhacha i Meiriceá cá
raibh a gcuid talmhan i nÉirinn, cé na tóir-
inneacha bhí orra, cé an cíos & cabhlach a bhí ar
a bhfeilm, cé'n fad is leithead a bhí innti agus
tuairisgí de'n tsórt soin.



Rinne cuid mhaith daoine cheana é sin, acht
badh mhaith an rud an obair a bheith déanta go
riaghalta & go baileach agus an cruthughadh bheith
i gcruth is nár bh'fhéidir brabach fhágháil air.



Is sásamhail an obair í sin. Is maith an
obair í; is iongantach ar fad an obair í.
Muirighíní a d'imthigh le fuacht & le fán an
tsaoghail, agus a chaith, b'fhéidir, cuid dá
saoghal fá ghabhatar & fá spídeamhlacht, (ní
raibh ag dul thairis ag á n-a bhfurmhór), mar
gheall ar gan a bheith i n-am cíos a bhaint
as talamh gan bhuidheachas dó, nó mar gheall
ar éagcóir éigin eile, iad-san a chur ar ais go
teólaidhe arís 'n-a gcuid féin — b'fhiú d'fhile
nó do dhruadh duan a chumadh air! Agus na
tunóntaí sin a theacht ar ais arís ó thír bhoicht,
i n-áit go bhfuil daoine ann a shíleas go bhfuil
ór le fágháil ar shráideannaibh na gcathrach ann,
(nó ar chuma an donais de, airgead), chomh
fairsing le spré-mhóin ar phortach!



Tagaidís anall i n-ainm Dé is Mhuire;
tagaidís, & curtar isteach go socamhlach iad.
Dá mbéadh cúpla céad muirighín nó trí soc-
ruighthe isteach annso is annsúd, níor bh'fhada
go mbeadh cáil na tíre thall & an sglábhaidheacht
atá innti leathnuighthe go fírinneach imeasg na
n-amadán atá ag cur rómpa imtheacht ó bhoch-
thanas & follántas go dtí bochtanas & mí-
fhollántas. Is maith an rud é an teagasg,
acht is seacht bhfearr é an sompla. Éinneach
a thiocfas ar ais ar an gcunntas soin, agus
a chuirfeas faoi, is maith an sompla é, is maith
an Gaedheal a dhéanfas sé, agus taréis a
bhfuil déanta ag Connradh na Talmhan ní
dhearna siad aon leas ó chuir siad cos i
mbróig is fearr do Chlanna Gaedheal ná dlúthas
a chur leis an obair seo agus cúpla céad
tunónta a thabhairt ó Mheiriceá & a gcur i
bhfeilmneachaibh a bhí aca bliadhanta ó shoin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services