Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gadaidhe Dubh na Slóna
Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gadaidhe Dubh na Slóna (Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall.) “Bhal,” arsa'n Gadaidhe, “is cuimhneach liom nuair a bhí mé ag fás suas 'mo shumachán gasúir gur fhág mé m'athair agus mo mháthair & d'imthigh liom béal mo chinn mar gheall ar saidhbhreas a chruinniughadh. Aon oidhche 'mháin dá raibh mé ag siubhal fríd (= tríd) choilltibh móra fada, d'éirigh mé comh1 tuirseach sin 's gur bh'éigin domh shuidhe ag bun crainn ar fheacht fanacht ann go maidin. Ní raibh mé i bhfad 'mo shuidhe go bhfaca mé solas giota uaim, & d'éirigh mé & tharraing air. Shíl mé ar dtús gur teach nó áit chomhnuidhe de chinéal inteacht (= éigin) a bhí ann, acht nuair a tain ic mé comhgarach fuair mé 'mach nach raibh dadaidh ann acht teine a bhí lasta ar éadan na léana. D'athan mé gur duine saoghalta a b'éigin an teine a lasadh & chuaidh mé suas i gcrann go bhfeicinn an dtiocfadh duine ar bith dá comhair. Níor bh'fhada go bhfaca mé sean- chailleach ag teacht & mála léithi ar a druim. Ar ball thainic beirt eile a bhí comh chrionnta gránda leis an chéad chionn & shuidh an triúr thart fá'n teinidh & thoisigh ag cunntas & ag roinnt a gcuid airgid. “‘Dá dtigeadh Gadaidhe Dubh na Slóna orainn anois,” arsa bean aca, “nár truagh sinn!” “Ba hé sin an chead uair a fuair mé 'mach go raibh mé fógraiste bheith 'mo ghadaidhe ar fud an tsaoghail. “I n-am ghoirid thuit na cailleachaí 'n-a gcodladh, a mála féin d'ór & airgead ag gach duine aca faoi n-a chionn. “D'fhan mé féin sa chrann gur bhreathnuigh mé go raibh siad i dtrom-chodladh & annsin thainic mé 'nuas go foithchealach agus sgiob liom na málaí. Ní raibh ann acht go raibh siad ar mo dhruim i gceart agus mé ag baint chugam nuair a mhusgail na cailleachaí & siúd ar siubhal iad féin & mise mar bheadh séideán gaoithe ann. Mhair an rása nó go raibh an lá ag glanadh & fá dheireadh nuair a bhí siad ag cur géar orm chuaidh mé suas i gcrann mór fuinneóige. Thainic an triúr go bun 'a chrainn acht bhí siad comh sáruighthe sin nach raibh siad ábalta dreapaireacht ar bith a dhéanamh.” “‘Glóir do Dhia,” arsa mise liom féin agus mo theanga 'muigh fad bata, “b'fhéidir go bhfuil mé réidh libh.” “Acht a thiarcais! ní raibh na cailleachaí réidh liom-sa, ná i n-oiread bomaite rinne bean amháin aca tuagh di féin & thoisigh bean eile aca ag gearradh an chrainn léithi. “‘Maise go ngearraidh tú na cosa caola díot féin,’ arsa mise nuair a fuair mé m'anál liom. “Chás an Rí go raibh ramhughadh maith sa chrann, acht mar sin féin níor bh'fhada gur thoisigh sé ag crathadh féin. San am chéadna bhris an ghéag ar a raibh mé 'mo shuidhe & siúd anuas mé i measg na gcailleach. Leis sin rinne an coileach sgairt agus b'éigin do na cailleachaí baint chúca mar bheadh splannc soillsighe ann. “Fágaim agat féin anois é, a Ridire Ghlais an Ghleanna, nach raibh mé níos comh- garaighe do'n bhás 'na tá'n prionnsa de bhrígh go raibh an tuagh tógtha leis an chionn a bhaint díom?” “Is ró-iongantach do sgéal,” arsa'n rí, “agus bheirim maitheamhnas do'n phrionnsa mar gheall mé. Séid suas an teine go ndóightear an dara fear.” (Ní críoch) Brian Ó Cianaigh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services