Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gadaidhe Dubh na Slóna

Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Gadaidhe Dubh na Slóna
(Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall.)



“Bhal,” arsa'n Gadaidhe, “is cuimhneach
liom nuair a bhí mé ag fás suas 'mo shumachán
gasúir gur fhág mé m'athair agus mo mháthair &
d'imthigh liom béal mo chinn mar gheall ar
saidhbhreas a chruinniughadh. Aon oidhche 'mháin
dá raibh mé ag siubhal fríd (= tríd) choilltibh
móra fada, d'éirigh mé comh1 tuirseach sin 's
gur bh'éigin domh shuidhe ag bun crainn ar
fheacht fanacht ann go maidin. Ní raibh mé i
bhfad 'mo shuidhe go bhfaca mé solas giota
uaim, & d'éirigh mé & tharraing air. Shíl mé ar
dtús gur teach nó áit chomhnuidhe de chinéal
inteacht (= éigin) a bhí ann, acht nuair a tain
ic
mé comhgarach fuair mé 'mach nach raibh dadaidh
ann acht teine a bhí lasta ar éadan na léana.
D'athan mé gur duine saoghalta a b'éigin an
teine a lasadh & chuaidh mé suas i gcrann go
bhfeicinn an dtiocfadh duine ar bith dá
comhair. Níor bh'fhada go bhfaca mé sean-
chailleach ag teacht & mála léithi ar a druim.
Ar ball thainic beirt eile a bhí comh chrionnta
gránda leis an chéad chionn & shuidh an triúr
thart fá'n teinidh & thoisigh ag cunntas & ag
roinnt a gcuid airgid.



“‘Dá dtigeadh Gadaidhe Dubh na Slóna
orainn anois,” arsa bean aca, “nár truagh
sinn!”



“Ba hé sin an chead uair a fuair mé 'mach
go raibh mé fógraiste bheith 'mo ghadaidhe ar
fud an tsaoghail.



“I n-am ghoirid thuit na cailleachaí 'n-a
gcodladh, a mála féin d'ór & airgead ag gach
duine aca faoi n-a chionn.



“D'fhan mé féin sa chrann gur bhreathnuigh
mé go raibh siad i dtrom-chodladh & annsin
thainic mé 'nuas go foithchealach agus sgiob
liom na málaí. Ní raibh ann acht go raibh siad
ar mo dhruim i gceart agus mé ag baint
chugam nuair a mhusgail na cailleachaí & siúd
ar siubhal iad féin & mise mar bheadh
séideán gaoithe ann. Mhair an rása nó go
raibh an lá ag glanadh & fá dheireadh nuair a
bhí siad ag cur géar orm chuaidh mé suas i
gcrann mór fuinneóige. Thainic an triúr go
bun 'a chrainn acht bhí siad comh sáruighthe sin
nach raibh siad ábalta dreapaireacht ar bith a
dhéanamh.”



“‘Glóir do Dhia,” arsa mise liom féin agus
mo theanga 'muigh fad bata, “b'fhéidir go
bhfuil mé réidh libh.”



“Acht a thiarcais! ní raibh na cailleachaí
réidh liom-sa, ná i n-oiread bomaite rinne
bean amháin aca tuagh di féin & thoisigh bean
eile aca ag gearradh an chrainn léithi.



“‘Maise go ngearraidh tú na cosa caola
díot féin,’ arsa mise nuair a fuair mé m'anál
liom.



“Chás an Rí go raibh ramhughadh maith sa
chrann, acht mar sin féin níor bh'fhada gur
thoisigh sé ag crathadh féin. San am chéadna
bhris an ghéag ar a raibh mé 'mo shuidhe & siúd
anuas mé i measg na gcailleach. Leis sin
rinne an coileach sgairt agus b'éigin do na
cailleachaí baint chúca mar bheadh splannc
soillsighe ann.



“Fágaim agat féin anois é, a Ridire
Ghlais an Ghleanna, nach raibh mé níos comh-
garaighe do'n bhás 'na tá'n prionnsa de bhrígh
go raibh an tuagh tógtha leis an chionn a bhaint
díom?”



“Is ró-iongantach do sgéal,” arsa'n rí,
“agus bheirim maitheamhnas do'n phrionnsa
mar gheall mé. Séid suas an teine go
ndóightear an dara fear.”



(Ní críoch)



Brian Ó Cianaigh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services