Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis na Mumhan
Title
Feis na Mumhan
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 5, 1903. Feis na Mumhan Is mór an obair atá roimh Ghaedhil — Éire do dhéanamh Gaedhealach arís. B'fhéidir go mbeadh féar ag easgar ar gach taobh de ghruadhanna na ndaoine atá ag obair anois sul chífidhe an lá sin. Is doilbh an smaoineamh é, acht is baoghalach gur fíor é. Cathain a thioc- faidh an lá nuair ná cloisfear acht Gaedhilge sa sráid imeasg uasal is íseal, imeasg saidh- bhir is daidhbhir? Bíonn fonn tuitighthe i n-an-dóchas ar dhuine uaireannta, & ní hiongnadh é. Nuair chlois- eann sé an gleó arís, tagann fonn troda air & éirigheann sé misneamhail arís. Sin é dhein Feis Mhór na Mumhan le cuid mhaith a bhí lag-mhisneach. Bhí an tAthair Peadar ann chomh tréan is bhí sé riamh. Cheapfá gur ag dul i n-óige atá sé ó bhliadhain go bliadhain. Ar thionnsgnamh na feise dhó, thug sé óráid bhlasta bhríoghmhar, agus ár ndóigh ní gnáth- ach leis a mhalairt a thabhairt uaidh. Bhí sluagh mór daoine ann — idir bheag is mór, óg is aosta — agus mura raibh an Ghaedh- ilge dá spreagadh go binn ann ní lá fós é. Bhí a lán daoine óg ann, agus ní raibh aon teóra le cuid aca. B'an-deacair do na moltóirí na cinn a b'fhearr a phiocadh amach asta. Bhí mór-chuid sagart ag an cóimh- thionól mór do tionóladh an lá roimh an bhfeis. Bhí saoithe na Mumhan ag an dtionól soin, agus 'sí an chomhairle do chríochnuigheadh aca ná sgoileanna Gaedhealacha a chur ar bun i gceanntair áirithe. Badh mhaith an sgéal dhá mbeadh sgoileanna dá saghas soin againn, mar bheadh caoi againn ar fheicsint cionnus a raghadh siad chum cinn. Má éirigheann leó gheobhaidís cinn eile a chur ar bun, agus d'réir a chéile chuirfidhe na sgoileanna Gallda chum báis. Má's maith é is mithid é. 'Siad na daoine óga bun agus bárr agus lár gach aon rud.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services