Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis na Mumhan

Title
Feis na Mumhan
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Meadhon Foghmhair 5, 1903.



Feis na Mumhan



Is mór an obair atá roimh Ghaedhil — Éire do
dhéanamh Gaedhealach arís. B'fhéidir go
mbeadh féar ag easgar ar gach taobh de
ghruadhanna na ndaoine atá ag obair anois
sul chífidhe an lá sin. Is doilbh an smaoineamh
é, acht is baoghalach gur fíor é. Cathain a thioc-
faidh an lá nuair ná cloisfear acht Gaedhilge
sa sráid imeasg uasal is íseal, imeasg saidh-
bhir is daidhbhir?



Bíonn fonn tuitighthe i n-an-dóchas ar dhuine
uaireannta, & ní hiongnadh é. Nuair chlois-
eann sé an gleó arís, tagann fonn troda
air & éirigheann sé misneamhail arís. Sin é
dhein Feis Mhór na Mumhan le cuid mhaith a bhí
lag-mhisneach. Bhí an tAthair Peadar ann
chomh tréan is bhí sé riamh. Cheapfá gur ag
dul i n-óige atá sé ó bhliadhain go bliadhain.
Ar thionnsgnamh na feise dhó, thug sé óráid
bhlasta bhríoghmhar, agus ár ndóigh ní gnáth-
ach leis a mhalairt a thabhairt uaidh. Bhí
sluagh mór daoine ann — idir bheag is mór,
óg is aosta — agus mura raibh an Ghaedh-
ilge dá spreagadh go binn ann ní lá
fós é. Bhí a lán daoine óg ann, agus ní
raibh aon teóra le cuid aca. B'an-deacair
do na moltóirí na cinn a b'fhearr a phiocadh
amach asta. Bhí mór-chuid sagart ag an cóimh-
thionól mór do tionóladh an lá roimh an bhfeis.
Bhí saoithe na Mumhan ag an dtionól soin,
agus 'sí an chomhairle do chríochnuigheadh aca
ná sgoileanna Gaedhealacha a chur ar bun i
gceanntair áirithe. Badh mhaith an sgéal dhá
mbeadh sgoileanna dá saghas soin againn, mar
bheadh caoi againn ar fheicsint cionnus a raghadh
siad chum cinn. Má éirigheann leó gheobhaidís
cinn eile a chur ar bun, agus d'réir a chéile
chuirfidhe na sgoileanna Gallda chum báis.
Má's maith é is mithid é. 'Siad na daoine
óga bun agus bárr agus lár gach aon rud.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services