Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobh Dhubhaltaigh Mhic Firbhisigh
Title
Craobh Dhubhaltaigh Mhic Firbhisigh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobh Dhubhaltaigh Mhic Fir- bisigh. “Castar na daoine ar a chéile nuair nach gcastar na cnuic nó na sléibhte” & is iomdha sin áit i n-a gcastar Clann na nGaedheal ar a chéile. Ní i gcomhnaidhe cuireann siad aitheantas ar a chéile & ní i gcomhnaidhe tá spiorad na nGaedheal ionnta nuair castar ar a chéile iad. Is minic casann Gaedhil liom féin & chuirfeá cluais ort ag éisteacht leis an Bhéarla mhór a bhíos i n-a mbéalaibh & chuirfeá goic ort ag amharc ar an chuma Ghallda bhíos orra. Is amhlaidh go mbíonn an lúthgháir orm nuair chasann liom Gaedhealach atá fíor-Ghaedhealach & croidhe Gaedhealach i n-a lár. Tháinig mé go Sheffield tá sé míosa ó shoin & gan aithne agam ar dhuine nó deóraidhe san áit & chonnacas damh nach áit í i n-ar bhféidir le Gaedheal nó Gaedhilg mairstin mar chualas roimh-ré go raibh na Catoilicigh sa chathair an- ghallda i n-a gcroidhthibh. Tá boc mór díobh seo 'n-a chomhnaidhe comhgarach do Sheffield ar a dtugtar Duke of Norfolk & bhí cuimhne agam gur bhris sé a chromán ag troid nó ag cur i gcéill go raibh sé ag troid i n-aghaidh na mBórach. Bhí fhios agam go maith go mbeadh na Catoilicigh fá Sheffield ag sodar i niaidh an diúic seo & shaoil mé nach leigfeadh an eagla do Chatoiliceach Ghaedealach smid do leigint as gan cead d'fhagháil ó'n dream so. Ní raibh mé i bhfad sa chathair nuair chualas go raibh buidhean ann ag greadadh ar an nGaedhilg. Chuir mé tuairisg ar fhear aca, an Dochtúir Ó Ceallacháin & rug sé leis mé go dtí an áit i n-a raibh an rang ar siubal .i. teach an Chumainn Náisiúnta & ba dhoiligh damh chreidhmheáil an rud a chonnaic mé annsin. Bhí fá thuairim doisín buachaill óg n-a shuidhe thart sa seomra, “Claidheamh Soluis” i láimh gach duine & iad ag léigheadh & ag trácht le chéile i nGeadhilg. Bhí an Ghaedhilg aca go tiugh & ó nádúr. Ní raibh fear aca ná raibh an Ghaedhilg leis ó'n gcliabhán acht amháin an dochtúr, & bhí seisean féin chomhair a bheith chomh líomhtha le ceachtar aca ag trácht na Gaedhilge. Innseadh damh annsinn go raibh siad i gcionn oibre le trí bhliadhnaibh & nach dtáinig tuirse nó troimeas croidhe ar dhuine dhíobh ar feadh an ama sin acht iad ag dul i neart & i dtreise gach uile lá, agus nach raibh faic na frighide
ag imtheacht i nÉirinn fá dtaoibh de'n Ghaedhilg & gach nídh ghreamuigheas di nach raibh ar bharr a dteangan aca. Dar liom gur aisdeach an rud é & chuir sé uchdach & croidhe mór ionnam. Cha raibh aca acht casaoid amháin, sé sin nach raibh daoine eile ag foghluim na Gaedhilge uatha. Thug siad a dó nó a trí iarraidh ar rangaibh do chur ar siubhal leis an teanga do theagasg do na daoinibh nach raibh sí aca, acht níor éirigh leo go ró-mhaith. Chinneamar comh- airle iarraidh eile do thabhairt & chuireamar fuagra amach go mbeadh cruinniughadh againn a leithéid seo de lá & le fios nó le hamhras go rachamaois ar aghaidh leis an obair. D'éirigh linn go breagh. Tháinig a lán daoine chugainn, cuid aca, is dóighthe, a' féachaint an raibh adharca ag fás orainn, nó goidé 'n cinéal ainmhinte do bhí ionnainn & cuid eile aca ar a bhfíor-dhícheall le Gaedhilg d'fhoghluim. Tá rang againn gach seachtmhain ó shoin & bíonn fá thuairim trí fichid duine i láthair gach uile oidhche aca. Nílmid leath-shásta go fóill. Tá cunntas againn go bhfuil timcheall chúig míle déag Éireannach i Sheffield & títhear dúinn gur suarach an méid aca atá i gcionn na Gaedhilge. Acht nuair feictear an méid neamh-shuime & leisge & seóinínteachta atá ar siubhal i nÉirinn féin ní olc an méid trí fichid féin i n-áit iargcúlach mar é sin. Bhaisd muid Craobh Dhubhaltaigh Mhic Firbisigh ar an gcraoibh mar gheall gur oireamhnach an rud ainm an sgolaire mhóir úd do thabhairt ar chraoibh ar bith & mar gheall gur Chonnachtaigh furmhór de lucht na craoibhe. Is ceart a rádh gurab fir oibre & cailíní oibre an chuid is mó aca. Níl mórán Éireannach i Sheffield go bhfuil lón mór de mhaoin an tsaoghail seo aca acht is cosmhail nach bhfuil spiorad Gaedhealach ag an mbeagán a bhfuil saidhbhreas ar bith aca. Sé Conán Maol adubabhairt an lá fá dheireadh nár chualaidh sé iomrádh ar obair mhór ar bith do chuir Geadhil saidhbhre ar bun mar leasughadh d'Éirinn. Níor chuala ná mise ná duine ar bith eile, mar nár tharluigh a leithéid ann. Mura fíor, & ní fíor, go leanann saidhbhreas do Ghalldacht, is fíor go leanann an Ghalldacht go minic do'n tsaidhbhreas. Is beag an maitheas gheobhas Éire choidhche ó'n dream a d'fhág í; acht ní thiocfaidh buntáiste ar bith fhad léithi ó'n mhuinntir ar éirigh leó slighe beatha compórtach do bhaint amach dóibh féin imeasg na nGall. Tá a lán Éireannach i nEabhrach-sír, go háirithe ins na bailtibh móra, & gheobhthá annseo & annsúd i n-a measg fíor-Ghaedheal atá ag saothrughadh leis an nGaedhilg d'fhoghluim, nó leis an nGaedhilg do mhúnadh do réir mar is féidir leis. Sé an díoghbháil is mó atá orra nach bhfuil múinteoírí aca. Anois tá leath- dhoisín fear óg i gCraoibh Dhubhaltaigh ar bhféidir leó an Ghaehdilg do mhúnadh go maith. Cad chuige nach gcuirfidhe fios orra dul go dtí áiteacha eile leis an Ghaedhilg do theagaisg? Measaim nach bhfuil ceangailt ar bith orra i Sheffield & bheadh se furust go leór posdaí d'fhagháil dóibh i mbáiltibh móra eile i nEabhrac-sír mar níor dhoiligh, dar liom, iad do shásamh. Tá siad 'n-a mbuachaillibh leice láidre & na tuilte Geadhilge aca. Badh chóir go ndéanfaidhe úsáid díobh leis an nGaedhilg do leathadh. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services