Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Craobh Dhubhaltaigh Mhic Firbhisigh

Title
Craobh Dhubhaltaigh Mhic Firbhisigh
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Craobh Dhubhaltaigh Mhic Fir-
bisigh.



“Castar na daoine ar a chéile nuair nach
gcastar na cnuic nó na sléibhte” & is
iomdha sin áit i n-a gcastar Clann na nGaedheal
ar a chéile. Ní i gcomhnaidhe cuireann siad
aitheantas ar a chéile & ní i gcomhnaidhe tá
spiorad na nGaedheal ionnta nuair castar ar
a chéile iad. Is minic casann Gaedhil liom
féin & chuirfeá cluais ort ag éisteacht leis an
Bhéarla mhór a bhíos i n-a mbéalaibh & chuirfeá
goic ort ag amharc ar an chuma Ghallda bhíos
orra. Is amhlaidh go mbíonn an lúthgháir orm
nuair chasann liom Gaedhealach atá fíor-Ghaedhealach
& croidhe Gaedhealach i n-a lár. Tháinig mé go
Sheffield tá sé míosa ó shoin & gan aithne
agam ar dhuine nó deóraidhe san áit &
chonnacas damh nach áit í i n-ar bhféidir le
Gaedheal nó Gaedhilg mairstin mar chualas
roimh-ré go raibh na Catoilicigh sa chathair an-
ghallda i n-a gcroidhthibh. Tá boc mór díobh
seo 'n-a chomhnaidhe comhgarach do Sheffield ar a
dtugtar Duke of Norfolk & bhí cuimhne
agam gur bhris sé a chromán ag troid nó ag
cur i gcéill go raibh sé ag troid i n-aghaidh na
mBórach. Bhí fhios agam go maith go mbeadh
na Catoilicigh fá Sheffield ag sodar i niaidh
an diúic seo & shaoil mé nach leigfeadh an eagla
do Chatoiliceach Ghaedealach smid do leigint
as gan cead d'fhagháil ó'n dream so.



Ní raibh mé i bhfad sa chathair nuair chualas
go raibh buidhean ann ag greadadh ar an
nGaedhilg. Chuir mé tuairisg ar fhear aca,
an Dochtúir Ó Ceallacháin & rug sé leis mé go
dtí an áit i n-a raibh an rang ar siubal .i. teach
an Chumainn Náisiúnta & ba dhoiligh damh
chreidhmheáil an rud a chonnaic mé annsin. Bhí
fá thuairim doisín buachaill óg n-a shuidhe
thart sa seomra, “Claidheamh Soluis” i láimh
gach duine & iad ag léigheadh & ag trácht
le chéile i nGeadhilg. Bhí an Ghaedhilg aca go
tiugh & ó nádúr. Ní raibh fear aca ná raibh
an Ghaedhilg leis ó'n gcliabhán acht amháin an
dochtúr, & bhí seisean féin chomhair a bheith chomh
líomhtha le ceachtar aca ag trácht na Gaedhilge.
Innseadh damh annsinn go raibh siad i gcionn
oibre le trí bhliadhnaibh & nach dtáinig tuirse
nó troimeas croidhe ar dhuine dhíobh ar feadh
an ama sin acht iad ag dul i neart & i dtreise
gach uile lá, agus nach raibh faic na frighide


L. 2


ag imtheacht i nÉirinn fá dtaoibh de'n
Ghaedhilg & gach nídh ghreamuigheas di nach
raibh ar bharr a dteangan aca. Dar liom gur
aisdeach an rud é & chuir sé uchdach & croidhe
mór ionnam.



Cha raibh aca acht casaoid amháin, sé sin nach
raibh daoine eile ag foghluim na Gaedhilge
uatha. Thug siad a dó nó a trí iarraidh ar
rangaibh do chur ar siubhal leis an teanga do
theagasg do na daoinibh nach raibh sí aca, acht
níor éirigh leo go ró-mhaith. Chinneamar comh-
airle iarraidh eile do thabhairt & chuireamar
fuagra amach go mbeadh cruinniughadh againn
a leithéid seo de lá & le fios nó le hamhras go
rachamaois ar aghaidh leis an obair. D'éirigh
linn go breagh. Tháinig a lán daoine chugainn,
cuid aca, is dóighthe, a' féachaint an raibh
adharca ag fás orainn, nó goidé 'n cinéal
ainmhinte do bhí ionnainn & cuid eile aca ar a
bhfíor-dhícheall le Gaedhilg d'fhoghluim. Tá
rang againn gach seachtmhain ó shoin & bíonn
fá thuairim trí fichid duine i láthair gach uile
oidhche aca. Nílmid leath-shásta go fóill. Tá
cunntas againn go bhfuil timcheall chúig míle
déag Éireannach i Sheffield & títhear dúinn
gur suarach an méid aca atá i gcionn na
Gaedhilge. Acht nuair feictear an méid
neamh-shuime & leisge & seóinínteachta atá ar
siubhal i nÉirinn féin ní olc an méid trí fichid
féin i n-áit iargcúlach mar é sin.



Bhaisd muid Craobh Dhubhaltaigh Mhic Firbisigh
ar an gcraoibh mar gheall gur oireamhnach an
rud ainm an sgolaire mhóir úd do thabhairt ar
chraoibh ar bith & mar gheall gur Chonnachtaigh
furmhór de lucht na craoibhe. Is ceart a rádh
gurab fir oibre & cailíní oibre an chuid is mó
aca. Níl mórán Éireannach i Sheffield go
bhfuil lón mór de mhaoin an tsaoghail seo aca
acht is cosmhail nach bhfuil spiorad Gaedhealach
ag an mbeagán a bhfuil saidhbhreas ar bith aca.
Sé Conán Maol adubabhairt an lá fá dheireadh
nár chualaidh sé iomrádh ar obair mhór ar bith do
chuir Geadhil saidhbhre ar bun mar leasughadh
d'Éirinn. Níor chuala ná mise ná duine
ar bith eile, mar nár tharluigh a
leithéid ann. Mura fíor, & ní fíor, go
leanann saidhbhreas do Ghalldacht, is fíor
go leanann an Ghalldacht go minic do'n
tsaidhbhreas. Is beag an maitheas gheobhas
Éire choidhche ó'n dream a d'fhág í; acht ní
thiocfaidh buntáiste ar bith fhad léithi ó'n
mhuinntir ar éirigh leó slighe beatha compórtach
do bhaint amach dóibh féin imeasg na nGall.



Tá a lán Éireannach i nEabhrach-sír, go
háirithe ins na bailtibh móra, & gheobhthá annseo
& annsúd i n-a measg fíor-Ghaedheal atá ag
saothrughadh leis an nGaedhilg d'fhoghluim, nó
leis an nGaedhilg do mhúnadh do réir mar is
féidir leis. Sé an díoghbháil is mó atá orra
nach bhfuil múinteoírí aca. Anois tá leath-
dhoisín fear óg i gCraoibh Dhubhaltaigh ar
bhféidir leó an Ghaehdilg do mhúnadh go maith.
Cad chuige nach gcuirfidhe fios orra dul go
dtí áiteacha eile leis an Ghaedhilg do
theagaisg? Measaim nach bhfuil ceangailt ar
bith orra i Sheffield & bheadh se furust go
leór posdaí d'fhagháil dóibh i mbáiltibh móra
eile i nEabhrac-sír mar níor dhoiligh, dar liom,
iad do shásamh. Tá siad 'n-a mbuachaillibh
leice láidre & na tuilte Geadhilge aca. Badh
chóir go ndéanfaidhe úsáid díobh leis an
nGaedhilg do leathadh.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services