Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gadaidhe Dubh na Slóna
Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 29, 1903. Na Ceanntair Ghaedhealacha Tá a lán cainnte á dhéanamh le tamall mar gheall ar na ceanntair Ghaedhealacha. Tá gach éinne ag cur síos ar an mhuinntir go bhfuil an Ghaedhilg aca ó thúis. Go deimhin is dóigh linn féin gur mithid trácht ortha, agus comhairle a tabhairt dóibh & b'fhéidir gabháil de bhata ortha leis, nó d'fhanfaidís 'n-a gcodladh go bráth. Deir na hughdair go léir, & admhuigheann an saoghal go bhfuil an ceart aca, gur beag an chabhair dúinn bheith ag iarraidh an Ghaedhilg a leathadh mara mbeidh na ceanntair Ghaedhealacha — na háiteanna 'n-a bhfuil an Ghaedhilg á labhairt i gcomhnuidhe — linn san gcúis. Do theipfeadh ar a dtiocfaidh 's a dtáinig mara mbeadh dream ann do thaithigh í mar ghnáth- chainnt. Agus má's dream neamh-spleádhach seasmhach iad súd, leathfaidh a gcainnt mór- thimcheall na tíre as a gustal agus as a maitheasaí féin. Is mithid innsint do na ceanntair seo go bhfuilimíd ag brath ortha chum Éire a dhéanamh Gaedhealach arís, gur chucha atá Éire agus muinntir na hÉireann ag féachaint chum an Ghaedhilg a leathadh arís ar fuid na dúithche, & má theipfidh soin ortha go mbeidh deireadh le réim na nGaedheal go bráth na breithe. Fiafruighmís dínn féin an bhfuil a gcion féin — an cion is mó & is tairbhighe — dá dhéanamh ag na ceanntair Ghaedhealacha? Cuiridís muinntir na gceanntair nGaedhealach, Éire- annaigh & Gaedhil na gceanntair úd, an cheist chéadna chúcha féin. Tá beartanna maithe le fagháil anois ins gach éan-áit ar fuid na tíre chum Gaedhilg a mhúineadh. Cá bhfuil na buachaillí óga & na cailíní óga ó sna ceann- tair Ghaedhealacha a bheadh ábalta ar na beart- anna so a ghabháil ar láimh? Nílid ann, mar bhí na ceanntair úd 'n-a gcodladh go dtí seo; & is ró-bhaoghalach linn go bhfuilid 'n-a gcodladh fós. Is fada atáimíd ag trácht thar sgoileanna Gaedhealacha a chur ar bun i gceanntair Gaedh- ealacha. Badh bheag an mhaith bheith ag cailleamh- aint airgid le n-a leithéid nuair ná beadh leanbhaís Gaedhealacha ann chuige. Labhraid muinntir na gceanntar úd an Ghaedhilg le chéile acht drabhfuigheal droich-Bhéarla is eadh labhraid le n-a gcloinn. Ar b'fhiú dhúinn Sgoil Ghaedhealach a chur ar bun nuair ná beadh leanbhaí Gaedhealacha ann 'n-a comhair? Nach dona an cás ag Éirinn bhoicht agus ag teangain na nÉireann é, a rádh go bhfuil an fhaillighe mhí-náireach so i dtaobh na Gaedhilge ar siubhal gach lá ins na ceanntair is Gaedh- ealaighe i nÉireann, & ná deintear iarracht ar stad a chur léi? Agus cia atá ag déanamh na faillighe seo? Cia fé ndearra é? Ní hé Seaghan Buidhe ná Riaghaltas Shasana fé ndearra é ar éan-chuma. Is greannmhar & is uathbhásach an sgéal é. Labhrann an Franncach & an Spáinneach & an Gearmánach a dteanga féin le n-a gcloinn. Acht féach ar an nGaedheal mí-áidh. Labharfaidh sé a teanga dhúthchais le n-a chomh-aois d'fhear, acht cad do labharfaidh sé le n-a chloinn? Drabhfuigheal ní fhéadfaimís teanga fhoghanta ná teanga nádurtha a tabhairt air. Agus an leanbh ná beidh ar a theangain aige acht “Tiss, a laogh” agus “Neó, a laogh” an dóigh le héinne gurab é an earradh cheart é chum Sgoil Ghaedhealach a chur ar bun 'n-a chomhair? Is fada an bóthar atá romhainn fós, & go deimhin níor bh'éan-bhréag a rádh gurab iad ár muinntir féin is mó atá 'gár gcosg. Má theastuigheann uainn teanga ár dtíre a shábháil & a chur fé réim arís, caithfam ár gcasóga bhaint dínn & luighe chun oibre i ndáiríribh. Ná tuigeadh muinntir na Gaedhilge gur tré dhroch- chroidhe adubhramair an méid úd thuas. Níor bh'eadh i n-éan-chor. Ag an nduine féin is fearr fhios cá luigheann an bhróg air. Acht táimíd ag obair anois le deich mbliadhna, & cia adéaraidh go bhfuil a gcion féin de'n obair déanta ag na ceanntair Gaedhealacha, an cion badh chóir dhóibh a bheith déanta aca?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services