An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 29, 1903.
Na Ceanntair Ghaedhealacha
Tá a lán cainnte á dhéanamh le tamall mar
gheall ar na ceanntair Ghaedhealacha. Tá
gach éinne ag cur síos ar an mhuinntir go
bhfuil an Ghaedhilg aca ó thúis. Go deimhin is
dóigh linn féin gur mithid trácht ortha, agus
comhairle a tabhairt dóibh & b'fhéidir gabháil de
bhata ortha leis, nó d'fhanfaidís 'n-a gcodladh
go bráth.
Deir na hughdair go léir, & admhuigheann an
saoghal go bhfuil an ceart aca, gur beag an
chabhair dúinn bheith ag iarraidh an Ghaedhilg a
leathadh mara mbeidh na ceanntair Ghaedhealacha
— na háiteanna 'n-a bhfuil an Ghaedhilg á
labhairt i gcomhnuidhe — linn san gcúis. Do
theipfeadh ar a dtiocfaidh 's a dtáinig mara
mbeadh dream ann do thaithigh í mar ghnáth-
chainnt. Agus má's dream neamh-spleádhach
seasmhach iad súd, leathfaidh a gcainnt mór-
thimcheall na tíre as a gustal agus as a
maitheasaí féin.
Is mithid innsint do na ceanntair seo go
bhfuilimíd ag brath ortha chum Éire a dhéanamh
Gaedhealach arís, gur chucha atá Éire agus
muinntir na hÉireann ag féachaint chum an
Ghaedhilg a leathadh arís ar fuid na dúithche, &
má theipfidh soin ortha go mbeidh deireadh le
réim na nGaedheal go bráth na breithe.
Fiafruighmís dínn féin an bhfuil a gcion
féin — an cion is mó & is tairbhighe — dá dhéanamh
ag na ceanntair Ghaedhealacha? Cuiridís
muinntir na gceanntair nGaedhealach, Éire-
annaigh & Gaedhil na gceanntair úd, an cheist
chéadna chúcha féin. Tá beartanna maithe le
fagháil anois ins gach éan-áit ar fuid na tíre
chum Gaedhilg a mhúineadh. Cá bhfuil na
buachaillí óga & na cailíní óga ó sna ceann-
tair Ghaedhealacha a bheadh ábalta ar na beart-
anna so a ghabháil ar láimh? Nílid ann, mar bhí
na ceanntair úd 'n-a gcodladh go dtí seo; &
is ró-bhaoghalach linn go bhfuilid 'n-a gcodladh
fós.
Is fada atáimíd ag trácht thar sgoileanna
Gaedhealacha a chur ar bun i gceanntair Gaedh-
ealacha. Badh bheag an mhaith bheith ag cailleamh-
aint airgid le n-a leithéid nuair ná beadh
leanbhaís Gaedhealacha ann chuige. Labhraid
muinntir na gceanntar úd an Ghaedhilg le
chéile acht drabhfuigheal droich-Bhéarla is eadh
labhraid le n-a gcloinn. Ar b'fhiú dhúinn
Sgoil Ghaedhealach a chur ar bun nuair ná beadh
leanbhaí Gaedhealacha ann 'n-a comhair?
Nach dona an cás ag Éirinn bhoicht agus ag
teangain na nÉireann é, a rádh go bhfuil an
fhaillighe mhí-náireach so i dtaobh na Gaedhilge
ar siubhal gach lá ins na ceanntair is Gaedh-
ealaighe i nÉireann, & ná deintear iarracht ar
stad a chur léi? Agus cia atá ag déanamh
na faillighe seo? Cia fé ndearra é? Ní hé
Seaghan Buidhe ná Riaghaltas Shasana fé
ndearra é ar éan-chuma. Is greannmhar &
is uathbhásach an sgéal é. Labhrann an Franncach
& an Spáinneach & an Gearmánach a dteanga
féin le n-a gcloinn. Acht féach ar an
nGaedheal mí-áidh. Labharfaidh sé a teanga
dhúthchais le n-a chomh-aois d'fhear, acht cad do
labharfaidh sé le n-a chloinn? Drabhfuigheal
ní fhéadfaimís teanga fhoghanta ná teanga
nádurtha a tabhairt air. Agus an leanbh ná
beidh ar a theangain aige acht “Tiss, a laogh”
agus “Neó, a laogh” an dóigh le héinne gurab
é an earradh cheart é chum Sgoil Ghaedhealach a
chur ar bun 'n-a chomhair?
Is fada an bóthar atá romhainn fós, & go
deimhin níor bh'éan-bhréag a rádh gurab iad ár
muinntir féin is mó atá 'gár gcosg. Má
theastuigheann uainn teanga ár dtíre a shábháil
& a chur fé réim arís, caithfam ár gcasóga
bhaint dínn & luighe chun oibre i ndáiríribh. Ná
tuigeadh muinntir na Gaedhilge gur tré dhroch-
chroidhe adubhramair an méid úd thuas. Níor
bh'eadh i n-éan-chor. Ag an nduine féin is
fearr fhios cá luigheann an bhróg air. Acht
táimíd ag obair anois le deich mbliadhna, &
cia adéaraidh go bhfuil a gcion féin de'n
obair déanta ag na ceanntair Gaedhealacha,
an cion badh chóir dhóibh a bheith déanta aca?