Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Sean-Nós - Cuir amach é.
Title
An Sean-Nós - Cuir amach é.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Claidheamh Soluis Áth-Cliath, Lughnasa 22, 1903. An Sean-Nós — Cuir amach é. Sé an sean-nós so an gnás do tháinig anuas chugainn le linn an Bhéarla do bheith i n-éinfheacht i nÉirinn. Ní dochar breathnughadh air anois, rud beag, nó go bhfeicimid goibé an chaoi an féidir a leigheas. Níl duine anois i n-aois fearachta nár bh'é an gnás nuair a bhí sé ag éirghe suas go raibh meas ar fhoirinn an Bhéarla, & droch-mheas ar an gcuid eile. Bhí cead ag an nGaedheal maireachtáil, dhá n-admhuigheadh sé nár Ghaedheal é acht Gall, acht dá mbeadh i ndán & nár bh'éidir athrughadh do chur air, ná Gall a dhéanamh dhe, ní raibh aon fhiunntas ná aon tuisgint ann, ní raibh air acht meas madaidh, “ní raibh neart aige a shrón a shéideadh,” mar deir an t-amhrán. Mhair an spioraid sin go láidir 'n-ár measg, agus is caillte tuatach úiríseall an chuma do chuir sí ar an té tháinig fá n-a meirse — mar bhí daoine ann nár umhluigh dhi, nó fuair deis le éirghe i n-a mullach. D'fháguigh sí gan misneach, gan muinnighin sinn, go síorruidhe ag dearchadh suas, suas, suas, ar an té do chuir é féin os ar gcionn, acht do bhí fúinn, dá mbeadh ceart le fágháil. Ba hí an bharamhail í ó thaobh go taobh de'n oileán nach raibh an Gaedheal chomh maith leis an nGall. Níor sheas éinne, muna raibh corr-dhuine ann, i n-aghaidh na baramhla soin; agus an méid gur leag an Gaedheal a theanga i leath-taobh & gur thréig & gur chéil & gur shéan sé a Ghaedhealtacht, bhí an baramhail ceart fírinneach. Ba hé cóir Dé é — tús an breithe ag Dia — ní raibh ann acht díoghaltas. Gabhaidh daoine eile leithsgéal na nGaedheal ag rádh go dtáinig an criothnughadh & an eagla do bhí ar na daoinibh i gcoitchinne anuas chugainn le cuimhne ar sinnsear, & gur orainn atá an t-ádh nach rabhamar beó le linn na peannaide móire do bhí mar dhlighe ar ár n-aithreachaibh. Acht bhíodh sin mar atá, sé is mithid dúinn ar súile osgailt, breathnughadh i n-ár dtimcheall na nósa gallda a cháineadh & na nósa Gaedheal- acha do mholadh & a chur ar siubhal arís. Tá lucht na bpáipéar nuaidheacht ag cárnadh an ghalldachais orainn fós & gan focal asainn fá dtaoibh de; tá páisdí ag fás suas i gceann- tair Ghaedhealacha & gan iad ag foghluim focal acht teanga na nGall, ná gan aon spioraid dhá chur ionnta acht an úirisleacht & an tuataighil; & níl smid asainn fá dtaoibh de; tá cumannacha & boird poiblidhe ag cur neamh- shuim san teangaidh i n-áit a bhféadaidís lámh chonganta thabhairt di, & an áit ar bh'fhiunntaighe & ar bh'fhearamhla dhóibh seasamh ar a son féin & ar son a gcinidh. Tá a lán de'n spioraid seo fós ionainn, acht, ar a shon sin, tá cuid mhaith dhe imthighthe. Tá an tuisgint ag teacht ar ais go mall fadálach, acht dá dtuigeadh an Gaedheal cár cheart do bheith & cé an deis badh chóir a bheith air, ní bheadh aon chall a bhrostughadh. Is cruadhógach an dream iad, sgrúduightheóirí ticéad na dtramann i mBaile Átha Cliath. Bhí fear acht i n-a sheasamh ar an mbóthar an lá cheana agus an dara leabhar Gaedhilge osgailte aige. Bíodh misneach agat, seas ar son do theangan & seasfaidh sise ar do shon-sa, bíodh muinighin agat asat féin i n-aice chongnamh Dé, & an spioraid nár fhéad do shinnsear do chur fá chois le fóir-éigéan, le faobhar claidhimh ná le hór, ní choinnéoghaidh sé síos anois thú le plámás, le leisge, ná le faillighe. An splannc a lastar leis an teangaidh ní múchtar é chomh fada & is beó an teanga.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services