An Claidheamh Soluis
Áth-Cliath, Lughnasa 22, 1903.
An Sean-Nós — Cuir amach é.
Sé an sean-nós so an gnás do tháinig anuas
chugainn le linn an Bhéarla do bheith
i n-éinfheacht i nÉirinn. Ní dochar breathnughadh
air anois, rud beag, nó go bhfeicimid goibé
an chaoi an féidir a leigheas.
Níl duine anois i n-aois fearachta nár bh'é
an gnás nuair a bhí sé ag éirghe suas go raibh
meas ar fhoirinn an Bhéarla, & droch-mheas
ar an gcuid eile. Bhí cead ag an nGaedheal
maireachtáil, dhá n-admhuigheadh sé nár Ghaedheal
é acht Gall, acht dá mbeadh i ndán & nár
bh'éidir athrughadh do chur air, ná Gall a
dhéanamh dhe, ní raibh aon fhiunntas ná aon
tuisgint ann, ní raibh air acht meas madaidh,
“ní raibh neart aige a shrón a shéideadh,”
mar deir an t-amhrán. Mhair an spioraid
sin go láidir 'n-ár measg, agus is caillte
tuatach úiríseall an chuma do chuir sí ar an té
tháinig fá n-a meirse — mar bhí daoine ann nár
umhluigh dhi, nó fuair deis le éirghe i n-a
mullach. D'fháguigh sí gan misneach, gan
muinnighin sinn, go síorruidhe ag dearchadh suas,
suas, suas, ar an té do chuir é féin os ar
gcionn, acht do bhí fúinn, dá mbeadh ceart le
fágháil. Ba hí an bharamhail í ó thaobh go taobh
de'n oileán nach raibh an Gaedheal chomh maith
leis an nGall. Níor sheas éinne, muna raibh
corr-dhuine ann, i n-aghaidh na baramhla soin;
agus an méid gur leag an Gaedheal a theanga
i leath-taobh & gur thréig & gur chéil & gur
shéan sé a Ghaedhealtacht, bhí an baramhail ceart
fírinneach. Ba hé cóir Dé é — tús an breithe
ag Dia — ní raibh ann acht díoghaltas.
Gabhaidh daoine eile leithsgéal na nGaedheal
ag rádh go dtáinig an criothnughadh & an eagla
do bhí ar na daoinibh i gcoitchinne anuas
chugainn le cuimhne ar sinnsear, & gur orainn
atá an t-ádh nach rabhamar beó le linn na
peannaide móire do bhí mar dhlighe ar ár
n-aithreachaibh.
Acht bhíodh sin mar atá, sé is mithid dúinn ar
súile osgailt, breathnughadh i n-ár dtimcheall
na nósa gallda a cháineadh & na nósa Gaedheal-
acha do mholadh & a chur ar siubhal arís. Tá
lucht na bpáipéar nuaidheacht ag cárnadh an
ghalldachais orainn fós & gan focal asainn fá
dtaoibh de; tá páisdí ag fás suas i gceann-
tair Ghaedhealacha & gan iad ag foghluim focal
acht teanga na nGall, ná gan aon spioraid
dhá chur ionnta acht an úirisleacht & an
tuataighil; & níl smid asainn fá dtaoibh de; tá
cumannacha & boird poiblidhe ag cur neamh-
shuim san teangaidh i n-áit a bhféadaidís lámh
chonganta thabhairt di, & an áit ar bh'fhiunntaighe
& ar bh'fhearamhla dhóibh seasamh ar a son féin
& ar son a gcinidh.
Tá a lán de'n spioraid seo fós ionainn,
acht, ar a shon sin, tá cuid mhaith dhe imthighthe.
Tá an tuisgint ag teacht ar ais go mall
fadálach, acht dá dtuigeadh an Gaedheal
cár cheart do bheith & cé an deis badh chóir a
bheith air, ní bheadh aon chall a bhrostughadh. Is
cruadhógach an dream iad, sgrúduightheóirí
ticéad na dtramann i mBaile Átha Cliath. Bhí
fear acht i n-a sheasamh ar an mbóthar an lá
cheana agus an dara leabhar Gaedhilge osgailte
aige. Bíodh misneach agat, seas ar son do
theangan & seasfaidh sise ar do shon-sa, bíodh
muinighin agat asat féin i n-aice chongnamh
Dé, & an spioraid nár fhéad do shinnsear do
chur fá chois le fóir-éigéan, le faobhar claidhimh
ná le hór, ní choinnéoghaidh sé síos anois thú
le plámás, le leisge, ná le faillighe. An
splannc a lastar leis an teangaidh ní múchtar
é chomh fada & is beó an teanga.