Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gadaidhe Dubh na Slóna
Title
Gadaidhe Dubh na Slóna
Author(s)
Ó Cianaigh, Brian,
Composition Date
1903
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Gadaidhe Dubh na Slóna (Ceann de shean-sgéaltaibh Dhúin na nGall.) (ar leanamhaint) D'imthigh an bhainrioghan léithi 'bhaile, agus rinne an méid a d'iarr an chailleach uirri. Chuir an rí fá choinne na prionnsaí, agus chruinnigh uaisleacht na tíre go dtí'n chúirt le fáilte 'chur chuca. I ndiaidh am dinnéire chuir an bhainrioghan cuireadh ar an mhac a ba shine cluithche cárdaí 'imirt. Níor chuir an rí suim ar bith sa méid seo, agus shíl na prionnsaí mar 'gcéadna nach raibh ann acht greann. Ní raibh siad i bhfad ag imirt gur bhain an bhainrioghan an cluithche. “Cuir do gheasa,” arsa'n prionnsa. “Fan go fóill,” ar sise, “is maith liom cluithche 'imirt leis an dara fear, ar dtús.” Thoisigh an dara fear ar imirt, agus níor bhfada gur éirigh mar d'éirigh do 'dhear- bhráthair. “B'fhéidir go n-imreóchá thusa cluithche fósda,” ar sise leis an fhear a b'óige. “Ní fearr liom 'mo thost,” arsa'n prionnsa. Thoisigh an imirt, acht má thoisigh, chuaidh an cluithche ar an bhainrioghain an iarracht seo. Thug sí annsin aghaidh ar an dá phrionnsa a d'imir ar dtús, agus dubhairt: “Cuirim-se faoi gheasaibh troma draoidheachta bhur gcinn agus bhur gcosa agus bhur gcoimeád beatha 'bhaint díobh mur dtugaidh sibh chugam an Gearrán Óir atá ag Ridire Glas an Ghleanna sa Domhan Íochtarach.” Ar gcluinstin na focla seo do'n rígh, agus na huaisle 'bhí láthair, líon a gcroidhe suas le buaidhreadh agus iongantas. “'Nois,” ars'n bhainrioghan (ag tabhairt a haghaidh ar an mhac b'óige) “cuir thusa do gheasa, thárla gur bhain tú'n cluithche.” “Tídhim,” arsa 'n prionnsa óg (ag éirghe 'n-a sheasamh), “gur fá choinne deireadh 'chur liom fhéin agus le'm dhearbhráithreacha a thug tú annseo sinn, agus tá tú buadhartha anois gan mise bheith faoi gheasaibh mar iad-san, acht ní fhéadann tú imnidhe ar bith a bheith ort fá sin ná1 an áit a mbéidh siad-san béidh mise, agus an áit a gcaillfear iad-san caillfear mise. Cuirim de bhreitheamhnas ort anois go mbéidh tú 'do shuidhe ar mhullach chaisleáin m'athar gan biadh, gan deoch, go dtigidh sinn-ne ar ais, bíodh sin fada nó goirid.” Nuair a chualaidh an bhainrioghan seo is beag nár thuit sí 'laige, acht bhí na focla ráidhte, agus ní raibh tabhairt ar ais orra. Ar maidin lá thar na bhárach, bhí an bhain- ríoghan 'n-a suidhe ar mhullach an chaisleáin ag éirghe na gréine, agus d'fhág na prionnsaí slán ag n-a n-athair agus shiubhal leó béal a gcinn ag tarraint ar an Domhan Íochtarach. Ní dheachaidh siad an-fhada gur casadh sean- duine orra ar a bhealach. Bheannuigh sé dóibh go carthannach, agus chuir tuairisg orra cá raibh siad ag dul. “Tamuid ag tarraint ar an Domhan Íochtarach,” arsa fear de na prionnsaí, “agus tá sé de gheasaibh orainn an Gearrán Óir atá ag Ridire Glas an Ghleanna a ghoid.” “Is truagh liom bhur gcás,” arsa'n sean- duine, “mar tá 'fhios agam gur cailleadh gach duine dá dtug iarracht ariamh an Gearrán Óir a ghoid. Acht 'thárla gur casadh orm sibh, agus gur truagh liom bhur léithidí a fheiceál ag tarraint ar an bhás, rachaidh mise libh, agus má tá duine ar dhruim an domhain a ghoidfeadh an Gearrán Óir is mise an duine sin.” “Támuid fíor-bhuidheach dhíot,” arsa'n fear ba sine de na prionnsaí, “agus badh mhaith linn fios a bheith againn cia thú féin, nó ar b'fhéidir linn díolaidheacht ar bith a thabhairt duit ar son an charthantais seo.” “Is mise,” arsa'n sean-duine, “Gadaidhe Dubh na Slóna, agus níl a dhíth orm ar son mo sheirbhíse, acht a bheith in bhur gcuideachta.” Thug na prionnsaí sár-bhuidheachas a gcroidhe dhó, agus shiubhail an ceathrar leó go dtáinig siad go dtí'n Domhan Íochtarach. Bhí an ghrian 'n-a luighe nuair a tháinig siad ar amharc chais- leáin an Ridire Ghlais, agus chuaidh siad isteach i sean-mhuilleann a bhí i gcionn amháin de'n ghleann leis an oidhche 'chaitheadh. Ní raibh siad i bhfad sa mhuilleann gur thuit na prionnsaí 'n-a gcodladh. Brian Ó Cianaigh (Ní críoch) 1 as for, in Donegal and North Connacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services